210 likes | 363 Views
An Tionscnamh um Phleanáil Fhorbartha Scoile. TPFS. MEAST Ó IREACHT AR PHOLASA Í An bhfuil do pholasaithe ag feidhmiu? Cá bhfios duit?. Cad a thuigeann tú le Polasaí?. Is treóir scríofa é ar chleachtais inmhianaithe agus comhsheasmach i ngné áirithe de shaol na scoile.
E N D
An Tionscnamh um Phleanáil Fhorbartha Scoile TPFS MEASTÓIREACHT AR PHOLASAÍ An bhfuil do pholasaithe ag feidhmiu? Cá bhfios duit?
Cad a thuigeann tú le Polasaí? Is treóir scríofa é ar chleachtais inmhianaithe agus comhsheasmach i ngné áirithe de shaol na scoile
An Polasaí ag Feidhmiú • Cé’n fáth polasaí? • Conas a chabhraíonn féin-mheastóireacht le héifeacht an pholasaí?
Cé’n fáth polasaí? • Chun cleachtadh a rialú • Chun feabhas a chur ar mhodhanna oibre • Chun fadhb a réiteach • Chun dualgaisí seachtracha reachtaíochta a chomhlíonadh • Chun freagracht a dháiliú
Cé’n fáth a ndéantar meastóireacht ar pholasaithe? • Roghnaigh polasaí tabhachtach atá i bhfeidhm i do scoil le tamall anuas • Cé’n fáth ar fiú meastóireacht a dhéanamh ar an bpolasaí sin? (Plé ar feadh tamaill bhig agus ansin aiseolas ginearálta 5 nóiméad i ngrúpaí)
Féin-mheastóireacht ar Pholasaí Scoile • ‘Siad na múinteóiri is éolaí ar a scoil féin • Cuireann féin-mheastóireacht béim ar chur i bhfeidhm agus ar thionchur an pholasaí • Déanann féin-mheastóireacht athbheóchán ar pholasaí atá dulta i léig • Coinníonn féin-mheastóireacht úinéireacht ar pholasaí
Céard is féin-mheastóireacht pholasaí ann? Is meastóireacht leanúnach ar pholasaí scoile é féachaint an bhfuil ag eirí leis agus cé’n chaoi ar féidir feabhas a chur air
Féin-mheastóireacht ar Pholasaí • An bhfuil an polasaí ag feidhmiu mar ba cheart? • Cabhraíonn an mheastóireacht le toradh inmhianaithe an pholasaí a bhaint amach • Is tré mheastóireacht éifeachtach amháin a chuirfear béim ar thorthaí an pholasaí
Monatóireacht agus Meastóireacht Brathann feabhas rathúil na scoile ar mhonatóireacht agus ar mheastóireacht chórasach ar phróiséis agus ar thorthaí na bpolasaithe (Stoll & Fink 1996)
Is féidir le féin-mheastóireacht…. • Toradh an pholasaí a mheas maidir lena aidhmeanna • Úsáid a bhaint as eolas na múintéoirí ar a scoil féin • Dúshlán a thabhairt do mheoin ‘nós cuma liom’ • Athbheóchán a dheanamh ar pholasaithe atá dulta i léig nó a bhfuil faillí déanta iontu • Deacrachtaí folaithe a aithint • Úinéireacht ar pholasaithe a chothú • Béim a chur arís, ar bhealach phraiticiúil, ar luachanna intrinseacha, lárnacha na scoile
Ag Breathnú ar an Scoil Againne ‘I dtreo feabhais scoile tré athbhreithniú inmheanach agus féin-mheastóireacht’ ‘…athbhreithniú agus féin-mheastóireacht inmheanach scoile le cabhair na meastóireachta seachtraigh cigireachta’
Réimse na Meastóireachta 5 nóiméad i ngrúpaí: • Is ball de ghrúpa thú a bhfuil meastóireacht fhoirmiúil á dhéanamh agaibh ar pholasaithe áirithe i do scoil féin- • Cad a scrúdóidh tú? Obair Bhaile An Cód Iompair Tinreamh agus Rannphairtíocht
Trí Gnéithe de Pholasaí Scoile Toradh Cur i bhfeidhm Próiseas
Cur i bhfeidhm • Tá níos mó i gceist leis an bpolasaí ná cáipéis • Is chun a chur i bhfeidhm a scríobhtar é • Tagann athrú ar chúinsí na scoile • Ní mór bainistiú agus monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an pholasaí
Ag meastóireacht cur i bhfeidhm an pholasaí Chun a fháil amach ar cuireadh gach gné de’n pholasaí i bhfeidhm….. • Cén t-eolas a bheadh á lorg agat? • Céard iad na ceisteanna a chuirfeá? • Cé a cheistéofa? • Cé’n chaoi a mbaileófa na freagraí ? (m. sh. ceistneóir, cruinniú fóirne, tuairiscí scoile……?) • Cé’n uair? 7 nóiméad agus ansin aiseolas
Toradh an Pholasaí Cé’n tionchar atá ag an bpolasaí seo ar an sprioc-ghné i saol na scoile? • Torthaí inmhianaithe • Torthaí nach rabhthas ag súil leo • Tábhacht na dtorthaí
Ag Meastóireacht Torthaí Chun a fháil amach an raibh an tionchar a rabhthas ag súil leis ag an bpolasaí…. • Céard a bheadh á lorg agat? • Céard iad na ceisteanna a chuirfeá? • Cé a cheisteófa? • Cé’n chaoi a mbaileófá na freagraí? (m.sh. ceistneoir, cruinniú fóirne, tuairiscí scoile…..) • Cé’n uair? Ceardlann 10 nóiméad agus aiseolas
Cur chuige do phleanáil meastóireachta pholasaí • Roghnaigh an polasaí a ndéanfar meastóireacht air • Cuir na comhpháirtithe cuí ar an eolas • Déan cinneadh faoi scóip na meastóireachta • Déan critéir rathúlachta an pholasaí a leagan amach • Socraigh na modhanna chun fianaise a bhailiú i dtaca leis na critéir rathúlachta • Bailigh an t-eolas • Déan anailís ar an fhianaise agus tar ar chinneadh • Déan tuairisc a ullmhú agus a roinnt leis na comhpháirtithe cuí • Déan an polasaí a leasú más gá i bhfianaise thorthaí na meastóireachta
An Chéad Chéim eile i do scoil féin • Cé’n polasaí a ndéanfaidh tú meastóireacht air? • Cad iad na céad chéimeanna?
Cad a d’fhoghlaim tú a chabhróidh leat polasaí a mheas? Cad a d’fhoghlaim tú ó cheardlann an lae inniú a chabhróidh leat agus tú ag dul i mbun polasaithe nua?