1.04k likes | 1.55k Views
Treoracha Liteartha San Fhichiú hAois. Garry Bannister. (CUID 1) Tosach na Fichiú hAoise (Litríocht na hAthbheochana). Toghadh Dubhghlas de hÍde mar uachtarán. Tosach na hAthbheochana 1893 –. Bunaíodh Conradh na Gaeilge 1893. Na chéad chéimeanna leochaileacha.
E N D
Treoracha Liteartha San Fhichiú hAois Garry Bannister
(CUID 1)Tosach na Fichiú hAoise(Litríocht na hAthbheochana)
ToghadhDubhghlas de hÍdemar uachtarán. Tosach na hAthbheochana 1893 – BunaíodhConradh na Gaeilge1893
Na chéad chéimeanna leochaileacha Easpa foinsí léitheoireachta nua-aoiseacha An tAthair Peadar Ó Laoghaire (1839 - 1920) Séadna 1904 Niamh 1907
Traidisiúnaithe v Forásaigh Traidisiúnaithe- traidisiúin na 17ú haoise Forásaigh- nua-litríocht idirnáisiúnta Cainteoirí Dúchais v Gaeilgeoirí Cainteoirí dúchais - cainteoirí Gaeltachta Gaeilgeoirí - cainteoiri Galltachta; foglaimeoirí
Traidisiúnaithe an tAthair Risteárd de hIndeberg (1863 – 1916) urlabhraí na dTraidisiúnaithe * Chloígh siad le traidisiúin an bhéaloidis • Pádraig Ó DuinnínPádraig Ó Siochfhradha • (1860 -1934) (1883-1964 - an Seabhac) * go daingean i gcoinne na hanála Gallda
Pádraig Ó Duinnín Cormac Ó Conaill– úrscéal staire 1901 Creideamh agus Gorta– dráma 1901 D’fhoilsigh sé eagráin de dhánta na bhfilí móra – Aodhagán Ó Rathaille,Eoghan Rua Ó Súilleabháin, Seán Clárach Mac Domhnaill, Piaras Feiritéar… Irish-English Dictionary- 1904, 1927, 1934.
Pádraig Ó Siochfhradha Bhí scéalta an tSeabhaic neadaithe i dtraidisiún scéalaíochta An Baile Seo ‘Gainne- gearrscéalta tuaithe 1913 Seáinín nó Eachtra Mic Mírialta– úrscéal 1922 Jimín Mháire Thaidhg– scéal grinn 1922
Cainteoirí dúchais v Foghlaimeoirí Séamas Ó Grianna(1889 – 1969)a bhí ina urlabhraí ionsaitheach ar son na gcainteoirí dúchasacha a cheantair féin.
Cainteoirí dúchais in adharca a chéile Séamas Ó Grianna “Oscail ‘Fáinne an Lae’ do na canúintí go dtroide an cath in ainm Dé. Níl ach amaidí dúinn a rá nach bhfuil an cath seo romhainn, nó nach bhfuil ábhar troda ar bith againn. Tá daoine a deir nach bhfuil difear ar bith idir na canúintí. Ní amhlaidh. Ní aon chineál amháin Gaeilge atá ó Chonamara go Rosa Tír Chonaill agus atá i gCúige Mumhan. Ní aon teanga amháin iad. Agus is amaideach an té a déarfaidh gurb ea.”
Pádraig Mac Piarais (1879 – 1916) Duine de na Forásaigh “The lesson that Séadna has taught us is that in writing your prime care must be , not to imitate this or that dead or living writer, but first and foremost to utter yourself…. the ordinary speech of the people is never literature, though it is the stuff of which literature is made.”
Foinse na Teanga Beo Cruinniú i Londain de Chonradh na Gaeilge i Halla Aindriú Naofa i 1903 An Piarsach: “Tá go leor Gaeilgeoirí againn anois in Éirinn sa chaoi nár bhaol don Ghaeilge anois fiú má fhaigheann sí bás sa Ghaeltacht” Pádraic Ó Conaire: “Níl an ceart agat! Má fhaigheann an Ghaeltacht bás, tá an Ghaeilge marbh.”
An Dírbheathaisnéis 1. Caint na ndaoine – taifead den teanga mar a labhraíodh í sa Ghaeltacht. 2. Cáipéis Shóisialta – cuntas ar thréithe éagsúla de shaol na nGaeltachtaí 3. Ábhar léitheoireachta – ganntanas léitheoireachta do lucht foghlamtha na Gaeilge 4. Bailiú an bhéaloidis – suim mhór faoin am i mbailiú scéalta béalaoidis 5. Abheochain– suim is tuiscint nua maidir le tábhacht na teanga mar chuid dílis d’anam an duine agus an chultúir.
Allagar na hInse 1928 Sleachta as dialann Thomáis atá sa leabhar seo ar nósanna agus ar na contúirtí ar na hoiléain Brian Ó Ceallaigh a thug moladh, tacaíocht, agus cúnamh dó Tomás Ó Criomhthain (1856– 1937) An tOileánach 1929 2002 – eagrán faoi eagarthóireacht ag Seán Ó Coileáin Foinse teanga Foinse athbheochana Foinse sóisialta agus staire: struchtúr sóisialta, cothú na n-oileánach, ar oideachas, tithíocht, cúrsaí polaitíochta áitiúla, béasanna, siamsaíocht, modhanna beatha, ar chúrsaí creidimh, etc..
Seanchaí a dheachtaigh scéal a beatha dá mac, Mícheál ‘file’ Foilsíodh ‘Peig’ i 1936 Saothair eile uaithi: ‘Machtnamh SeanaMhná’ 1939 Peig Sayers (1873 – 1959) ‘Beatha Pheig Sayers’ 1970 Robin Flower, Kenneth Jackson agus Seosamh Ó Dálaigh a bhailigh a lán scéalta eile ó Pheig – 360 díobh nach bhfuil foilsithe fós! * Ceann de na foinsí is saibhre den bhéaloideas * Cáipéis shóisialta ó pheirspictíocht mná * Tionchar ar údair na Gaeilge – Ó Ríordáin, Ó Tuama,.. * Ábhar leitheoireachta d’fhoglaimeoirí na Gaeilge
Micí Mac Gabhann (1865 – 1948) Rotha Mór an tSaoil 1959 • Cuntas ar shaol an imircigh • An Ghaeilge in ngleic le coincheapa iasachta • Canúint Chúige Uladh – foclóir, abairtí, comhréir… • Cáipéis shóisialta – béasanna na nÉireannach • thar lear, anáil na himirce ar Mhicí agus a chairde.
Tomás Ó Criomhthain Muiris Ó Súilleabháin (1904 – 1950) Fiche Bliain ag Fás - 1933 • Bhí mór-éileamh ar an leabhar • Faoi eagarthóireacht ag George Thomsom • Aistrithe go Béarla ag Thomson agus Moya • Llewellyn Davies: ‘Twenty Years a-Growing’
Dónall Mac Amhlaigh – 1926 - 1989 Dialann Deoraí(1960) díbheathaisnéis ar an Naibhíocht i Sasana sna caogaidí. Iriseoir oilte ea ba MacAmhlaidh – Dealramh sníofa snasta ar stíl na teanga Béarlachas gan náire: an teanga mar a labhraítí í i measc na n-imirceach, an teanga ag iomrascáil le coincheapa Gallda Inléiteacht: Gaeilge shimplí arbh fhéidir a Léamh gan dua.
Dialann Deoraí(1960) • Dírbheathaisnéis an deoraí – naibhíocht thar • lear, miontráchtaracht ón taobh istigh ar na • cúinsí maireachtála, timpeallachtaí sóisialta • don imirceach Éireannach ag obair i Sasana • Meascán de Bhéarla agus de Ghaeilge, comhréir • agus abairtí tógtha ón Bhéarla gan scrupall ar bith, • mar shampla: buildeálacha(i. foirgnimh) agus • ‘Choinnigh sé ag imeacht mé.’(i. Níor lig sé dom • maolú ar luas mo chuid oibre.) • Cainteoir agus scríbhneoir gan aon chur i ngéill • ann maidir le cruinneas a theanga ná le fíneáltacht • a chuid gramadaí – amhail na Francaigh agus • ‘an franglais’ rinne sé a chuid féin den teanga.
(CUID 2) Breith an Úrscéil
Na Chéad Iarrachtaí Cathal Ó Háinle ‘An tÚrscéal nár tháinig’ (1978) • míshuaimhneas polaitiúil • díláithriú cultúir dhúchasaigh Úna Ní Fhairceallaigh (1874 -1951) Grádh agus Crádh (1901) (24 lch.) An Cneamhaire (1903) (32 lch.)
na trí phríomh-genre An t-úrscéal stairiúil An t-úrscéal sóisialta An t-úrscéal eachtraíochta
An t-úrscéal stairiúil 1. Genre nár éirigh leis go ró-mhaith i dtosach an chéid 2. An iomarca den mhaoithneachas, bholscaireacht,.. 3. Níor thuigeadar na teorannacha idir an t-úrscéal rómánsach agus an t-úrscéal stairiúil. 4. Ach ba é an genre roghnaithe ag an chuid is mó de na húrscéalaithe tosaigh sa chéad leath den aois.
An t-úrscéal stairiúil 1903Mac Finghín Dubh le Pádraig Ó Séaghdha 1920Mo Dhá Róisín le Séamus Ó Grianna 1922Tusa a Mhaicín le Fionn Mac Cumhaill 1923Róisín Bán an tSléibhe le Nioclás Tóibín 1928An Rábaire Bán le Nioclás Tóibín 1928Mac Buaidh na Treise le Mícheál Ó Gríobhtha 1929Pádhraic Mháire Bhán le Seán Ó Ruadháin 1931Eoin Rua Ó Néill le Seosamh Mac Grianna 1933Toil Dé le hÉamonn Mac Giolla Iasachta 1933Bun an Dá Abhann le Seán Ó Ciarghusa 1933Paidí Ó Dálaigh le Alín de Paor 1934An Bhruinneall Bhán le Diarmaid Ua Laoghaire
An t-úrscéal stairiúil 1934Tadhg Ciallmhar le Diarmaid Ó hÉigeartaigh 1934Ar scáth na Croiche le Nial Ó Domhnaill 1936An Seod Do-Fhághala le hÚna Bean Uí Dhíocsa 1937Brian le Peadar Ó Dubhda 1937Éan Corr le Seán Mac Maoláin 1938Iolar agus Sionnach le Seán Ma Maoláin 1939An t-Airidheach le hAindrias Ó Baoighill 1939Na Rosa go Bráthach le FionnMac Cumhaill etc., etc., etc…
An t-úrscéal stairiúil Scéalta eachtraíochta le faoi théama stáiriúla Grádh agus Crádh – gCabhán i 1798 Mac Fighin Dubh – aimsir na bPéindlithe Iolar agus Sionnach – Éirí Amach 1798 “madra na n-ocht gcos, téann sé tamall den bhóthar le cách ach ní fhanann sé fada go leor ag cogaint ar chnámh ar bith chun lánsásamh a thabhairt uaidh d’aon leathléitheoir ar bith.” (A.Titley 350)
An t-úrscéal stairiúil Toil Dé(1933) le hÉamonn Mac Giolla Iasachta • Cogadh na Saoirse • Mairtín Mac Cárthaigh agus Diarmuid • cúinsí polaitiúla agus ceisteanna aicme • cáilíocht nua sa genre
An t-úrscéal sóisialta 1910 Deoraidheacht le Pádraig Ó Conaire 1913 Caoimhghin Ó Cearnaigh le Uilliam Ó Riain 1927 Fánaí le Seán Ó Caomhánaigh 1927 Cúrsaí Thomáis le Mac Giolla Iasachta 1928 Astronár le Piaras Béaslaí 1933 Cailín na Gruaige Duinne le Úna Uí Dhíosca 1939 An Druma Mór le Mac Grianna (foils. 1969) 1939 An Coimhthigheach le Séamas Mac Conamara
An t-úrscéal sóisialta 1910 Deoraidheacht le Pádraig Ó Conaire 1913 Caoimhghin Ó Cearnaigh le Uilliam Ó Riain 1927 Fánaí le Seán Ó Caomhánaigh 1927 Cúrsaí Thomáis le Mac Giolla Iasachta 1928 Astronár le Piaras Béaslaí 1933 Cailín na Gruaige Duinne le Úna Uí Dhíosca 1939 An Druma Mór le Mac Grianna (foils. 1969) 1939 An Coimhthigheach le Séamas Mac Conamara
Ros Muc Gaillimh Pádraig Ó Conaire Rugadh é 20ú Feabhra 1882 1888 – bás a athar - (6 bliana) 1894 – bás a mháthar (12 bhliain) 1882 -1927
Deoraíocht(1910) le Pádraig Ó Conaire • Bunfhréamh Nua-Litríocht na Gaeilge • Ceardaí tosaigh an úrscéil nua-aimseartha • Gníomhaire na hAthbheochana • Iarracht chomhfhiosach chun téamaí réalaíocha a thabhairt isteach sa litríocht - indibhidiúlacht, fadhbanna sóisialta, ceisteanna polaitiúla, etc.. • Fealsúnacht liteartha nua á chur chun cinn 1882 -1927
Deoraíocht(1910) le Pádraig Ó Conaire Dearcadh Nua 1882 -1927 “Chuaigh cuid acu (i. scríbhneoirí Rúiseacha) ag romhar go domhain i dtalamh ar lorg na fírinne, mar bhí siad i ndáiríre. Bhí creideamh acu agus ní raibh siad sásta leis na finscéalta bréagacha a bhí curtha os a gcomhair. Nuair a tháinig siad aníos as an bpoll ina raibh siad ag cuartú, bhí rud salach smeartha a raibh dealbh duine air acu agus ghlaoigh siad amach in ard a ngutha: ‘Seo é an duine! Seo é an fear! Seo í an fhírinne!”P. Ó Conaire 1908
Deoraíocht(1910) le Pádraig Ó Conaire Achoimre 1882 -1927 Fágann Micheál a ghrá gheal i nGaillimh. É ar leathláimh agus ar leathchois tar éis timpiste. Airgead cúitimh scaipthe aige ar ól/ ar ‘a chairde’ Fostaithe i dtaispeántas ainriochtán (seó taistil). Éiríonnn cairdeas idir é agus an Bhean Mhór Rua. Téann an seó ar thuras go Gaillimh. Feiceann sé a iarleannán Máire Ní Laoi sa lucht féachana. Labhraíonn sé leis an lucht féachana óna chroí gonta Fágtar é mar bhacach bocht ar shráideanna Londain
Deoraíocht(1910) le Pádraig Ó Conaire 1882 -1927 1.Úrscéal nua-aoiseach é ina dtugar cur síos ealaíne ar an bhfoshaol cathrach amhail mar a dhéanfadh Camus, Sartre, Dostoievscí, Gogol, 2.Struchtúr so-atheanta an úrscéil chlasaicigh 3.Saol so-aitheanta na n-imirceoirí i Sasana 4. Téama so-thuigthe - uaigneas agus náire; cime i gcorp briste basctha i dtimpeallacht choimhthíoch
Deoraíocht(1910) le Pádraig Ó Conaire Uirísliú agus Náire 1882 -1927 “Dá mbeadh a fhios ag mo mhuintir agus ag mo chairde gaoil é, nach acu a bheadh an drochmheas orm? Go ndéanfadh duine de mo shloinnese gníomh mar é – go mbeadh sé ina staicín mhagaidh ag an bpobal uile, agus go ndéanfadh sé ar airgead é! Céard a déarfaí i nGaillimh? Sin í an cheist a chuireas orm féin agus nach minic a chuir deoraí bocht fáin ceist dá shaghas air féin agus é i bhfad óna bhaile dúchais”
Deoraíocht(1910) le Pádraig Ó Conaire 1882 -1927 1.Téama uilíoch daonna: coimhthíos agus ‘príosúnaithe’ a tsaoil dhearóil gan ionad foscaidh 2.Meafaracht: an cultúr dúchais atá ‘briste, basctha, i dtimpeallacht choimhthíoch. 3.Máistreacht stíle: carachtair inchreidthe, airítear dráma imheánach na gcarachtar, an fhearg, an fonn díoltais, an grá, an t-éadóchas, etc.. 4. Tástáil an ama – léitear fós é agus is féidir linn ionannú leis na ceisteanna is na coimhlintí ann
An t-úrscéal sóisialta 1910 Deoraidheacht le Pádraig Ó Conaire 1913 Caoimhghin Ó Cearnaigh le Uilliam Ó Riain 1927 Fánaí le Seán Ó Caomhánaigh 1927 Cúrsaí Thomáis le Mac Giolla Iasachta 1928 Astronár le Piaras Béaslaí 1933 Cailín na Gruaige Duinne le Úna Uí Dhíosca 1939 An Druma Mór le Mac Grianna (foils. 1969) 1939 An Coimhthigheach le Séamas Mac Conamara
Seosamh Mac Grianna (1900 – 1990) • Rugadh Mac Grianna i Rann na Feirste i 1900 • Cáilíodh é i gColáiste Phádraig i 1921 • San IRA.. faoi ghlas le linn an Chogaidh Chathartha • Níor ceadaíodh dó bheith ina mhúinteoir • 1933 – 1953 ina aistritheoir sa Ghúm
Príomhshaothair • An Grá is an Ghruaim – gearrscéalta - 1929 • An Druma Mór – scríofa i 1933 ach foilsithe i 1969 • Mo Bhealach Féin – 1935 ach foilsithe 1940 • 30 bliain dá shaol in Ospidéal galair mheabhrach • 15 de bhlianta (1920 – 1935) údar cruthaitheach
Príomhshaothair • An Grá is an Ghruaim – gearrscéalta - 1929 • An Druma Mór – scríofa i 1933 ach foilsithe i 1969 • Mo Bhealach Féin – 1935 ach foilsithe 1940 30 bliain dá shaol in Ospidéal galair mheabhrach 15 de bhlianta (1920 – 1935) údar cruthaitheach
An Druma Mór • Saol an Phobail sna Rosa Thír Chonaill • Proinsias Ó Dúgáin - príomhcharachtar • Achrann faoi bhanna ceoil - an Druma Mór • Is le pobal Ros Cuain na gléasraí ceoil. Roghnaítear • na seinnteoirí ar a gcumas gach Féile Pádraig. • Tugann eagraíocht pholaitiúil iarracht seilbh a fháil ar an bhanna mar chomhartha a gceannasaíochta • Spreagtar fear uaillmhianach, Proinsias Ó Dúgáin, a fáisceadh as cruatan an tsaoil leis na Sons of St Patrick a bhunú chun an Druma Mór a chosaint orthu
An Druma Mór • Beathaisnéis phobail (Ó Háinle) • Buaic an úrscéil Ultaigh (Ó Doibhlin) • “Taispeántar dúinn pobal iomlán, • a n-aislingí agus a n-idéil, a laigí • agus a mbrionglóidí” (Ó Doibhlin) • (caibidil 2) giota próis ealaíonta – • cur síos ar an dúiche máguaird
An Druma Mór • “Rud sacrálta is sea an Druma Mór” (Ó Doibhlin) • Léiríonn Mac Grianna an choimhlint idir fileatas • agus saoltacht an duine as an bhanna • Éiríonn le Seosamh Mac Grianna freisin siombail • an dúchais a dhéanamh den Druma Mór. An lá roimhe sin – “ní raibh iontu ach fir spáide ar pháirceanna cúnga” Ach iad ag siúl taobh thiar den Druma Mór “Bhí siad chomh stuama le Dáil agus chomh mórluachach le heaspaig, chomh tintrí le harm.”
Rugadh Séamas i Rann na Feirste i 1889 Máire - ainm cleite Séamas Ó Grianna (1889 – 1969) • Faoi ghlas é idir na blianta 1922 – 1924 • Gníomhaí mór i gúrsaí critice agus teanga • Ag obair le De Bhaldraithe - Foclóir Béarla Gaeilge
Príomhshaothair Cioth is Dealán – cnuasach de ghearrscéalta - 1927 Caisleáin Óir – úrscéal – 1924 Mo Dhá Róisín – úrscéal – 1921 • Stíl theoranta, pharóisteach • 12 chnuasach dá scéalta foilsithe idir 1940 - 1968 • Mí-shásta lena shaol mar scríbhneoir Gaeilge - • mhóidigh sé an lá ar chuir sé peann le pár
Príomhshaothair Cioth is Dealán – cnuasach de ghearrscéalta - 1927 Caisleáin Óir – úrscéal – 1924 Mo Dhá Róisín – úrscéal – 1921 • Stíl theoranta, pharóisteach • 12 chnuasach dá scéalta foilsithe idir 1940 - 1968 • Mí-shásta lena shaol mar scríbhneoir Gaeilge - • mhóidigh sé an lá ar chuir sé peann le pár
Caisleáin Óir – úrscéal – 1924 Mo Dhá Róisín – úrscéal – 1921 “I 1918 foilsíodh Mo Dhá Róisín agus Caisleán Óir i 1924, dhá leabhar a bhfuil an-cháil orthu ó shin, i measc na nUltach go háirithe, agus ar fhoghlaim cúpla glúin daoine cuid mháith dá gcuid Gaeilge astu. Ach má dhéantar beagán iniúchadh ar na leabhair seo, is léir go bhfuil siad lag ó thaobh ealaín an úrscéil.” (Ó Doibhlin)
An t-úrscéal eachtraíochta Cathal Ó Sandair (1922 – 1996) • Rugadh é i Sasana in Weston-Super-Mare • Ba Shasanach a dhaid, Éireannach a Mham • Aistríodh an teaghlach go Éirinn ina óige • 1943 a chéad úrscéal ‘Réics Carló’ • D’fhoilsigh sé thart ar 160 leabhar • Díoladh níos ná 500,000 dá shaothair
An t-úrscéal eachtraíochta Cathal Ó Sandair (1922 – 1996) An corpán sa trúnc (1944) An t-eitleán do-fheicthe (1943) Triocha píosa airgid (1943) Uathbhás i mBrugh na Bóinne (1944) Dúnṃharbhú i bPáirc an Chrócaigh (1944) Súile an fodhail (1946) Soir ón Rio Grande (1949) Réics Carló ar an ngealaigh (1950) Réics Carló ar dhá eachtra eile (1950) Réics Carló san Aifric (1951) Réics Carló san Éigipt (1951)