E N D
Laochra Stairiúla Rugadh Edward Jenner i 1749. Nuair a bhí sé óg thaitin eolaíocht agus an dúlra le Edward agus chaith sé go leor ama ar bhruach Abhainn Severn ag lorg iontaisí. I 1770, agus é aon bhliain is fiche d'aois, chuaigh sé go Londain chun staidéar a dhéanamh le bheith ina dhochtúir. Dhá bhliain níos déanaí, thosaigh Edward ag obair mar dhochtúir ina bhaile dúchais: Berkeley, i Gloucestershire.
Stairiúla Laochra Ag an am seo, bhí scanradh ar dhaoine roimh ghalar uafásach: bolgach Dé. Fágadh daoine a tholg an galar seo le coilm dhona, agus uaireanta fuair siad bás! D'éist an dochtúir Edward Jenner leis an méid a bhí á rá ag daoine faoin tuath faoi bholgach bó. Chreid siad nach dtolgfadh duine a tholg ionfhabhtú éadrom eile, ar ar tugadh bolgach bó, óna mba, an galar i bhfad níos tromchúisí, bolgach Dé.
Laochra Stairiúla • Shocraigh Jenner turgnamh a dhéanamh chun a fháil amach an raibh an ceart ag na daoine. I 1796,tháinig cailín bainne darbh ainm di Sarah Nelmes chuig Jenner ag gearán go raibh gríosóg bholgaí bó ar a lámh aici. Thóg Jenner roinnt den bhrach ón ngríosóg bholgaí bó a bhí ar lámh Sarah. Scríob sé roinnt den bhrach isteach i lámh buachaill 8 mbliana d'aois darbh ainm dó James Phipps, mac a gharraíodóra. Tholg James bolgach bó agus bhí sé tinn ar feadh tamaill ach tháinig sé chuige féin go tapa.
Laochra Stairiúla Ansin thóg Jenner roinnt bracha ó dhuine a raibh an galar dainséarach, bolgach Dé air agus scríob sé isteach i lámh James é. D'fhorbair James gearb ach níor tholg sé bolgach Dé. Bhí Jenner i gceart. Tugadh vacsaíniú ar fhionnachtain Jenner, ainm a bhí bunaithe ar an bhfocal Laidine ar bhó: vacca. Ansin rinne Jenner na leanaí áitiúla uile a vacsaíniú le bolgach bó chun nach dtolgfaidís bolgach Dé, an galar níos dainséaraí.