50 likes | 293 Views
Comhfhocail . An séimhiú mar ‘ghliú’ Nuair a nasctar dhá fhocal le chéile sa Ghaeilge chun focal nua a dhéanamh, go minic bíonn séimhiú ag teastáil chun iad a ‘cheangal’ dá chéile. Mar shampla: Comh + focail: comh fh ocail Sean + máthair: sean mh áthair Oll + margadh: oll mh argadh.
E N D
Comhfhocail An séimhiú mar ‘ghliú’ Nuair a nasctar dhá fhocal le chéile sa Ghaeilge chun focal nua a dhéanamh, go minic bíonn séimhiú ag teastáil chun iad a ‘cheangal’ dá chéile. Mar shampla: Comh + focail: comhfhocail Sean + máthair: seanmháthair Oll + margadh: ollmhargadh
Comhfhocail Cleachtadh Nasc na focail seo le chéile chun focal nua a chruthú agus abair cad is brí leis na focail a bheidh cumtha agat. • Comh + brón: ___________________ • Máthair + teanga: ___________________ • Geal + gáireach: ___________________ • Ríomh + post: ___________________ • Aois + grúpa: ___________________ • Mí + tuiscint: ___________________ • Gnáth + caite: ___________________ • Gnáth + saol: ___________________ • Dá + teangach: ___________________ • Tré + dearcach: ___________________
Comhfhocail Ná déan dearmad nach féidir séimhiú a chur ar litreacha áirithe – l, n, r – ná ar ghutaí - agus sin an fáth nach bhfuil séimhiú in úsáid sna comhfhocail seo: Cóipleabhar (cóip + leabhar) Comhréir (comh + réir) Comhnascadh (comh + nascadh) Gariníon (gar + iníon)
Comhfhocail Tá cúis amháin eile ann nach mbeadh séimhiú á úsáid mar ‘ghliú’ idir focail agus an chúis sin ná na ‘dentals’. Is éard atá i gceist leis na ‘dentals’ ná na litreacha: d, n, t, l, s An riail ná – má chríochnaíonn focal amháin le dental agus má thosaíonn an chéad fhocal eile le dental ní féidir séimhiú a chur ar an dara ceann! Aimsigh na dentals sna comhfhocail seo: • Ardteist • Mionteanga • Indíreach • Seanduine • Ilteangach An féidir leat smaoineamh ar shamplaí eile?
Comhfhocail Bí cúramach... Nuair a chloiseann daoine an riail faoi na dentals den chéad uair ceapann siad gurb í an riail ná nach féidir séimhiú a chur ar na litreacha ‘d, n, t, l, s’. Ach ní hí sin an riail! An riail ná: “Má tá dhá cheann de na litreacha d, n, t, l, s, díreach i ndiaidh a chéile, ní féidir séimhiú a chur ar an dara ceann.” e.g. Ardteist