170 likes | 629 Views
Cáca Milis. Scannán le Brian Lynch. Ceisteanna. Cé hiad na carachtairí? Cá bhfuil an scannán suite? Cén saghas daoine iad na carachtairí? Cad a bhí cearr leis an bhfear? Cad a tharla ag an deireadh?. Freagraí.
E N D
Cáca Milis Scannán le Brian Lynch
Ceisteanna • Cé hiad na carachtairí? • Cá bhfuil an scannán suite? • Cén saghas daoine iad na carachtairí? • Cad a bhí cearr leis an bhfear? • Cad a tharla ag an deireadh?
Freagraí • Is iad Paul agus Catherine na príomhcharachtairí sa scannán seo. Chomh maith leo siúd, tá máthair Catherine ann ag an tús. • Tá an scannán suite ar an traein. • Is duine cruálach, gránna mífhoighneach í Catherine. Is duine soineanta, cairdiúil, cainteach é Paul. • Tá Paul dall agus tá asma air. • Mharaigh Catherine Paul nuair a sciob sí a análóir.
Le staidéár • Achoimre • Téama • Carachtairí • Mothúcháin • Ar thaitin an scannán seo leat? Cén fáth?
Achoimre • Bhí Catherine ag éalú óna máthair don lá. Bhí sí sásta a leabhair grá a léamh ar an traein. • Tháinig Paul isteach agus thosaigh sé a caint léi gan stad. Duine soineanta é. • D’éirigh Catherine mífhoighneach frustrach leis. • Bhí Paul ag cur isteach uirthi. • Bhí Catherine an-chrualách nuair a bhí sí ag insint bréige do Phaul faoi na rudaí a bhí lasmuigh den fhuinneog. • Thosaigh an asma ag cur isteach ar Paul. • Ar dheireadh nuair a d’inis sí dó go raibh péist ina cháca bhí sí uafásach. • Fuair sé taom asma agus sciob Catherine an t-análóir ó Paul. Ní raibh Paul ábalta anáil gan é. • Fuair an fear bocht bás. D’imigh Catherine ón traen gan féachaint siar. Ba chuma léi faoi Paul.
Téama - Cruálacht • Ba í Catherine cúis le bás Paul. Bhí sí cruálach mífhoighneach leis. Níor stop sé ag caint agus ní raibh Catherine ábalta a leabhair a léamh. • Mar sin, d’éirigh sí cruálach agus thosaigh sí ag insint bréige dó faoi na rudaí lasmuigh den fhuinneog agus ansin go raibh péist ina cháca. • Ach tharla an rud is measa ag an deireadh nuair a bhuail taom asma ar Paul agus sciob Catherine an t-análóir. Ní raibh Paul ábalta anáil gan é agus fuair sé bás. • Mharaigh Catherine Paul lena cruálacht agus a mífhoighne.
Catherine Cén sort duine í? - ag an tús - ag an deireadh Gnáthduine le saol deacair Cruálach Mífhoighneach Paul Cén sort duine é? - ag an tús - ag an deireadh Fear le míchumas, ciotach, cainteach, cairdiúil. Páistiúil, soineanta. Carachtairí
Catherine…Cén sórt duine í Catherine? • Is duine…..í – cruálach, teannasach, gránna, cancrach, gnáthdhuine, mífhoighneach, feargach, cumhachtach, drochbhéasach, míchabhrach, ceanndána, mailíseach. • (pointe) Is duine mailíseach agus cruálach í Catherine sa scannán Cáca Milis le Brian Lynch. • (sampla) Feicimid an cruálachas nuair a bhí sí ag insint bréige don fear dall Paul faoi na radhairc agus faoin péist. • (míniú) Bhí sé sin an-chruálach mar d’éirigh Paul trína chéile agus bhí taom asma aige. Bhí sé muiníneach as Catherine. Chreid sé í. • (sampla) Bhí Catherine mailíseach chomh maith mar sciob sí análóir Paul nuair a bhí taom asma aige. • (míniú)Ní raibh Paul ábalta anáil gan é agus fuair sé bás. Bhí Catherine ina chúis le bás Paul. Bhí sí an-mhailíseach.
Paul • Is duine…. é. Dall, soineanta, cainteach, cairdiúil, ciotach, páistiúil, muiníneach, truamhéalach, drochbhéasach, marbh. • Is duine drochbhéasach é Paul. Nuair a bhí sé ag ithe d’fhéach sé déistineach. Líon sé a bhéal le cáca, ansin slog sé siar an caife. Níor dhún sé a bhéal. Rinne sé a lán torann.
Céard iad na mothúcháin a mhothaigh na carachtairí? Céard iad na mothúcháin a mhothaigh tú ag féachaint ar an scannán? Frustrachas, míshonas, áthas, uafás, trua. Samhnas, déistin, frustrachas, brón, trua, Mothúcháin
Ar thaitin an scannán seo leat?? Cén fáth? • Is maith liom an scannán seo, Cáca Milis le Brian Lynch. Bhain mé taitneamh as. Is scéal uafásach é ach tá teachtaireacht láidir ann faoi nádúr daoine. • Tá an carachtair Paul an-shuimiúila sa scéal, fear deas dall é. Ar dtús bhí an scéal greannmhar nuair a bhí Paul ag caint gan stad ach ag an deireadh bhí sé brónach agus uafásach nuair a fuair sé bás. • Bhain mé taitneamh as na carachtairí agus chuir an scéal ionadh orm ag an deireadh.
Ceisteanna don obair bhaile… • An maith leat Catherine? 3 fath. • An maith leat Paul? 3 fath. • Cá raibh Paul ag dul. • Cad iad na fadhbanna sláinte a bhí ag Paul? • Cén sort leabhair a bhí ag Catherine? • Cad iad na bréige a d’inis Catherine do Paul? • Bhí Paul brodúil as cúpla rud. Cad iad? • Cad a tharla ag deireadh an scannáin?
Ceisteanna Lch 128 • Bhí Catherine ag ealú óna máthair agus bhí Paul ag dul ar a laethanta saoire. Bhí siad ar an traen. • Is duine cairdiúil agus cainteach é Paul. Tá sé déistineach ag ithe, dall agus tá asma air. • Cuireann Paul isteach ar Catherine mar bhí sé ag caint gan stad gan staonadh. • Bhí Paul trína chéile mar bhí Catherine ag insint bréige faoi na radharc agus an péist ina cháca. • Tá sé ag ithe cáca milis. Cuireann sé samhnas ar Catherine mar tá gach rud ag prislíneach amach as beal Paul.