1 / 10

Póstaí Réamhphlé 1

Beidh tú ag léamh ailt faoi nósanna a bhaineann le pósadh in Uganda. Bí ag obair leis an duine in aice leat agus déanaigí iarracht buille faoi thuairim a thabhairt faoi ábhar an ailt. Féachaigí ar an gceannlíne, ar an bpictiúr agus ar an stór focal thíos chun cabhrú libh. Póstaí Réamhphlé 1.

gino
Download Presentation

Póstaí Réamhphlé 1

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Beidh tú ag léamh ailt faoi nósanna a bhaineann le pósadh in Uganda. Bí ag obair leis an duine in aice leat agus déanaigí iarracht buille faoi thuairim a thabhairt faoi ábhar an ailt. Féachaigí ar an gceannlíne, ar an bpictiúr agus ar an stór focal thíos chun cabhrú libh. Póstaí Réamhphlé 1 Pósadh, cibé súisín a íocfaidh as! Comhghairdeas á dhéanamh le bean le linn a bainise in Katine. Grianghraf: Dan Chung Stór focal: spré eagraíocht neamhrialtasach díscaoileadh díchumhachtú tráchtearraí

  2. Ag obair leis an duine in aice leat fós, léigí na fíricí faoi Uganda. An gceapann tú go bhfuil siad fíor nó bréagach, cén fáth a gceapann sibh amhlaidh? • Tá an Béarla ar cheann de na teangacha oifigiúla sa tír. • Bhain siad neamhspleáchas amach sa bhliain 1921. • Tiomáineann muintir Uganda ar dheis. • Maraíodh 300,000 duine le linn dheachtóireacht Idi Amin. • Tá Uganda ar cheann de na tíortha is boichte ar an domhan. • Caitheann mná 15 uair an chloig ag obair gach lá. • Caitheann fir 18 uair an chloig ag obair gach lá. • Ní chaitheann na fir an méid céanna ama ar an scoil le mná. Póstaí Réamhphlé 2

  3. Tá an t-alt bunaithe ar alt ón Guardian. Is bainisteoir faisnéise agus cumarsáide í Evelyn Schiller leis an eagraíocht neamhrialtasach Mifumi in Uganda. Fágtar mná in Uganda gan mhaoin, gan chumhacht agus gan neamhspleáchas nuair a phósann siad de bharr an nóis atá sa tír iad a dhíol leis an teaghlach céile roimh an phósadh. Is ionann iad agus tráchtearraí ag deireadh an lae. Is gnás seanbhunaithe é maoin a thabhairt do theaghlach na mná sula bpósann sí agus nós a chleachtann an-chuid pobal in Uganda agus ar fud na hAfraice. Tháinig an gnás chun cinn an chéad lá riamh le grá na beirte a cheiliúradh agus an dá theaghlach a thabhairt le chéile. Is é an coincheap céanna é le spré a thabhairt ach a mhalairt atá ann mar tugtar an t-airgead do theaghlach na mná atá le pósadh agus ní do theaghlach an fhir atá le pósadh. Fadó, thugtaí an bronntanas do theaghlach na brídeoige le háthas faoin chleamhnas a léiriú. Thugtaí é go flaithiúil agus ní bhíodh teaghlach na brídeoige ag súil le mórán. Ní raibh i gceist leis an bhronntanas ach comhartha cairdis agus muintearais. Póstaí Léamh 1

  4. Ní hionann an scéal sa lá atá inniu ann áfach. Ní thugtar an t-ainm ‘bronntanas brídeoige’ ar a leithéid a thuilleadh ach ‘luach brídeoige’, luach a éilíonn teaghlach na brídeoige ar an teaghlach nua céile agus bíonn géarthrádáil ar bun acu. Is ionann na hiníonacha agus tráchtearraí i ndáiríre agus is minic iad níos luachmhara ná tuarastal an teaghlaigh. Éilíonn na haithreacha agus na deartháireacha gach uile shórt ar an teaghlach céile, ar nós airgid, éadaí, ainmhithe, táillí scoile nó bróga nua fiú – athrú mór ar na málaí prátaí a thugtaí mar bhronntanas fadó. Ní bhíonn baint ar bith ag na mná leis na margaí seo, ní nach ionadh. Ní fhaigheann an mháthair rud ar bith toisc í féin a bheith ceannaithe mar an gcéanna, agus beidh na deirfiúracha eile sa teaghlach á malartú in am tráth, nuair a bhaineann siad dhá nó trí bliana déag d’aois amach. Tá éifeacht thubaisteach ag an chineál trádála seo ar shaol na mban. Bíonn siad mar a bheadh sclábhaithe ann. Maíonn an eagraíocht neamhrialtasach Mifumi, a oibríonn ar son cearta cuí ban agus leanaí, go bhfuil níos mó foréigin teaghlaigh in Uganda anois de thoradh ar an nós seo. Póstaí Léamh 2

  5. Mothaíonn cailíní, de bhrí gur ceannaíodh iad an chéad lá riamh, go gcaithfidh siad cur suas le póstaí polagamacha agus leis an iliomad páistí a bheith acu. Braitheann siad nach mbíonn an dara rogha acu ach gnéas a bheith acu lena bhfir chéile fiú má cheaptar go bhfuil SEIF acu. Tá méadú mór tagtha chomh maith ar líon na bpáistí a phósann, go háirithe in áiteanna ar nós Katine atá in oirthuaisceart Uganda. Baineann na teaghlaigh a gcuid iníonacha amach as an scoil go luath sa dóigh is gur féidir leo pósadh ar mhaithe le cúpla bó nó cúpla mála ríse a ghnóthú – dá óige an cailín a thugtar is ea is airde an praghas a fhaightear. Cé gur chuir an beartas um bunoideachas uilíoch le líon na gcailíní a fhreastalaíonn ar an scoil, is iad na cailíní is mó a fhágann an scoil sula sroicheann siad an mheánscoil. Díolann (nó bíonn siad á dtairiscint le hairgead a shaothrú) a lán tuismitheoirí a n-iníonacha ar an dóigh seo chun go leor airgid a bheith acu a gcuid mac a chur ar scoil agus na táillí a íoc. Go minic fágtar na mná seo gan dóigh, gan dídean nuair a fhaigheann a bhfir chéile bás mar ní féidir leo a n-íoctar faoina gcoinne a aisíoc, is é sin, níl go leor airgid acu nó níl bó ná gabhar acu le díol ar ais lena dteaghlach céile agus tugtar an bóthar dóibh dá bharr. Póstaí Léamh 3

  6. Go minic freisin glacann an deartháir céile an bhean ina sheilbh mar ag deireadh an lae, is leis an teaghlach í an bhean mar gur cheannaigh an teaghlach í. Cé go bhfuil comhchearta do mhná mar choinníoll i mBunreacht Uganda, níl an dlí ag cosaint na gcailíní óga agus bíonn siad á ndíol mar thráchtearraí i gcónaí. Maíonn cúirteanna Uganda nach féidir aon phósadh a dhíscaoileadh go dtí go bhfuil gach cent a íocadh ar son na brídeoige díolta ar ais. Ina lán cásanna, cuirtear i bpríosún iad siúd a dteipeann orthu teaghlach an fhir a aisíoc. Má éalaíonn cailín ó chaidreamh mí-úsáide is amhlaidh a chuirtear a hathair nó a deartháireacha i bpríosún go dtí go n-íoctar an t-airgead. Tá Mifumi ag féachaint le cearta bunreachtúil na mban a chur i bhfeidhm mar is ceart agus tá siad ag iarraidh deireadh a chur le praghsanna na mbrídeog, nó go mbeadh siad rialaithe ar an laghad. Ní haon dóithín é áfach toisc díchumhachtú na mban a bheith mar chuid lárnach den chultúr ach caithfear stop a chur leis. Póstaí Léamh 4

  7. Anois agus an t-alt léite agat freagair na ceisteanna thíos: • Cad atá i gceist le Mifumi? • Cad atá i gceist le ‘luach brídeoige’? • Cén fáth a bhfuil na hiníonacha ar nós tráchtearraí? • Cén fáth a bhfuil ráta foréigin teaghlaigh ag dul in airde in Uganda? • Cé acu a bhfuil an t-oideachas is fearr – cailíní nó buachaillí? Cén fáth? • Cén fáth a bhfuil a lán ban fágtha gan dídean? • Cén seasamh atá ag an rialtas maidir leis an bpósadh in Uganda? • Cad a bhí ag an duine in aice leat? Póstaí Léamhthuiscint 1

  8. Féach ar an alt arís agus aimsigh samplaí de na gnéithe gramadaí seo thíos: • Ainmfhocal firinscneach • Ainmfhocal baininscneach • An tuiseal ginideach uatha (ainmfhocal firinscneach) • An tuiseal ginideach uatha (ainmfhocal baininscneach) • Cad a bhí ag an duine in aice leat? • Pléigh na ceisteanna seo anois leis an duine in aice leat: • An raibh an t-alt suimiúil dar leat, cén fáth? • An raibh an t-alt deacair, dar leat? Cén fáth? • An raibh aon scéal mar sin ar eolas agat sular léigh tú an t-alt? Cad a bhí ann? • Cad a d’fhoghlaim tú ón alt? Póstaí Léamhthuiscint 2

  9. Léigh na seanfhocail faoi phósadh agus faoi chleamhnas leis an duine in aice leat. An dtuigeann sibh iad? Ní haithne go haontíos An chéad bhliain bliain na bpóg, an dara bliain bliain na ndorn. B’fhearr liom bean na bhfiche seift ná bean na bhfiche punt. Is mac do mhac go bpósfaidh sé, ach is iníon d’iníon go deo. Pós bean an ghleanna agus pósfaidh tú an gleann. Níl aon leigheas ar an ngrá ach pósadh Más maith leat do mholadh, faigh bás. Más maith leat do cháineadh, pós. Ní féasta go rósta, 'is ní céasta go pósta. Faigh do bhean i gcóngar, ach i bhfad uait díol do bhó. Póstaí Iarphlé 1

  10. Bí ag obair i ngrúpa: Cad a deir na seanfhocail ar an sleamhnán deireanach faoi chultúr na hÉireann? Bainigí úsáid as na fotheidil seo chun an bplé a dhéanamh: Margadh vs. Grá Stádas na mban Caidrimh idir fir agus mná Pósadh fadó vs. Pósadh inniu (in Éirinn) Cúrsaí eacnamaíochta fadó Greann vs. Searbhas Póstaí Iarphlé 2

More Related