410 likes | 694 Views
Margaíocht na scoile lán-Ghaeilge. An tIdirchultúrachas agus an D átheangachas mar uirlisí margaíochta. Kevin D e Barra Bainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Clár. Margaíocht Ghinearálta Modhanna Margaíochta Dátheangachas mar uirlis margaíochta
E N D
Margaíocht na scoile lán-Ghaeilge. An tIdirchultúrachas agus an Dátheangachas mar uirlisí margaíochta. Kevin De Barra Bainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
Clár • Margaíocht Ghinearálta • Modhanna Margaíochta • Dátheangachas mar uirlis margaíochta • Idirchultúrachas mar uirlis margaíochta • Brandáil • Nuachtlitreacha
Céard í margaíocht? • Is í margaíocht an próiseas a úsáidtear chun an domhan ina bhfeidhmímid a scrúdú – sé sin ár gcustaiméirí, ár n-iomaitheoirí, agus an tseirbhís atá á cur ar fáil againn.
Céard í margaíocht? • Baineann margaíocht freisin le scrúdú a dhéanamh ar do chuid láidreachtaí agus do chuid laigí, chomh maith leis na deiseanna agus na bagairtí a bhaineann duit. • Caithfear bheith airdeallach i gcónaí ar na riachtanais atá ag do spriocmhargadh, agus an chaoi is fearr chun freastal a dhéanamh ar na riachtanais seo.
Céard í margaíocht? • Baineann margaíocht le gach gné do shaol na scoile. • Ba cheart gach deis a thapú chun do scoil a chur chun cinn.
An fiú bacadh le margaíocht? • Dul i bhfeidhm ar theagmhálacha nua • Lucht éisteachta nua a chothú • Teagmháil a athchothú le hiar-theagmhálacha • Tacaíocht an phobail a chothú • Idirdhealú brandála
“Ní féidir liom margaíocht mhaith a dhéanamh ceal airgid” Ní gá airgead mór a chaitheamh chun margaíocht mhaith a dhéanamh agus torthaí ar ardchaighdeán a bhaint amach.
10 mBealach chun do scoil a chur chun cinn in aisce • Caint na nDaoine • Ríomhphost • Comharthaí • Colún – Céard atá ar siúl i do cheantar? • Nuachtlitreacha Áitiúla
10 mBealach chun do scoil a chur chun cinn in aisce • Nuachtáin (Náisiúnta agus Réigiúnda) • Raidió • Teilifís • Fógraí Seirbhísí Poiblí • Suíomhanna Idirlín
Cumasc Margaíochta Traidisiúnta • Product - Táirge • Price - Praghas • Place - Áit • Promotion - Cur chun cinn • Packaging - Pacáistiú
Cumasc Margaíochta do Sheirbhísí • Product - Táirge • Price - Praghas • Place - Áit • Promotion - Cur chun cinn • Process - Próiseas • People - Daoine • Physical Evidence - Fianaise Fhisiciúil
Praghas Áit Táirge Cur chun cinn An Scolaíocht LánGhaeilge Próiseas Fianaise Fhisiciúil Daoine
Oideachas Dátheangach • Go bunúsach, is oideachas trí dhá theanga atá i gceist, agus é mar aidhm go mbeadh dátheangaigh fheidhmeacha agus délitearthacha á gcruthú sa Ghaeilge agus sa Bhéarla roimh fhágáil na gaelscoile dóibh.
An Dátheangachas mar Uirlis Margaíochta Buntáistí an Dátheangachais de réir taighde • Forbairt Chognaíoch • Solúbthacht intinne • Meabhraíocht Meitea-Theangeolaíoch • Goilliúnacht Chumarsáide • Neamhspleáchas Réim Radhairc
Buntáistí an Dátheangachais • Cumarsáid a dhéanamh ar bhonn níos leithne. • Oscailteacht do litríocht, thraidisiúin agus smaointe difriúla. • Oscailteacht do chultúir eile. • Níos éasca teangacha eile a fhoghlaim. • Deiseanna fostaíochta níos leithne. • Ardchaighdeán oideachais a bhaint amach.
Oideachas Idirchultúrtha • Céard é Oideachas Idirchultúrtha? - Oideachas is ea é a bhfuil meas aige ar normáltacht na hilghnéitheachta i ngnéithe uile de shaol an duine agus a dhéanann í a cheiliúradh agus a aithint. - Oideachas is ea é a chothaíonn comhionannas agus cearta daonna, a throideann i gcoinne na héagóra agus a chothaíonn na luachanna ar a dtógtar an comhionannas.
An tIdirchultúrachas in Éirinn • Tá oideachas idirchultúrtha ann do gach dalta, is cuma cén eitneachas lena mbaineann siad. • Tá an t-oideachas idirchultúrtha ina ghné thábhachtach de thaithí oideachais gach dalta, bíodh an páiste ar scoil ina bhfuil ilghnéitheacht eitneach le sonrú, ar scoil atá mona-eitneach don chuid is mó, nó bíodh an páiste ag teacht ó chultúr atá ceannasach nó sa mhionlach.
Buntáistí an Oideachais Idirchultúrtha • Spreagann sé fiosracht faoi éagsúlacht chultúrtha agus shóisialta. • Cuidíonn sé le samhlaíocht na ndaoine óga a fhorbairt trí éagsúlacht a normalú. • Cuidíonn sé le smaointeoireacht chriticiúil a fhorbairt trí chuidiú le daoine dearcadh ar a gcleachtais chultúrtha féin agus iad a cheistiú. • Cuidíonn sé le híogaireacht a fhorbairt sa dalta. • Cuidíonn sé le ciníochas a sheachaint.
Eolas Tábhachtach faoin Idirchultúrachas • Foghraíocht cheart an ainm • A gcumais agus riachtanais teanga • Roinnt bunfhocal ina gcéad teanga, más féidir • A reiligiún, buntuiscint ar an mbealach ina gcleachtaíonn siad é • An bhfuil aon ábhar nach mbeidh an dalta sásta a roghnú
An t-eolas ar cheart a bhailiú nuair a thagann dalta nua isteach sa scoil • Conas a deirtear ainmneacha an dalta agus a t(h)uismitheoirí i gceart? • Cén teanga(cha) atá ag an dalta, agus cén líofacht atá acu iontu? • Conas is féidir nathanna áirithe a rá i gcéad teanga an mhic léinn? • An bhfuil ábhair nach mbeidh á dtógáil ag an dalta agus cad a bheidh ar siúl acu ag na hamanna sin?
An t-eolas ar cheart a bhailiú nuair a thagann mac léinn nua isteach sa scoil • An bhfuil aon chleachtais chultúrtha a d’fhéadfadh cur isteach ar idirghníomhaíocht sa seomra ranga? • An bhfuil gníomh ar bith, an eol duit, atá míbhéasach nó míchuí i gcultúr dúchais an dalta? • Conas a dhéanfar múineadh chultúr na scoile don dalta a láimhseáil? • Cén reiligiún atá ag an dalta, conas a chleachtaítear é, agus an bhfuil aon impleachtaí aige do phleanáil sheomra ranga? • An mbeidh nithe ar leith ar chóir a bheith ar an airdeall futhu: maidir le bia; seoda; éadach?
Brandáil • Is féidir le branda láidir pearsantacht na scoile a chur in iúl, trí luachanna, meon agus carachtar na scoile a chur os comhair an phobail. • Má fhorbraítear branda láidir trí na cainéil margaíochta ar fad atá ar fáil, cuirfidh sé sin le híomhá na scoile i measc an phobail.
Brandáil • Teachtaireacht lárnach leanúnach • Má tá ábhair sheach-churaclaim á gcur ar fáil agaibh, ná fan in bhur dtost faoi! • Tapaigh gach deis!
Ní mórán ama ná oibre a thógann sé Nuachtlitir ghairid snasta a chur le chéile.
Feachtas Margaíochta • 1. Pleanáil • 2. Spriocanna a leagan amach • 3. An teachtaireacht a chur in iúl • 4. Feidhmiú • 5. Measúnú AISEOLAS
10 mBealach chun do scoil a chur chun cinn in aisce • Caint na nDaoine • Ríomhphost • Comharthaí • Colún – Céard atá ar siúl i do cheantar? • Nuachtlitreacha Áitiúla
10 mBealach chun do scoil a chur chun cinn in aisce • Nuachtáin (Náisiúnta agus Réigiúnda) • Raidió • Teilifís • Fógraí Seirbhísí Poiblí • Suíomhanna Idirlín
Achoimre • Margaíocht Ghinearálta • Modhanna Margaíochta • Dátheangachas mar uirlis margaíochta • Idirchultúrachas mar uirlis margaíochta • Brandáil • Nuachtlitreacha