130 likes | 332 Views
Spiorad Dé i nDáiví. Bunaithe ar Beo go Deo 4 : Téarma 1, Ceacht 5 Téacs an Mhúinteora lgh. 54-65 Cad tá romham a dhéanamh? An nasc idir Spiorad an Tiarna agus an bheatha i gcomhthéacs an Ghiúdachais a fhiosrú leis na leanaí, trí úsáid a bhaint as scéalta, amhráin agus deasghnátha. Cén fáth?
E N D
Spiorad Dé i nDáiví Bunaithe ar Beo go Deo 4: Téarma 1, Ceacht 5 Téacs an Mhúinteora lgh. 54-65 Cad tá romham a dhéanamh? An nasc idir Spiorad an Tiarna agus an bheatha i gcomhthéacs an Ghiúdachais a fhiosrú leis na leanaí, trí úsáid a bhaint as scéalta, amhráin agus deasghnátha. Cén fáth? Chun go méadófar a dtuiscint ar shiombail agus ar dheasghnáth agus chun bunús a leagan síos do thuiscint na sacraimintí agus an liotuirge amach anseo.
Ungadh Dháiví Bunaithe ar 2 Samúéil 5:1-5
Nuair a bhí Dáiví ina bhuachaill óg chaitheadh sé a lán ama ar na sléibhte ag tabhairt aire do chaoirigh a athar.
Lá amháin,tháinig fáidh darbh ainm Samúéil go hathair Dháiví, ag lorg duine éigin chun dul leis le bheith ina cheannaire ar na daoine.
Cé gurbh é Dáiví an duine ab óige ina chlann, roghnaigh Samúéil é agus rinne sé a choisreacan.
D’fhág Dáiví a mhuintir agus a bhaile agus d’imigh sé le Samúéil.
Tamall fada ina dhiaidh sin,nuair a bhí Dáiví tríocha bliain d’aois, tháinig dhá threibh déag Iosrael chuige, in áit darbh ainm Heabrón.Dúirt duine acu: Is sinne do ghaolta. Bhí tú i do aoire maith do do phobal a fhad is a bhí Saul ina rí.
Agusgheall an Tiarna go mbeithfeáido cheannairearIosraelagus go dtabharfáairedúinncosúil le haoire.
Bhí Dáiví sásta a bheith ina cheannaire orthu. Chuir sé a mhuinín sa Tiarna.
Thóg seanóir as an dá threibh déag Iosrael an ola speisialta. Chuimil sé é dá éadan agus dá bhrollach agus dá lámha agus dá chosa. Is ar an tslí seo a rinneadh Dáiví a ungadh mar rí.
Bhí Dáiví go híontach mar rí. Bhi Dáiví tríocha bliain d’aois nuair a déanadh rí de. Bhi sé mar cheannaire ar Iúdá agus níos déanaí bhí sé mar cheannaire ar Iosrael agus ar Iúdá.