1 / 8

Caidrimh sa scoil Éisteacht

Caidrimh sa scoil Éisteacht. A . Beidh tú ag éisteacht le múinteoir ag labhairt faoi shaol na scoile ina scoil féin. An féidir leat na bearnaí a líonadh sa script ar dtús?

idana
Download Presentation

Caidrimh sa scoil Éisteacht

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Caidrimh sa scoilÉisteacht A. Beidh tú ag éisteacht le múinteoir ag labhairt faoi shaol na scoile ina scoil féin. An féidir leat na bearnaí a líonadh sa script ar dtús? Tá atmaisféar deas __________ sa scoil. Tá na gasúir den chuid is mó, tá siad __________lena chéile. Bíonn siad go maith dá chéile, den chuid is mó. Mar gheall ar na scoileanna beaga tuaithe, bíonn __________ ar a chéile, fiú, bíonn aithne acu ar go leor daoine sa scoil, agus iad ag teacht isteach anseo sa gcéad bhliain. __________ ar chúrsaí peile, cúrsaí rugbaí, bíonn aithne acu ar níos mó b’fhéidir... ar dhaoine as na ceantracha eile timpeall agus mar sin de. Tá caidrimh an-mhaith, den chuid is mó, idir na scoláirí agus na múinteoirí. Bímid ag troid, bíonn __________ anois is arís ach bíonn i gcónaí, i scoil ar bith. Den chuid is mó, bíonn caidreamh dearfach ann idir na scoláirí agus na múinteoirí. Mar gheall ar tríd is tríd an-aithne acu mór achrann ann B. Éist leis an mír anois, an raibh an ceart agat?

  2. Caidrimh sa scoilPlé 1 • An bhfuil caidreamh maith ann idir na daltaí agus na múinteoirí i do scoil féin? An bhfuil aon chur amach agat ar an suíomh idirlín www.ratemyteacher.com? Cad a cheapann tú faoi? Féach ar nóta a scríobh múinteoir ar fhóram: • I have been named on the site as "Mrs *********** *********** Trainee". The two words used are both very rude and offensive. I have emailed the site using their form twice asking them to either take the listing down or change it to my real name. I have had no response and nothing has happened. I have also joined the site as a teacher member in the hope I could flag an "error" with the spelling of my name, and get it changed. The longer the rude listing stays up, the more kids will read it. Also should I want to move jobs, which I probably will in a year or two, I am scared of this listing being found and it being held against me, perhaps not being invited for interview. • Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: • Cad atá ag cur isteach ar an múinteoir? Cén fáth? • Ar scríobh tú féin aon rud dímheasúil faoi mhúinteoir ar shuíomh mar seo? Cén fáth? • An gcuirfeadh a leithéid de dhroch-theachtaireacht faoi mhúinteoir isteach ar na seansanna a bheadh aige post eile a fháil? Cén fáth? • Ar cheart do mhúinteoirí neamhaird a dhéanamh do na suímh seo nó ar cheart dóibh bheith ag foghlaim ón méid a scríobhtar fúthu?

  3. Caidrimh sa scoilScríobh Féach ar an teachtaireacht arís agus scríobh a ndúirt an múinteoir i do chuid focal féin. Tá gluais ann chun cabhrú libh. Ná déan dearmad don chaint indíreach: Dúirt sí go... I have been named on the site as "Mrs *********** *********** Trainee". The two words used are both very rude and offensive. I have emailed the site using their form twice asking them to either take the listing down or change it to my real name. I have had no response and nothing has happened. I have also joined the site as a teacher member in the hope I could flag an "error" with the spelling of my name, and get it changed. The longer the rude listing stays up, the more kids will read it. Also should I want to move jobs, which I probably will in a year or two, I am scared of this listing being found and it being held against me, perhaps not being invited for interview. ainmníodh mé faoi oiliúint míbhéasach agus tarcaisneach le súil go go gcuirfeadh sé isteach ar...

  4. Caidrimh sa scoilPlé 2 Féach féin agus an duine in aice leat ar a ndúirt Aoife agus Niall faoina gcuid múinteoirí. Aoife Ní Chroidhreáin (Coláiste Íosagáin): Sílim go mbíonn caidrimh iontach, i ndáiríre idir múinteoirí agus daltaí. Ar ndóigh bíonn laethanta ann a mbíonn na múinteoirí crosta, bíonn na daltaí dána agus ní réitíonn siad ach ceapaim, formhór den am... is dea-chaidreamh a bhíonn ann... tá siad (na múinteoirí) ag iarraidh go mbeidh daltaí in ann marcanna maithe a ghnóthú agus ceapaim go gcabhraíonn siad go mór. Niall Mac Dhonnagáin (Coláiste Eoin): Tá caidreamh an-mhaith ann. Réitíonn múinteoirí go han-mhaith leis na daltaí. Ar ndóigh bíonn dalta nó dhó ann a bhíonn ag pleidhcíocht sa rang agus bíonn trioblóid ann nuair a tharlaíonn sin ach den chuid is mó den am bíonn na daltaí sásta an obair a dhéanamh agus bíonn na múinteoirí an-chabhrach leis na daltaí. Agus bíonn múinteoirí ann a chuireann ranganna sa bhreis ar siúl má tá fadhbanna ag na daltaí. Ar an Aoine. Agus bíonn na daltaí an-bhuíoch as. Cad a déarfadh sibh féin?

  5. Caidrimh sa scoilLéamh Féach ar an gclár ama spóirt ó Ghaelscoil Faithleann, Cill Airne, Co. Chiarraí. Cúrsaí Spórt sa Scoil Is cuid lárnach é an spórt i saol na Gaelscoile agus tacaíonn sé lenár stádas mar scoil chothaithe sláinte. Baineann gach páiste taitneamh agus tairbhe as an spórt. Tá an t-ádh linn go bhfuil dhá chlós breá, páirc peile, cúirt cispheile agus halla scoile againn. Táimid in aice chlós súgartha an Chomhairle Baile leis agus bíonn deis againn é seo a úsáid go minic. Is maith linn cur leis na hacmhainní atá againn go rialta. Peil Imríonn na buachaillí agus na cailíní peil. Bíonn traenáil iontach á déanamh leo ag múinteoirí sa scoil. Tagann traenálaí breise isteach leis uair sa choicís ón gCumann Lúthchleas Gael. Tá Craobh an Chontae buaite ag cailíní agus buachaillí na scoile le blianta beaga anuas le Cumann na mBunscoil. Glacann na daltaí páirt i bhféile peile Gael Linn leis agus bhíodar i gCorca Dhuibhne agus Béal Átha’n Ghaorthaidh le dhá bhliain anuas. Snámh Téann ranganna 3, 4, 5 agus 6 ag snámh sa linn snámha áitiúil ar feadh tréimhse sé seachtaine i rith na scoilbhliana. Bíonn ranganna snámha ag na páistí ansin. Tá sé mar aidhm againn go mbeidh deis ag gach páiste scileanna snámha a bheith acu.

  6. Caidrimh sa scoilLéamh Cispheil Tacaíonn ár dtuismitheoirí linn le traenáil chispheile agus glacann na daltaí páirt sa “Killarney Schools Basketball League”, comórtas atá buaite againn cúpla uair le blianta beaga anuas. Iománaíocht agus Camógaíocht Tagann traenálaithe iománaíochta agus camógaíochta go dtí an scoil. Cé nach bhfuil siad rόchomónta i gCill Airne mar chluichí tá an-chuid oibre ar siúl ag na clubanna áitiúla chun an iománaíocht agus an chamógaíocht a chur chun cinn sna scoileanna. Spikeball, Rugbaí agus Sacar Bímid ag imirt na cluichí seo go rialta ar scoil leis agus ag glacadh páirte i gcomórtais éagsúla leo. Is cluichí nua iad spikeball agus rugbaí sa scoil. Lúthchleasaíocht Glacann na daltaí páirt i lúthchleasaíocht scoile sa Chontae agus bíonn lá spóirt againn sa scoil gach bliain. Tá an lá spóirt seo bunaithe go hiomlán ar pháirt a ghlacadh agus spraoi a bhaint as spórt.

  7. Caidrimh sa scoilPlé & scríobh • A. Bí ag obair leis an duine in aice leat agus déanaigí bhur machnamh ar chúrsaí spóirt in bhur scoil féin. Ná déanaigí dearmad ar na pointí seo: • Gach spórt a dhéantar sa scoil • Aon chomórtais a bhuann an scoil • Na háiseanna spóirt atá sa scoil • Ráiteas misin an scoil faoi spóirt • An méid múinteoirí agus traenálaithe spóirt • B. Scríobh leathanach do shuíomh idirlín anois faoi chúrsaí spóirt sa scoil. • C. Bí ag obair i ngrúpa agus pléigí na ráitis seo: • Mura ndéanann déagóir spórt ní féidir leis bheith sláintiúil. • Cuireann spórt le féinmhuinín an déagóra. • Cuireann spórt isteach ar shláinte an déagóra mar is féidir leis dochar fadtéarmach a dhéanamh don chorp. • Is féidir le géariomaíocht sa spórt féinmhuinín an déagóra a ísliú.

  8. Caidrimh sa scoilPlé 3 • Deir Cormac: • ‘Mar gheall ar na scoileanna beaga tuaithe, bíonn an-aithne acu ar a chéile, fiú, bíonn aithne acu ar go leor daoine sa scoil, agus iad ag teacht isteach anseo sa gcéad bhliain.’ • Beidh sibh ag déanamh díospóireachta i gceann tamaill faoin rún: • Is fearr an t-oideachas a fhaightear i scoil bheag tuaithe ná i scoil mhór chathrach. • Féachaigí ar na buntáistí a bhaineann leis an dá chineál scoile thíos sula bpléifidh sibh bhur bpointí le chéile.

More Related