170 likes | 681 Views
Tréithe daoine cluiche 1. Tréithe daoine cluiche 2. Tréithe daoine Réamhphlé.
E N D
Tréithe daoine Réamhphlé • Roghnaigh ceithre thréith ó na tréithe atá díreach pléite agat atá fíor fút féin agus scríobh síos i do chóipleabhar iad. Ná lig don duine in aice leat iad a fheiceáil, tá seisean ag déanamh amhlaidh. • Caithfidh sibh an cheist thíos a chur ar a chéile go dtí go bhfuil na ceithre thréith faighte agaibh: • An duine _________________ tú? • Ní féidir ach an freagra gonta a thabhairt, an bhfuil a fhios agat cad é? • Is é an duine a aimsíonn na ceithre thréith ar dtús an buaiteoir. • An síleann tú go bhfuil na tréithe a roghnaigh an duine in aice leat fíor faoi? Cén fáth?
Tréithe daoine Éisteacht 1 An dtuigeann tú na focail seo? Cén leagan atá agat féin? Mór le chéile, díspeagadh , d’aon ghnó, féith ghrinn, mo dhalta féin • Éist le Deirdre ag déanamh cur síos ar a cara is fearr anois agus freagair na ceisteanna thíos: • Cad is ainm do chara Dheirdre agus an gcaitheann siad mórán ama le chéile? • An bhfuil siad ag déanamh na n-ábhar céanna ar an scoil? Mínigh. • Cén fáth nach maith le daoine áirithe Máire? • Cad iad na tréithe dearfacha atá aici? • Cad iad na tréithe diúltacha atá aici?
Tréithe daoine Éisteacht 2 Féach ar an nath cainte seo a bhí sa mhír: a bheith mór le duine An raibh sé ar eolas agat? An féidir leat féin agus an duine in aice leat smaoineamh ar shlite eile chun é a rá? Féach ar an nath seo anois: ag cur olc ar dhuine An féidir leat féin agus an duine in aice leat smaoineamh ar shlite eile chun é a rá?
Tréithe daoine Iarphlé 1 • Féach ar na habairtí seo thíos faoi na nithe a dhéanann cara maith agus cuir in ord tábhachta iad trí uimhir 1 a chur in aice leis an abairt a cheapann tusa atá tábhachtach ó thaobh cairdis de. Ansin cuir uimhir a dó in aice leis an gcéad abairt eile agus ar aghaidh mar sin go dtí uimhir a deich. • Déanann sé/sí m’obair bhaile dom. • Éisteann sé/sí le mo chuid fadhbanna ar fad. • Is duine an-phraiticiúil é/í. • Tá sé/sí an-saibhir. • Is breá leis/léi an ceol céanna liomsa. • Bíonn an-chraic againn le chéile. • Tá sé/sí an-dathúil. • Aontaíonn sé/sí le gach rud a deirim. • Tá aithne againn ar a chéile ó bhí muid bliain d’aois. • Is duine an-chliste é/í. • Anois, labhair leis an duine in aice leat. An bhfuil an dearcadh (outlook) céanna agaibh ar cad is cara maith ann?
Tréithe daoine Iarphlé 2 • Cuir na ceisteanna seo ar an duine in aice leat faoi chara éigin dá c(h)uid. Bí in ann freagraí a thabhairt ar na ceisteanna tú féin mar beidh sé ag cur na gceisteanna ortsa chomh maith. • Cad is ainm dó/di? Cá bhfuil sé/sí ina c(h)ónaí? • Cad iad na dea-thréithe atá aige/aici? Tabhair samplaí. • An bhfuil aon tréith nach maith leat faoi/fúithi? Mínigh. • Cad a dhéanann sibh nuair a bhíonn am saor agaibh? • Cén chuma atá air/uirthi? • Cé chomh fada is atá sibh mór le chéile? • Ar chuir sé/sí olc ort riamh? Mínigh. • Déan cur síos ar an gcéad uair a chas sibh le chéile.
Tréithe daoine Iarphlé 3 Bí ag obair leis na daoine eile i do ghrúpa. Cad iad na tréithe atá ag na daoine cáiliúla seo, dar libh? Bígí in ann a rá cén fáth a gceapann sibh amhlaidh.