100 likes | 402 Views
Mé Féin Sa Samhradh. Beo go Deo : Téarma 3, Ceacht 5 Téacs an Mhúinteora lgh . 215-222 Bunaithe ar Am Urnaithe , An Chéad Lá. Múinteoir. Comhartha na Croise. Las coinneal.
E N D
MéFéin Sa Samhradh Beo go Deo: Téarma 3, Ceacht 5 Téacs an Mhúinteoralgh. 215-222 Bunaithear Am Urnaithe, An ChéadLá
Múinteoir Comhartha na Croise. Las coinneal. Bíonn sé breá geal sa samhradh. Lasaimid ár gcoinneal arís, coinneal a chuireann i gcuimhne dúinn go mbíonn Dia linn i ngile an tsamhraidh. Gabhaimid buíochas le Dia.
Múinteoir: A Dhia, ár gCruthaitheoir, bíonn tú linn nuair a imrímid faoi sholas na gréine. Gach Duine: Go raibh maith agat, a Dhia, guímid le chéile.
A Dhia, ár gCruthaitheoir, bíonn tú linn nuair a mhothaímid teas na gréine ar ár gcorp. Go raibh maith agat, a Dhia, guímid le chéile.
A Dhia, ár gCruthaitheoir, bíonn tú linn nuair a chloisimid ceol na n-éan. Go raibh maith agat, a Dhia, guímid le chéile.
A Dhia, ár gCruthaitheoir, bíonn tú linn nuair a théimid cois farraige. Go raibh maith agat, a Dhia, guímid le chéile.
A Dhia, ár gCruthaitheoir, bíonn tú linn nuair a théimid ag lapadaíl san fharraige. Go raibh maith agat, a Dhia, guímid le chéile.
A Dhia, ár gCruthaitheoir, bíonn tú linn nuair a imrímid leis an ngaineamh cois farraige. Go raibh maith agat, a Dhia, guímid le chéile.
Guímid le chéile: Go raibh maith agat, a Dhia, a thug an samhradh dúinn, laethanta geala fada ‘s an fharraige cheansa chiúin.