1 / 14

Is Sinne Na Daoine is Fearr

Is Sinne Na Daoine is Fearr. Bunaithe ar Beo go Deo 3 : Téarma 2, Ceacht 3 Téacs an Mhúinteora lgh . 174-184 Cad atá fúm a dhéanamh ? An dearcadh speisialta a léirigh Íosa i leith páistí a iniúchadh agus a cheiliúradh . Cén fáth ?

jacoba
Download Presentation

Is Sinne Na Daoine is Fearr

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Is Sinne Na Daoine is Fearr BunaithearBeo go Deo 3: Téarma 2, Ceacht 3 Téacs an Mhúinteoralgh. 174-184 Cad atáfúm a dhéanamh? An dearcadhspeisialta a léirighÍosaileithpáistí a iniúchadhagus a cheiliúradh. Cénfáth? Sa dóigh is go n-aithneoidhagus go dtuigfidhnapáistí a gcuidmaitheasaféinagus go gceiliúrfaidhsiad é sin le lúcháir.

  2. Inniu lá an aonaigh. Is aoibhinn leis na páistí dul chun an aonaigh. Téann siad go dtí an baile beag. Bíonn sé lán de dhaoine fásta. Bíonn na fir ag díol cáise. Bíonn na mná ag ceannach éadaigh.

  3. Bíonn na báicéirí ag díol aráin. Ceannaíonn daoine spíosraí agus torthaí.

  4. Bíonn an t-eallach ag géimneach agus na hasail ag béiceadh.

  5. Bíonn na daoine fásta an-ghnóthach ag an aonach. Bíonn an- spórt ag na páistí. Ritheann siad thart ag imirt folacháin lena gcairde.

  6. Tagann fear chun an aonaigh inniu. Ní thugann aon duine aird air ar dtús. Suíonn sé i lár na cearnóige. Feiceann gach duine é ansin. Labhraíonn sé amach os ard. Cloiseann gach duine é mar sin. Iarann sé ar gach duine stopadh agus éisteacht leis. Tosaíonn sé ag labhairt faoi ríocht, Ríocht Dé.

  7. Deir sé go mbíonn gach duine sona sásta i Ríocht Dé. I Ríocht Dé, tugann gach duine grá dá chéile. “Cén saghas ríochta é seo?” arsa cuid de na daoine fásta. “Cad a chaithfimid a dhéanamh chun cead isteach a fháil?” arsa daoine eile.

  8. Labhraíonn an fear: “Níl Ríocht Dé in áit amháin,” arsa an fear. “Tá Ríocht Dé le fáil áit ar bith a dtugann daoine grá dá chéile, áit ar bith a mbíonn daoine cineálta agus séimh, áit ar bith a dtugann daoine aire dá chéile. Sin í an áit ina bhfuil Ríocht Dé le fáil. Is féidir le Ríocht Dé a bheith san áit seo, anois láithreach.”

  9. “Tá ceist agam ort,” arsa fear amháin. “Is duine tábhachtach mé sa bhaile seo. Cé hé an duine is tábhachtaí i Ríocht Dé?” D’éirigh an t-aonach an-chiúin. Stopann na daoine den díol is den cheannach. Feiceann na páistí slua daoine thart timpeall an fhir.

  10. “Cad atá ar siúl?” arsa cuid de na páistí. Díreach ansin, tagann an fear ina dtreo. Labhraíonn sé leo: “Cé a chabhróidh liom? Tá cabhair ag teastáil uaim chun ceacht an- tábhachtach a theagasc do na daoine fásta.” Mise, mise, mise!

  11. Tagann aoibh an gháire ar an bhfear. Tógann sé an páiste is lú go dtí na daoine fásta.

  12. “Chuir sibh an cheist orm faoi na daoine is tábhachtaí i Ríocht Dé,” a deir sé leis an slua. “Inseoidh mé daoibh anois. An bhfeiceann sibh an páiste seo? Is iad na páistí na daoine is tábhachtaí i Ríocht Dé.”

  13. Bhí ionadh ar na daoine fásta. Bhí sé deacair orthu sin a chreidiúint. Páistí! Is iad na páistí na daoine is tábhachtaí i Ríocht Dé! Níor chuala siad a leithéid riamh!

  14. Nuair a bhí an fear críochnaithe leis, chuaigh an páiste ar ais chuig a chairde. “Cad a dúirt sé? Cén ceacht a theagasc sé do na daoine?” a d’fhiafraigh na páistí eile de. “Dúirt sé leo gurbh iad na páistí na daoine is fearr,” a d’fhreagair an páiste! Cé hé an fear seo? Hurá, hurá! Íosa a thugtar air!

More Related