160 likes | 665 Views
Naomh Pádraig. Rugadh Naomh Pádraig sa Bhreatain sa bhliain 387. Is é Succat an t-ainm a thug a thuismitheoirí air. Ríthe cúige agus taoisigh áitiúla a bhí i gceannas ar Éirinn. Ba thír phágánach í Éire le féilte agus fleánna págánacha. D’ofráladh daoine íobairtí do dhéithe págánacha.
E N D
Rugadh Naomh Pádraig sa Bhreatain sa bhliain 387. • Is é Succat an t-ainm a thug a thuismitheoirí air. • Ríthe cúige agus taoisigh áitiúla a bhí i gceannas ar Éirinn. Ba thír phágánach í Éire le féilte agus fleánna págánacha. D’ofráladh daoine íobairtí do dhéithe págánacha.
PÁDRAIG INA SCLÁBHAÍ • Théadh creachairí Éireannacha go dtí an Bhreatain chun buachaillí óga a ghabháil mar sclábhaithe. • Gabhadh Pádraig nuair a bhí sé 16 bliana d’aois. • Díoladh Pádraig le Milchú, taoiseach as Co. Aontroma, agus cuireadh ag aoireacht caoireach é ar Shliabh Mis.
CASANN PÁDRAIG • I DTREO DÉ • Bhí Pádraig ina sclábhaí ar feadh 6 bliana.Caitheadh go dona le Pádraig i rith an ama sin agus thosaigh sé ag cur a mhuiníne i nDia. Bhíodh sé ag guí go minic. • Oíche amháin bhí brionglóid aige. Chuala sé guth á insint • dó ‘Tá do long faoi réir’. • Chreid Pádraig go raibh • Dia á ghlaoch abhaile.
Chuaigh sé ar long chun na Breataine. • Níor tháinig deireadh le físeanna Phádraig tar éis dó filleadh abhaile. • Oíche amháin bhí brionglóid an-bheoga aige. Chuala sé na daoine ar chósta thiar na hÉireann ag béicíl air, á rá, ‘Iarraimid ort, a bhuachaill naofa, teacht i leith agus a bheith ag siúl athuair inár measc’.
FILLEANN PÁDRAIG AR ÉIRINN • Seoladh Pádraig ar ais go hÉirinn mar Easpag chun Soiscéal Chríost a thabhairt chuig muintir na hÉireann. • Chuaigh Pádraig ansin go Teamhair, bunáit na ndraoithe págánacha.
SCÉAL NA SEAMRÓIGE Athair Spiorad Naomh Mac • De réir traidisiúin, is ag Teamhair a d’úsáid Pádraig an tseamróg den chéad uair chun an Tríonóid (an tAthair, an Mac agus an Spiorad Naomh) a mhíniú. • Is siombail ar Éirinn í an • tseamróg fós, go mór mór ar Lá • Fhéile Pádraig.
CRUACH PHÁDRAIG • Thart faoin mbliain 441, chaith Pádraig 40 lá leis féin ar shliabh carraigeach gaofar i gCo. Mhaigh Eo agus é ag guí agus ina throscadh ar son mhuintir na hÉireann. • Tugtar Cruach Phádraig ar an sliabh sin. • Tugtar ‘Domhnach na Cruaiche’ ar an oilithreacht bhliantúil go Cruach Phádraig, ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil.
LOCH DEARG • Chaith Pádraig roinnt laethanta i bpluais ar oileán ar Loch Dearg, Co. Dhún na nGall. • Sa lá atá inniu ann, téann a lán daoine go dtí Loch Dearg gach samhradh le haghaidh deireadh seachtaine urnaí agus troscaidh.
TOIBREACHA PHÁDRAIG • Chomh maith le bheith ag seanmóireacht, rinne Pádraig a lán míorúiltí agus tá a ainm ar a lán toibreacha naofa in Éirinn.
UAIGH PHÁDRAIG • Fuair Naomh Pádraig bás i gCo. an Dúin an 17 Márta 461. • Ba san áit sin a thóg sé a chéad séipéal. • Tá Naomh Pádraig curtha i reilig in aice le hArdeaglais Dhún Pádraig i gCo. an Dúin.
GNÍOMHAÍOCHTAÍ 2. 1. Gheobhaidh tú na pictiúir ó na naisc thíos. 3. 1. http://www.doyle.com.au/images/stpatr_1.jpg 2. http://www.scrantonlabel.com/newsnotes/Small_icons/Shamrock.jpg 3. http://www.thecolor.com/Coloring/St%20Patrick.aspx
CUIR TRIAIL ORT FÉIN • Cén bhliain ar rugadh Naomh Pádraig? • Cén áit ar rugadh Naomh Pádraig? • Cén t-ainm a thug a thuismitheoirí ar Phádraig? • Cén aois a bhí ag Pádraig nuair a gabhadh é? • Cén sórt oibre a bhí ag Naomh Pádraig? • Cén sliabh ar a mbíodh Pádraig ag obair? • Cá fhad a bhí Naomh Pádraig ina sclábhaí? • D’iarr Dia ar Phádraig filleadh abhaile. Cén chaoi • ar thug Dia an teachtaireacht sin dó? • Bhain Pádraig úsáid as an tseamróg chun rud • áirithe a mhíniú. Cén rud é sin? • 10. Chaith Pádraig 40 lá ag guí agus ina throscadh • ar shliabh. Cén t-ainm atá ar an sliabh sin? • 11. Cén áit a bhfuair Naomh Pádraig bás? • Agus cathain?