300 likes | 580 Views
Spásturas. An Ghrian. Iúpatar. Mars. Satarn. An Domhan. Véineas. Úranas. Mearcair. Neiptiún. An Grianchóras. Plútón. An Ghrian Tá an ghrian suite i lár an ghrianchórais 1,390,000 ciliméadar is ea trastomhas na gréine.
E N D
An Ghrian Iúpatar Mars Satarn An Domhan Véineas Úranas Mearcair Neiptiún An Grianchóras Plútón
An Ghrian • Tá an ghrian suite i lár an ghrianchórais • 1,390,000 ciliméadar is ea trastomhas na gréine. • Tógann an solas timpeall 8 nóiméad chun teacht ón ngrian chun an domhain. • Tá tarraingt na gréine 28 n-uaire níos láidre ná tarraingt an domhain. • Dá mbeadh meáchan de 70 cileagram ag duine ar an domhan , bheadh an duine céanna 2,000 cileagram ar an ghrian.
An Ghrian • Tá an ghrian déanta den ghás • Creideann na saineolaithe go bhfuil an ghrian timpeall 5,000,000,000 bliain agus go bhfuil leath dá beatha caite aici faoi seo. • Tarlaíonn stoirmeacha móra gréine a dhéanann grianghaotha a chruthaíonn na gealáin thuaidh (aurora borealis) • Ag deireadh a beatha beidh an ghrian 20% (faoin gcéad) níos teo ná mar atá sí anois agus críochnóidh sí mar fhathach dearg.
Mearcair • An chéad pháinéad ón ngrian. • Tá croí iarainn ag an bpláinéad Mearcair. • Tá trastomhas de 4,850 ciliméadar ag Mearcair • Is é an Mearcair an pláinéad is giorra don ghrian • Tá Mearcair suite timpeall 58 milliún ciliméadar ón ngrian • Níl gealacha ar bith ag Mearcair
Véineas • An dara pláinéad ón ngrian. • Níl aon ghealacha ag Véineas. • Tá Véineas clúdaithe le scamaill. • 4. Tá Véineas timpeall 108 milliún ciliméadar ón ghrian • 5. Tá Véineas beagnach chomh mór leis an domhan • le trastomhas de 12,140 ciliméadar.
6. Tá atmaisféar an phláinéid Véineas déanta den dé-ocsaíd charbóin, amóinia agus aigéad sulfarach. 7. Tá an brú atmaisféarach 90 uair níos láidre ná mar atá sé ar an domhan.
An Domhan 1. An ‘pláinéad gorm’ nó an tríú pláinéad ón ngrian. 2. Tá an domhan suite timpeall 150,000.000 ciliméadar ón ngrian. 3. Is é an t-aon phláinéad sa ghrianchóras atá oiriúnach i gcomhair beatha mar a thuigimid í. 4. Tá aon ghealach amháin ag an Domhan.
Mars 1. An ceathrú pláinéad ón ngrian. 2. Tá Mars suite timpeall 258,000,000ciliméadar ón ngrian. 3. Níl aon ghealach ag dul timpeall Mars. 4. Ar na 3ú lá d’Eanáir 2006 thuirling ‘Spiorad’ ar Mars.
5. Tá dromchla Mhars cosúil le gaineamhlach. 6. Tá trastomhas Mars timpeall 6,790 ciliméadar. 7. Tá a thrastomhas mar sin beagnach leath chomh mór le trastomhas an domhain atá 12,140 ciliméadar. 8. Tá 695 lá i mbliain amháin den phláinéad seo.
Iúpatar 1. Is é Iúpatar fathach an ghrianchórais 2. Tá Iúpatar 300 uair níos mór ná an domhan. 4. Casann Iúpatar ar a ais dhá 10 n-uaire agus mar sin bíonn stoirmeacha uafásacha air an t-am ar fad. 3. Oibríonn Iúpatar mar fholúsghlantóir mór a tharraingíonn chuige féin astaróidigh agus dreigí móra ar fhéidir leo beatha ar an domhan scriosadh.
an Deargspota • Is stoirm mhór í an Deargspota atá ar siúl anois le breis agus • 300 bliain. • 2.Tá leithne an deargspota timpeall 20,000 ciliméadar - is é sin dhá uair níos mó ná achar dromchla an domhain.
Satarn 1. Is í Satarn an dara pláinéad is mó sa ghrianchóras. 2. Is radharc iontach álainn é lena chuid fáinní taibhseacha. 3. Tá leithne de 270,000 ciliméadar ag fáinní Shatairn agus doimhne de 15 chiliméadar. 4. Tá na fáinní roinnte de réir a ngiorracht don phláinéad féin: fáinne 1 (an fáinne is faide ón phláinéad), fáinne 2 (an dara pláinéad is faide), agus fáinne 3 (an pláinéad is giorra) agus tá bearna idir fáinne 1 agus fáinne 2 ar a dtugtar an bhearna Cassini 5. Tá 10 satailít (ngealach) ag Satarn, orthu siúd atá Tíotán.
Úránas 1. Is é Úránas an seachtú pláinéad. 2. Tá sé suite 2,870,000,000 ciliméadar ón ngrian. 3. Tógann sé 84 bliana chun dul timpeall na gréine. 4. Tá trastomhas de 48,000 ciliméadar aige 5. Tá a ais claonta i dtreo na gréine. 6. Tá 5 ghealach ag an bpláinéad seo.
Neiptiún 1. Is é Neiptiún an t-ochtú pláinéad. 2. Tá sé suite 4,497,000,000 ciliméadar ón ngrian. 3. Tógann sé gar le 165 bliana chun dul timpeall na gréine. 4. Tá trastomhas de 50,000 ciliméadar aige 5. Ní féidir é a fheiceáil ach le cúnamh teileascóip. 6. Tá 2 ghealach aige.
Plútón 1. Is é plútón an naoú pláinéad inar ngrianchóras 2. Tá sé suite 5,923,000,000 ciliméadar ón ngrian. 3. Tógann sé 248 mbliana chun dul timpeall na gréine. 4. Tá trastomhas de 6,400 ciliméadar aige 5. Tá Plútón déanta de leac oighir agus de charraig. 6. Níl aon ghealach aige.
Tá thart ar 400 billiún réalta i réaltra Bealach na Bó Finne
Cá bhfuil an réaltra is giorra dár réaltra féin?
Andraiméide 2.2 bhilliún solasbhliain
Réaltra Andraiméide 1. Is é an réaltra is giorra do Bhealach na Bó Fine. 2. Tá na céadta billiún réalta sa réaltra Andraiméide. 3. Tógann an solas dhá mhilliún bliain chun teacht chuig an domhan ón réaltra Andraiméide.