240 likes | 725 Views
Oisín i dTír na nÓg. Scéal Bhéaloidis. An Fhiannaíocht. ‘Séard atá san Fhiannaíocht ná scéalta agus dánta (laoithe) faoi laochra/gaiscígh. Saighdiúirí (gnáthdhaoine) ab ea na Fianna, nach raibh baint ar bith acu leis na huaisle (An Rúraíocht).
E N D
Oisín i dTír na nÓg Scéal Bhéaloidis
An Fhiannaíocht • ‘Séard atá san Fhiannaíocht ná scéalta agus dánta (laoithe) faoi laochra/gaiscígh. • Saighdiúirí (gnáthdhaoine) ab ea na Fianna, nach raibh baint ar bith acu leis na huaisle (An Rúraíocht). • Bhíodh sé de dhualgas orthu Éire a chosaint, nuair a bhí Cormac Mac Airt ina ardrí ar Éirinn.
An Fhiannaíocht sa scéal seo • Simplíocht • Áibhéil • Niachas • Geasa • Troid • Gaisce • Crógacht • Uimhir a trí agus uimhir a seacht
Simplíocht • Déantar léiriú deas simplí ar na carachtair go léir sa scéal seo. • Déantar léiriú deas simplí ar na háiteanna.
Áibhéil • Tarlaíonn rudaí dochreidte anseo.
Niachas • Bíonn baint láidir ag an niachas leis na scéalta agus leis na dánta – fiú amháin nuair is naimhde iad na laochra.
Geasa • Tarlaíonn rudaí dochreidte sna scéalta agus sna dánta. • Bíonn daoine nó rudaí faoi gheasa. • Ní féidir leis an laoch an gheis a bhriseadh – bíonn ceangal dualgais air é a chomhlíonadh. • Bíonn mí-ádh agus draíocht ag baint leis na geasa.
Troid • Bíonn troid mar bhunábhar sna scéalta agus sna dánta. • Bhíodh sé de dhualgas ar na Fianna Éire a chosaint.
Gaisce • Sna laochscéalta béaloidis seo, b’iad na príomhcharachtair ná laochra nó gaiscígh. • Ba mhinic a dhéanaidis gníomhartha gaisce.
Crógacht • Sna laochscéalta béaloidis seo, b’iad na príomhcharachtair ná laochra nó gaiscígh. • Ba mhinic a dhéanaidis gníomhartha gaisce. • B’é tréith fíorthábhachtach in aon laoch ná crógacht. • Bhíodh sé sásta go leor féiníobairt a dhéanamh, má bhíodh gá leis.
Uimhir a Trí agus Uimhir a Seacht • Tharlaíodh rudaí sna scéalta seo faoi thrí nó faoi sheacht (m.sh. triúr príomhcharachtar, nó triúr deartháireacha, nó trí eachtra, nó seacht mbliana srl.)
An Fhiannaíocht sa scéal seo • Simplíocht • Áibhéil • Niachas • Geasa • Troid • Gaisce • Crógacht • Uimhir a trí agus uimhir a seacht
Simplíocht • Déantar léiriú deas simplí ar na carachtair go léir sa scéal seo. • B’í Niamh Chinn Óir an bhean ab áille gné. • Ghlac Oisín le Niamh ar an bpointe: “Is tú mo rogha thar mhná an domhain.” • Bhí briseadh croí ar Fhionn nuair a d’imigh a mhac. • Chuir Rí Thír na nÓg le hOisín fáilte mhór roimh Oisín, agus mhair sé ann go sona sásta lena chlann. • Bhuail sé le Pádraig Naofa, agus thug sé cabhair dó. • Déantar léiriú deas simplí ar na háiteanna. • Is í Tír na nÓg an áit is áille ar domhan.
Áibhéil • Tarlaíonn rudaí dochreidte anseo. • go bhfuil a leithéid d’áit mar Thír na nÓg ann – áit nach bhfaigheann éinne bás ann, agus ina bhfuil aoibhneas an chroí ann. • Bhí Oisín ábalta an leac a bhogadh ina aonar, agus é thuas ar bharr an chapaill bháin – ní raibh 300 gnáthfhear in ann é a bhogadh. • Throid Oisín ar feadh trí lá in aghaidh Fhómhair Builligh. • Bhí féasta acu a mhair deich n-oíche agus deich lá, agus phós Oisín le Niamh. • Bhí an baol ann i gcónaí nach bhfillfeadh Oisín ar Thír na nÓg, dá leagfadh sé a chos ar thalamh na hÉireann.
Niachas • Bíonn baint láidir ag an niachas leis na scéalta agus leis na dánta – fiú amháin nuair is naimhde iad na laochra.
Geasa • Tarlaíonn rudaí dochreidte sna scéalta agus sna dánta. • Bíonn daoine nó rudaí faoi gheasa. • Ní féidir leis an laoch an geis a bhriseadh – bíonn ceangal dualgais air é a chomhlíonadh. • Bíonn mí-ádh agus draíocht ag baint leis na geasa. • Bhagair Niamh Oisín nuair a bhuail siad le chéile ar dtús. Chuirfeadh sí é faoi gheasa uafásach, nach bhféadfadh laoch ar bith in ann a sheasamh, muna rachadh Oisín léi.
Troid • Bíonn troid mar bhunábhar sna scéalta agus sna dánta. • Bhíodh sé de dhualgas ar na Fianna Éire a chosaint. • Bhí na Fianna amuigh ag fiach ar an lá a bhuail siad le Niamh. • Chaitheadh siad a laethanta ag troid go fíochmhar in aghaidh laochra eile, nó ag fiach. • Throid Oisín ag dún Rí na mBeo agus fuair sé an lámh in uachtar ar Fhómhair Builligh – bhain sé a cheann de.
Gaisce • Sna laochscéalta béaloidis seo, b’iad na príomhcharachtair ná laochra nó gaiscígh. • Ba mhinic a dhéanaidis gníomhartha gaisce. • Thug Oisín cabhair do na fir i nGleann na Smól. • Bhí clú agus cáil ar Oisín mar gur chuala Niamh faoin: “Oisín meanmnach na dteanlámh”. • Throid Oisín ag dún Rí na mBeo, agus fuair sé an lámh in uachtar ar Fhómhar Builleach. Bhain sé a cheann de, agus lig sé saor iníon Rí na mBeo.
Crógacht • Sna laochscéalta béaloidis seo, b’iad na príomhcharachtair ná laochra nó gaiscígh. • Ba mhinic a dhéanaidis gníomhartha gaisce. • B’é tréith fíorthábhachtach in aon laoch ná crógacht. • Bhíodh sé sásta go leor féiníobairt a dhéanamh, má bhíodh gá leis. • Throid Oisín ag dún Rí na mBeo, agus fuair sé an lámh in uachtar ar Fhómhar Builleach. Bhain sé a cheann de, agus lig sé saor iníon Rí na mBeo.
Uimhir a Trí agus Uimhir a Seacht • Tarlaíonn rudaí sna scéalta seo faoi thrí nó faoi sheacht. • Bhí trí chéad fear ag iarraidh leac a bhogadh i nGleann na Smól. • Rinne an t-each bán trí seitreacha agus iad ag fágáil Éireann. • Agus iad ag druidim le Tír na nÓg, thug siad faoi deara an trí rud siúd: na machairí faoi bhláth, na tithe gréine déanta as clocha geala, agus teach cónaithe ildathach an rí. • Tháinig trí chaoga laoch (150) amach lena bhfáiltiú. • Bhí triúr páistí acu. (Fionn, Oscar, Plúr na mBan) • D’impigh Niamh ar Oisín faoi thrí gan Tír na nÓg a fhágáil – thug sí trí rabhadh dó.
Tréithe Eile • Draíocht • Bhí geis ar Oisín gan a chos a leagadh ar thalamh na hÉireann, nó d’athródh sé ina sheanfhear críonna láithreach. • Bhí geis ar an gcapall bán filleadh ar Thír na nÓg gan Oisín. • Logainmneacha • Gleann na Smól • Loch Léin • Almhain Laighean