1 / 30

Méabh (buncheisteanna)

Méabh (buncheisteanna). Ardteistiméireacht Ardleibhéil. Inis dom fút féin agus faoi do mhuintir. Is mise Méabh. Táim seacht mbliana déag d’aois.

damian
Download Presentation

Méabh (buncheisteanna)

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Méabh (buncheisteanna) Ardteistiméireacht Ardleibhéil

  2. Inis dom fút féin agus faoi do mhuintir. Is mise Méabh. Táim seacht mbliana déag d’aois. Tá ceathrar deirfiúracha agam. Is í Sarah an deirfiúr is sine. Tá sí dhá bhliain níos sine ná mé agus tá sí ag déanamh staidéir ar an leigheas san Ollscoil. Is mise an dara duine is sine sa chlann agus tá triúr deirfiúracha níos óige ná mé - Emma agus Kate atá ceithre bliana déag - is cúpla iad siúd agus Hannah an deirfiúr is óige nach bhfuil ach dhá bhliain déag d’aois.

  3. Bheul, tá Daid ina dhlíodóir. Bíonn sé ag obair mar aturnae amuigh i nDroim Conrach. Tá cleachtadh mór aige ansin. Tá mo mham ag obair mar dhochtúir agus tá cleachtadh ginearálta aici i nDomhnach Broc. Agus cad a dhéanann do dhaid agus do mham?

  4. Cad ba mhaith leat féin a dhéanamh mar ghairmbheatha? Le cúpla bliain anuas bhí mé ag smaoineamh ar obair mar bhanaltra. Tá sé éirithe ina uaillmhian mhór agam anois. Theastaigh uaim bheith i mo dhochtúir ach measaim go mbeadh na pointí ró-ard.

  5. Cén fáth go dteastaíonn uait bheith i do bhanaltra? oilithrigh Oilithreacht go dtí Lourdes An bhliain seo caite bhí mé i Lourdes le cúpla duine eile as mo scoil. Bhí mé ag cabhrú leis na daoine breoite a tháinig ar lorg leighis agus caithfidh mé a rá gur thaitin an obair sin go mór liom.

  6. Cén fáth go dteastaíonn uait bheith i do bhanaltra? Ba mhór an deis a bhí ann i ndáiríre mar bhí agallamh le déanamh agam le lucht eagraíochta an tionscnaimh agus roghnaigh siad mise agus ceathrar eile as ár scoil. Bhí áthas an domhain orm nuair a dúirt siad liom go raibh mé ag dul.

  7. Cad iad na tréithe cuí a bhíonn ag teastáil do phost mar seo? Ní mór duit foighne a bheith agat mar bíonn na daoine sean, tinn nó imníoch agus ar uaire i bpian go mór. Ach is álainn an rud é nuair is féidir leat cabhrú le daoine breoite.

  8. An bhfuil aon tréithe pearsanta eile tábhachtach don obair, dar leatsa? Ceapaim go mba chóir go mbeadh an duine slachtmhar agus cúramach. Má bhíonn tú ag tabhairt piollairí nó leighis amach, is féidir dochar mór a dhéanamh mura mbíonn tú airdeallach cruinn.

  9. …aon rud eile? Agus tá sé ríthábhachtach freisin go mbíonn altra cineálta croíúil. Cuidíonn an gáire geal agus meon cairdiúil dearfa go mór le duine ar bith a bheadh in ísle brí.

  10. Cad iad na hábhair a dhéanann tú? Déanaim ocht n-ábhar. Is iad: Mata, Gaeilge, Béarla, Staidéar Gnó, Stair, Ceol, Fraincis agus Bitheolaíocht.

  11. Cad é an t-ábhar is fearr leat agus cén fáth? An stair gan an dara smaoineamh a dhéanamh air! Mar bíonn an tUasal Fionn ag múineadh na staire agus bíonn sé go han-suimiúil ar fad.

  12. Cén chuid den chúrsa sa stair is fearr leat? Is fearr liomsa an Dara Cogadh Domhanda. Rinne mé staidéar grinn ar an aimsir sin. Tá a lán ceachtanna le foghlaim ón choimhlint uafásach sin, dar liomsa. Fuair na milliúin daoine bochta bás, na Giúdaigh ach go háirithe, in aireagail gháis na Naitsithe agus níl amhras ar bith ormsa ach gur athraigh sin rud éigin i gcúrsaí polaitíochta agus i dtuiscint mhuintir na hEorpa ar fad.

  13. Ach nár tharla rudaí uafásacha tar éis an Dara Cogadh Domhanda freisin? Tharla. Nílim a rá nár tharla uafáis ná cinedhíothú (genocide) ar bith tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Ó shin i leith bhí a lán uafás fiú san Eoraip ach tá an tUileloscadh (Holocaust) difriúil sa tslí is go raibh náisiúin uile na hEorpa faoin am sin sásta féachaint sa treo eile nuair ba léir go raibh na milliúin á márú ag Hitler ina shluachampaí báis. Ní bheadh aon náisiún Eorpach inniu sásta é sin a ligean gan iarracht éigin a dhéanamh lena stopadh. Cinnte, tá ceacht foghlamtha againn, dar liomsa.

  14. Tá mé i mo chaptaen ar an dara foireann haca sa scoil. An bhfuil suim agat sa spórt? Tá. Tá suim mhór agam sa spórt. Imrím haca agus cispheil ar scoil.

  15. Bhí díomá agus brón orainne go léir! Ar bhuaigh sibh aon chluiche? D’éirigh linn dul chomh fada leis an chluiche leathcheannais ach díreach ag deireadh an chluiche goideadh an bua uainn. Ní gá dom a rá cé chomh mór an díomá a bhí ar gach duine.

  16. Inis dom beagáinín faoi do scoil? Mar a fheiceann tú tá scoil nua álainn againn in ionad na seanscoile. Bhí an tseanscoil, gan aon áibhéil ná bréag a rá, ag titim as a chéile.

  17. Inis dom beagáinín faoi do scoil? Déanann na seomraí nua difríocht mhór dúinne. Bíonn sé i bhfad Éireann níos éasca obair a dhéanamh i seomraí fairsinge. Agus tá na háiseanna nua go hiontach freisin... Tá halla spóirt nua againn agus tá an leabharlann nua go seoigh ar fad. Tá brón orm go bhfuilim ag fágáil… arae ní fíor sin. Tá áthas orm go bhfuil caibidil nua i mo shaol chun tosú anois.

  18. Inis dom beagáinín faoi do scoil? Déanann na seomraí nua difríocht mhór dúinne. Bíonn sé i bhfad Éireann níos éasca obair a dhéanamh i seomraí fairsinge. Agus tá na háiseanna nua anseo go hiontach freisin... Tá halla spóirt nua againn agus tá an leabharlann nua go seoigh ar fad. Tá brón orm go bhfuilim ag fágáil… arae ní fíor sin. Tá áthas orm go bhfuil caibidil nua i mo shaol chun tosú anois.

  19. An dtaitníonn an scoil leat? Taitníonn an scoil go mór liom. Tá an príomhoide go hiontach. Tuigeann sí na daltaí agus cé nach maith léi amaidí ar bith, bíonn sí i gcónaí oscailte cairdiúil linn go léir. Tá na múinteoirí go caoin deas linn freisin ach is é an tUasal Barry Fionn, an múinteoir staire, an múinteoir is ansa liom.

  20. A Mhéabh, cad iad na cáilíochtaí a bhíonn le sonrú i múinteoir maith, dar leatsa? Bheul, ní mór di nó dó bheith cineálta agus oscailte ach ag an am céanna gan bheith ró-bhog. Is féidir le múinteoir maith rudaí deacra a mhíniú go héasca mar a dhéanann an tUasal Fionn sa stair. Ach an rud is tábhachtaí dar liomsa ná cumas a bheith ag an múinteoir suim san ábhar a spreagadh sna daltaí. Tá an múinteoir Fraincise, Bean Kilfeather ábalta é sin a dhéanamh gan dua.

  21. Inis dom faoin chara is fearr atá agat? Is í sin Clare. Níl aon chur síos ar Chlare. Is cara den scoth í. Tá sí saghas as a meabhair gan amhras ar bith ach… is mór an spórt i gcónaí í. Tá seanaithne agam ar Chlare mar bhuaileamar lena chéile den chéad uair nuair a bhíomar sa bhunscoil. Tá Clare beagnach flúirseach sa Ghaeilge mar sin uaireanta bíonn muid ag caint lena chéile as Gaeilge. Cuidíonn sí go mór liom.

  22. San Fhrainc Tá acmhainn grinn as an ghnáth ag Clare agus nuair a bhí muid san Fhrainc an bhliain seo caite ag iarraidh feabhas a chur ar ár gcuid Fraincise. Bhí an chraic go hiontach ar fad! Cé nár fhoghlaim muid mórán Fraincise nuair a bhí muid ann, ní dóigh liom gur chaith mise saoire níos fearr riamh i mo shaol le haon duine eile.

  23. An ndeachaigh tú áit ar bith thar lear i mbliana? Chuaigh mé féin agus mo theaghlach go dtí an Róimh. B’in an chéad uair domsa. Chonaic mé an Vatacáin ach níor éirigh liom, faraor, an Pápa a fheiceáil. Bhí brón orm faoi sin. Cathair na Vatacáine An Pápa

  24. Cad a chonaic tú sa Róimh? Chonaic mé na radhairc uile. Tá a lán áiteanna deasa le feiceáil sa Róimh. Ar theacht dúinne chun na Róimhe, an chéad rud a rinneamar ná béile a ithe i mbialann in aice leis an Scairdeán Trevi. Bhí sé an-daor san áit sin ó bhí sé in aice leis an scairdeán Trevi is dócha…. Agus bíonn a lán turasóirí ag tuairteáil thart (milling around)ansin.

  25. Cén radharc a rinne an t-imprisean is mó ort? O! ba é an Collosium gan aon dabht! An áit ina mbíodh na cluichí Rómhánacha ar siúl san am fadó. Caithfidh mé a rá go ndeachaigh an Collosium go mór i bhfeidhm orm. Bhí sé thar barr ar fad!

  26. An raibh treoraí agaibh le bhur dtabhairt timpeall? Bhí. Thug treoraí sinn timpeall agus d’fhoghlaim muid a lán rudaí suimiúla uaidh. Gliaire Thaispeáin sé dúinn na seomraí ina mbeadh na hainmhithe allta agus na gliairí (gladiators) roimh imeacht dóibh suas go dtí na cluichí marfacha.

  27. Cad a dhéanann tú mar chaitheamh aimsire? Is breá liom an spórt agus is aoibhinn liom dul amach ó am go chéile le mo chairde go dtí scannán nua. Chonaic mé an scannán bunaithe ar leabhar de chuid Cecelia Ahern agus bhí sé ar fheabhas! P.S. Tá grá agam ort!

  28. An dtaitníonn leabhair Cecelia leat? Caithfidh mé a rá nach maith liom a cuid leabhar mar bíonn siad ró-éadrom domsa. Is fearr liomsa leabhar bleachtaireachta nó leabhar a bhaineann le téamaí síceolaíochta. Ach níl dabht ar bith ach gur scríbhneoir nua den scoth í Cecelia agus go dtaitníonn a cuid leabhar lena lán daoine idir óg agus aosta, anseo in Éirinn agus thar lear. Tá éacht déanta aici cheana féin!

  29. Cad eile a dhéanann tú mar chaitheamh aimsire. Bheul, déanta na fírinne, ní bhíonn mórán ama le cois agam na laethanta seo, mar a thuigeann tú féin. Ach tá a lán cairde agam agus iad go léir ag teannadh ar a hocht déag. Dá bhrí sin bhí a lán cóisirí ar siúl le linn na bliana seo mar tuigeann gach duine gur breithlá an-tábhachtach é agus nach mór é a cheiliúradh mar is ceart.

  30. Críoch

More Related