90 likes | 308 Views
Aistriú an Ionfhabhtaithe. Gnéas-Tarchur. Tabhair faoi deara, más é do thoil é go bhfuil íomhánna grafacha de na h-orgáin atáirgthe gnéasach sa láithreoireacht seo, scrios amach iad mura mian leat iad a úsáid. Cad iad IGT-anna?.
E N D
Aistriú an Ionfhabhtaithe Gnéas-Tarchur Tabhair faoi deara, más é do thoil é go bhfuil íomhánna grafacha de na h-orgáin atáirgthe gnéasach sa láithreoireacht seo, scrios amach iad mura mian leat iad a úsáid.
Cad iad IGT-anna? • Ionfhabhtuithe a théann ó dhuine go duine de bharr teagmháil ghnéasach • Is féidir cuid acu a leigheas m.sh. Clamaidia • Ní féidir cuid de na galair is tromhchúisí a leigheas m.sh. SEIF • Tá níos mó ná 25 IGT-anna ann, dá bhfios dúinn!
An bhfuil tú in ann smaoineamh ar aon IGT? Truis Heipitíteas Clamaidia VEID SEIF Spuaic Gónairith Faithní na mball giniúna Sifilis
Clamaidia – Na fíricí Eascraíonn ón mbaictéar Chlamydia trachomatis Minicíocht An IGT is mó a diagnóisítear sa RA Comharthaí Bíonn Clamaidia aisiomptóimeach in alán cásanna, ach • Mná– sileadh faighne, pian boilg, pian ag fuail • Fir – sileadh ón mbod, at sna magarlaí,, greannú boid • Leanaí– ionfhabhtú súil, niúmóine Tarchur • Le gnéas faighne, tónach agus béil • Is féidir leis an mháthair é a tharchur chuig an leabh neamhbheirthe Chlamydia trachomatis Magarlaí ata ó ionfhabhtú Clamiadia
Heirpéas na mBall Giniúna Eascraíonn ón Víreas Spuaiceach Aon-phléascach Minicíocht Tháinig méadú de 33% air sa RA idir 1997-2006 Comharthaí ath-fhillteach • Ní bhíonn aon chomhartha ann in a lán cásanna, ach is féidir le hiompróirí aisiomptómach an galar a scaipeadh • Is féidir leis na comharthaí tárlú 26 lá tar éis an nochtaithe. Ina measc tá • Tochas thart fán geiniteach nó an tóin • Neascóidí beaga lán leacht agus cneácha pianmhara • Pian ag fuail • Tinneas ar nós fliú Tarchur • Teagmháil ‘craiceann le craiceann’ Herpes Simplex Virus Heirpéas na mball giniúna- Mná
Gónairith Eascraíonn ón Bacterium Neisseria gonorrhoeae Minicíocht Mhéadaigh fá 46% idir 1997 agus 2006 sa RA Siomptóim • Tá Gónairith tolgtha ag beagnach leath na mná agus bhí siomptóim ag os cionn 90% de na fir • Is féidir leis cur as do bhaill giniúna, anas, recteam, scornach agus i measc na siomptóim tá • Sileadh tanaí uisciúil ón bhfaighne nó ó bharr an bhoid a bhfuil dath buí nó glas air agus pian nuair a mhúntar Tarchur • Caidreamh collaí Neisseria gonorrhoeae
VEID/SEIF Eascraíonn ó Víreas Easpa Imdhíonachta Daonna as a n-eascraíonn SEIF (Siondróm Easpa Imdhíonachta Faighte) Minicíocht (UK) • Tá VEID ar 73,000 duine • Dar le saineolaithe nach eol do 30% de na daoine le SEIF go bhfuil sé orthu Siomptóim Seif luath-chéim: fiabhras, scornach thinn, pian sna hailt, gríos • Céim níos déanaí: fiabhras, allas san oíche, radharc geamhach, borrfhaireoga, cailliúint meáchan • SEIF: Cliseann ar an gcóras imdhíonachta agus fágtar an t-othar nochtaithe do riochtaí bagartha beatha ar nós niúmóine • Tarchur • Le gnéas faighne, tónach agus béil
Truis Eascraíonn ó Fungas den speiceas Candida Minicíocht Mhéadaigh fá 46% idir 1997 agus 2006 sa RA Siomptóim • Mná • Sileadh faighne agus/nó tochas • Pian nó míchompoird le linn caidreamh collaí • Pian nó míchompoird le linn fuail • Fir • Sileadh ón mbod agus at ar an mbod • Pian le linn fuail • Spotaí beaga dearga ar bharr an bhoid Méadaithe ag • Bainteach le h-úsáid antabheathaigh a mharaíonn gnáth micrea-flóra, easpa imdhíonachta • Is féidir é a tharchur go gnéasach Candida albicans candidiasis béil ar an teanga agus an choguas
Cosaint in aghaidh IGT-anna • Staonadh • An t-aon bhealach nach bhfaighfidh tú IGT • Úsáid coiscíní le linn gníomhaíocht ghnéasach • Stopann an coiscín tarchur leacht coirp • Ní thugann coiscín cosaint ach don chraiceann atá clúdaithe aige, beidh cneácha/faithní nach bhfuil clúdaithe fós in ann scaipeadh le teagmháil craicinn • Labhair le do pháirtí • Pléigh na roghanna atá ann maidir le cleachtais ghnéis níos sábháilte • Pléigh an rogha tástáil IGT a fháil díbh beirt sula mbeidh caidreamh gnéis agaibh • Faigh tástálacha agus scrúduithe sláinte go rialta sa gclinic pleanála clainne áitiúil nó sa gclinic leighis úraiginitiúil • Fiú má cheapann tú nach bhfuil ionfhabhtú ott – cuimhnigh nach mbíonn aon chomhartha ag a lán ionfhabhtuithe!