1 / 13

Naomh Pádraig

Naomh Pádraig. Rugadh Naomh Pádraig sa Bhreatain sa bhliain 387. Is é Succat an t-ainm a thug a thuismitheoirí air. Ríthe cúige agus taoisigh áitiúla a bhí i gceannas ar Éirinn. Ba thír phágánach í Éire le féilte agus fleánna págánacha. D’ofráladh daoine íobairtí do dhéithe págánacha.

Download Presentation

Naomh Pádraig

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Naomh Pádraig

  2. Rugadh Naomh Pádraig sa Bhreatain sa bhliain 387. • Is é Succat an t-ainm a thug a thuismitheoirí air. • Ríthe cúige agus taoisigh áitiúla a bhí i gceannas ar Éirinn. Ba thír phágánach í Éire le féilte agus fleánna págánacha. D’ofráladh daoine íobairtí do dhéithe págánacha.

  3. PÁDRAIG INA SCLÁBHAÍ • Théadh creachairí Éireannacha go dtí an Bhreatain chun buachaillí óga a ghabháil mar sclábhaithe. • Gabhadh Pádraig nuair a bhí sé 16 bliana d’aois. • Díoladh Pádraig le Milchú, taoiseach as Co. Aontroma, agus cuireadh ag aoireacht caoireach é ar Shliabh Mis.

  4. CASANN PÁDRAIG • I DTREO DÉ • Bhí Pádraig ina sclábhaí ar feadh 6 bliana.Caitheadh go dona le Pádraig i rith an ama sin agus thosaigh sé ag cur a mhuiníne i nDia. Bhíodh sé ag guí go minic. • Oíche amháin bhí brionglóid aige. Chuala sé guth á insint • dó ‘Tá do long faoi réir’. • Chreid Pádraig go raibh • Dia á ghlaoch abhaile.

  5. Chuaigh sé ar long chun na Breataine. • Níor tháinig deireadh le físeanna Phádraig tar éis dó filleadh abhaile. • Oíche amháin bhí brionglóid an-bheoga aige. Chuala sé na daoine ar chósta thiar na hÉireann ag béicíl air, á rá, ‘Iarraimid ort, a bhuachaill naofa, teacht i leith agus a bheith ag siúl athuair inár measc’.

  6. FILLEANN PÁDRAIG AR ÉIRINN • Seoladh Pádraig ar ais go hÉirinn mar Easpag chun Soiscéal Chríost a thabhairt chuig muintir na hÉireann. • Chuaigh Pádraig ansin go Teamhair, bunáit na ndraoithe págánacha.

  7. SCÉAL NA SEAMRÓIGE Athair Spiorad Naomh Mac • De réir traidisiúin, is ag Teamhair a d’úsáid Pádraig an tseamróg den chéad uair chun an Tríonóid (an tAthair, an Mac agus an Spiorad Naomh) a mhíniú. • Is siombail ar Éirinn í an • tseamróg fós, go mór mór ar Lá • Fhéile Pádraig.

  8. CRUACH PHÁDRAIG • Thart faoin mbliain 441, chaith Pádraig 40 lá leis féin ar shliabh carraigeach gaofar i gCo. Mhaigh Eo agus é ag guí agus ina throscadh ar son mhuintir na hÉireann. • Tugtar Cruach Phádraig ar an sliabh sin. • Tugtar ‘Domhnach na Cruaiche’ ar an oilithreacht bhliantúil go Cruach Phádraig, ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil.

  9. LOCH DEARG • Chaith Pádraig roinnt laethanta i bpluais ar oileán ar Loch Dearg, Co. Dhún na nGall. • Sa lá atá inniu ann, téann a lán daoine go dtí Loch Dearg gach samhradh le haghaidh deireadh seachtaine urnaí agus troscaidh.

  10. TOIBREACHA PHÁDRAIG • Chomh maith le bheith ag seanmóireacht, rinne Pádraig a lán míorúiltí agus tá a ainm ar a lán toibreacha naofa in Éirinn.

  11. UAIGH PHÁDRAIG • Fuair Naomh Pádraig bás i gCo. an Dúin an 17 Márta 461. • Ba san áit sin a thóg sé a chéad séipéal. • Tá Naomh Pádraig curtha i reilig in aice le hArdeaglais Dhún Pádraig i gCo. an Dúin.

  12. GNÍOMHAÍOCHTAÍ 2. 1. Gheobhaidh tú na pictiúir ó na naisc thíos. 3. 1. http://www.doyle.com.au/images/stpatr_1.jpg 2. http://www.scrantonlabel.com/newsnotes/Small_icons/Shamrock.jpg 3. http://www.thecolor.com/Coloring/St%20Patrick.aspx

  13. CUIR TRIAIL ORT FÉIN • Cén bhliain ar rugadh Naomh Pádraig? • Cén áit ar rugadh Naomh Pádraig? • Cén t-ainm a thug a thuismitheoirí ar Phádraig? • Cén aois a bhí ag Pádraig nuair a gabhadh é? • Cén sórt oibre a bhí ag Naomh Pádraig? • Cén sliabh ar a mbíodh Pádraig ag obair? • Cá fhad a bhí Naomh Pádraig ina sclábhaí? • D’iarr Dia ar Phádraig filleadh abhaile. Cén chaoi • ar thug Dia an teachtaireacht sin dó? • Bhain Pádraig úsáid as an tseamróg chun rud • áirithe a mhíniú. Cén rud é sin? • 10. Chaith Pádraig 40 lá ag guí agus ina throscadh • ar shliabh. Cén t-ainm atá ar an sliabh sin? • 11. Cén áit a bhfuair Naomh Pádraig bás? • Agus cathain?

More Related