130 likes | 332 Views
Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta. www.focal.ie. Céard atá ann?. Foinsí foilsithe an Choiste Téarmaíochta Foinsí neamhfhoilsithe an Choiste Téarmaíochta Foinsí a d’ullmhaigh daoine eile ( Foclóir Reiligiúin, Foclóir Parlaiminte, Téarmaí Míleata, Focal sa Chúirt, Téarmaí Dlí )
E N D
Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta www.focal.ie
Céard atá ann? • Foinsí foilsithe an Choiste Téarmaíochta • Foinsí neamhfhoilsithe an Choiste Téarmaíochta • Foinsí a d’ullmhaigh daoine eile (Foclóir Reiligiúin, Foclóir Parlaiminte, Téarmaí Míleata, Focal sa Chúirt, Téarmaí Dlí) • Cnuasach ábhair ó Rannóg an Aistriúcháin
Foinsí foilsithe an CT • Na foinsí téarmaíochta ar fad a foilsíodh go dtí seo • Na foclóirí foilsithe atá ar fáil ar shuíomh www.acmhainn.ie • Cuid eile nach raibh ar fáil go leictreonach roimhe seo ach a scanadh le hionchur sa bhunachar • Liostaí ilghnéitheacha an Choiste bunaithe ar na fiosruithe a fuarthas ón bpobal le breis agus 20 bliain anuas
Foinsí a d’fhoilsigh dreamanna eile An Ghluais Bhreise • Téarmaí Dlí (Rannóg an Aistriúcháin, Oifig an tSoláthair, g.d.) • Focal sa Chúirt (le Leachlann Ó Catháin, Coiscéim, 2001) • Foclóir Béarla-Gaeilge de Théarmaí Míleata agus de Théarmaí Gaolmhara (Óglaigh na hÉireann, 2006)
Foinsí neamhfhoilsithe • Dréachtliostaí • Liostaí eile a bhí nó atá á réiteach nó le réiteach ag an gCoiste (nach bhfuil in eagar go fóill) • Obair eagarthóireachta ar bun go leanúnach • Ábhar Rannóg an Aistriúcháin (le feiceáil sa Ghluais Bhreise) • Meascán de théarmaí, de fhrásaí agus de theidil
Bealaí leis an mbunachar a úsáid • Cuardach tapa • téarma faoi leith a lorg • Cuardach casta • Cuid de théarma, an tús, an lár nó an deireadh • Liostaí aibítreacha • Liosta téarmaí de réir réimse eolais nó de réir ainm na foinse ina bhfuarthas iad – is féidir brabhsáil tríd an liosta nó é a phriontáil
Cuardach tapa • Cuardach i mBéarla nó i nGaeilge • An litriú céanna ar théarmaí Gaeilge agus Béarla, tabharfar an dá rogha • Is cuma litreacha móra nó beaga nó meascán • Focail infhillte • san iolra, sa ghinideach, san aimsir chaite, faoi shéimhiú nó urú, le fleiscín nó gan fleiscín • An téarma beacht a chuirtear isteach ar dtús • gramadach (noda le feiceáil in Giorrúcháin), réimse eolais, foinsí, (samplaí úsáide) • Na téarmaí gaolmhara in ord aibítre • téarmaí ilfhoclacha ina bhfuil an téarma a cuireadh isteach
Cuardach casta • Na critéir chuardaigh le sainiú de réir • ionad grúpa litreacha sa téarma (áit ar bith, ag an tús, ag an deireadh, áit ar bith seachas ag an tús/deireadh) • téarma a bheith aonfhoclach nó ilfhoclach • teanga • rann cainte • réimse • bailiúchán • Ní bhfaighidh tú téarmaí gaolmhara • Cuardach poncaíocht-íogair ach ní cásíogair
Saoróga • Fostríoc _ (= carachtar ar bith) • Céatadán % (= líon ar bith carachtar) • Lúibíní cearnacha [ ] (= rogha carachtar) • a nó b • réimse (e-u) • Cuairín chun tosaigh sna lúibíní cearnacha ^ (= rud ar bith ach) • Meascán ar bith de charachtair agus de shaoróga • áirítear spás agus siombail phoncaíochta mar charachtair • % an ceann is cumhachtaí • Éalú saoróga (ceann acu a úsáid mar charachtar) \ • cuir \ roimh an gcarachtar ( _ % [ ] ^), \\ in ionad \ )
Liostaí aibítreacha • Le roghnú ón leathanach baile, nó ar leathanach cuardaigh • Roghnaigh teanga (Liostaí Aibítreacha nó Alphabetical Listings) • De réir réimse • De réir bailiúcháin • Brabhsáil nó priontáil (deilbhín sa bharra uirlisí) • Liostaí fada • Ord aibítre
Noda agus giorrúcháin • Noda gramadaí • Noda teangacha • Siombailí
Obair leanúnach ar bun • Obair ghlantacháin is chomhoiriúnaithe • litriú, gramadach • dúbailtí • Mionsaothrú • imdhealú débhríochta • noda réimse • samplaí úsáide • sainmhínithe • Foinsí breise • liostaí míosúla de théarmaí ilghnéitheacha, foinsí eile amach anseo • Áiseanna breise á bpleanáil
Bileog Fiosraithe • Cliceáil ar ‘Coiste Téarmaíochta’ ag bun an leathanaigh chuardaigh • iarratas ar théarma nach bhfuil ann • ceist a chur chugainn faoi théarma atá ann • eolas a chur chugainn faoi théarma ar chóir a leasú, dar leat • Nó scríobh chugainn ag tearmai@forasnagaeilge.ie