80 likes | 343 Views
Tábhacht na gCluichí Oilimpeacha. Is féidir leat an obair seo a úsáid mar ullmhúchán nó is féidir leat do thopaicí féin a phiocadh. Níl ann ach cabhair duit. Tá pé rud a scríobhann tú féin ceart agus inghlactha freisin, ionas go bhfuil sé ag plé leis an teideal. Go n-éirí go geal leat.
E N D
Tábhacht na gCluichí Oilimpeacha Is féidir leat an obair seo a úsáid mar ullmhúchán nó is féidir leat do thopaicí féin a phiocadh. Níl ann ach cabhair duit. Tá pé rud a scríobhann tú féin ceart agus inghlactha freisin, ionas go bhfuil sé ag plé leis an teideal. Go n-éirí go geal leat. www.isfeidirleat.ie
Na smaointe a ritheann leat www.isfeidirleat.ie
Alt a hAon: Tús a chur leis • Téann na Cluichí Oilimpeacha siar na mílte bliain. • Is iomaí lúthchleasaí cáiliúil a bhain clú agus cáil amach le linn na gcluichí éagsúla. • Sa lá atá inniu ann bíonn na cluichí ar siúl gach ceithre bliana in áiteanna difriúla ar fud an domhain. • Tuigtear an stair fhada a bhaineann lena cluichí. • Tugann na cluichí nua-aimseartha dúshlán do na lúthchleasaithe chomh maith le bród a chothú don iliomad náisiúin mórthimpeall na cruinne. www.isfeidirleat.ie
Alt a Dó • Ráiteas: Téann stair na gCluichí Oilimpeacha siar chuig na céadta roimh Chríost Samplaí • Mhair na cluichí thar na mílaoiseanna. • Cuireadh tús leo sa bhliain sa Ghréig. • Cuireadh tús leis an gCoiste Idirnáisiúnta Oilimpeacha ag deireadh an naoú haois déag. • Tuigeadh cé chomh tábhachtach is a bhí na cluichí www.isfeidirleat.ie
Alt a Trí • Ráiteas: Is iad na Cluichí Oilimpeacha buaicphointe shaoil an lúthchleasaí i roinnt mhaith cásanna. Samplaí • Cuireann siad an traenáil isteach ionas go mbeidh siad ar bharr a ngairme do na cluichí. • Cé a dhéanfaidh dearmad ar ainmneacha cáiliúla cosúil le Usain Bolt nó le Michael Phelps óna cluichí i mBéising sa samhradh 2008? • Clú agus cáil orthu ar fud an domhain www.isfeidirleat.ie
Alt a Ceathair • Ráiteas: Is mór an bród é do náisiún ar bith a lúthchleasaithe a fheiceáil ag déanamh ionadaíochta ar son a dtíortha sna Cluichí Oilimpeacha Samplaí • Is mór an onóir dóibh a bheith ar an seastán ag fáil na mbonn. • Is ábhar mór bróid don tír sa bhaile. • Na dornálaithe i mBéising • Sonia Ó’Sullivan i Sydney www.isfeidirleat.ie
Alt a Cúig • Ráiteas: Is gnó mór iad na Cluichí Oilimpeacha. Samplaí • Fostaítear na mílte tógálaí...... • Bíonn orthu infreastruchtúr d’ardchaighdeán........ • Bíonn na meáin chumarsáide domhanda lonnaithe sa tír aíochta ar feadh cúpla seachtain. • Cabhraíonn sé sin go mór le turasóirí a mhealladh chuig an chathair www.isfeidirleat.ie
Alt a Sé • Tá seanfhocal ann a deir ‘téann focail le gaoth’ • Is iomaí focal atá ráite ar fud an domhain faoina cluichí. • Luaitear ainmneacha na réaltaí ar feadh na mblianta i ndiaidh na gcluichí. • Fágfar rian suntasach ar eacnamaíocht na dtíortha éagsúla, agus fanfaidh na cuimhní agus an bród go smior ionainn le linn ár saolta www.isfeidirleat.ie