100 likes | 277 Views
Gabhaimid Buíochas. Bunaithe ar Beo go Deo 4 : Téarma 3, Ceacht 5 Téacs an Mhúinteora lgh. 352 – 361 Cad tá romham a dhéanamh? Cuidiú leis na leanaí: bheith ar an eolas faoi amanna ina saol nuair atá sé tábhachtach ‘go raibh maith agat’ a rá;
E N D
Gabhaimid Buíochas Bunaithe ar Beo go Deo 4: Téarma 3, Ceacht 5 Téacs an Mhúinteora lgh. 352 – 361 Cad tá romham a dhéanamh? Cuidiú leis na leanaí: • bheith ar an eolas faoi amanna ina saol nuair atá sé tábhachtach ‘go raibh maith agat’ a rá; • a thuiscint nuair a bhímid ar Aifreann go dtugaimid moladh agus buíochas do Dhia as tíolacthaí uile na beatha agus go háirithe as Íosa, Mac Dé, a thabhairt dúinn. • Cén fáth? • Sa dóigh is go nglacfaidh siad páirt níos iomláine i gceiliúradh na hEocairiste.
An Deichniúir Lobhar Bunaithe ar Lúcás 17:11-19
Lá amháin, bhí Íosa agus a chairde ag siúl isteach sa tsráidbhaile.
Casadh deichniúr le galar craicinn ar Íosa. Glaodh lobhair ar an deichniúr acu sin. D’fhan siad ar gcúl - mar a rinne siad i gcónaí. Ghlaoigh na lobhair amach. ‘A Íosa, A Mháistir, bíodhtruaagatdúinn!’
Bhí trua ag Íosa dóibh, d’fhéach sé orthu agus dúirt sé: Imígí agus taispeánaigí sibh féin do na sagairt
Ar a slí go dtí na sagairt, leigheasadh an deichniúr lobhar.
Samárach ba ea duine den deichniúr. Nuair a chonaic sé go raibh sé leigheasta, rith sé ar ais go dtí Íosa agus ghabh sé buíochas le hÍosa.
Dúirt Íosa: Leigheasadh deichniúr agaibh - cá bhfuil an naonúr eile?
Ansin dúirt sé leis an Samárach: Éirigh agus imigh leat. Rinne do chreideamh tú a leigheas
Chuaigh an Samárach go dtí na sagairt chun é féin a thaispeáint dóibh.