240 likes | 1.02k Views
An Fhoireann ag cruthú go hiontach. Pictiúr a hAon. Abairtí simplí do Phictiúr a hAon. Mí Mheán Fómhair a bhí ann. Bhí imreoirí ag teastáil don tSraith Iomána. Cheap Pádraig go raibh sé spéisiúil. Labhródh Pól leis an Uasal Ó Broin faoi. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a hAon.
E N D
An Fhoireann ag cruthú go hiontach www.isfeidirleat.ie
Pictiúr a hAon www.isfeidirleat.ie
Abairtí simplí do Phictiúr a hAon • Mí Mheán Fómhair a bhí ann. • Bhí imreoirí ag teastáil don tSraith Iomána. • Cheap Pádraig go raibh sé spéisiúil. Labhródh Pól leis an Uasal Ó Broin faoi. www.isfeidirleat.ie
Forbairt Foclóra ar Phictiúr a hAon • Mí Mheán Fómhair a bhí ann. • Bhí beirt chara, Pádraig agus Pól ag crocadh thart Coláiste Eoin le chéile. • Thug siad an fógra faoin tSraith Iomána faoi deara. Fógraíodh go raibh imreoirí nua uathu. • Cheap Pádraig go mbeadh sé spéisiúil agus go raibh suim aige triall a bhaint as. • Dúirt Pól go labhródh sé leis an Uasal Ó Broin faoi. www.isfeidirleat.ie
Pictiúr a Dó www.isfeidirleat.ie
Abairtí simplí do phictiúr a Dó • D’iarr na buachaillí ar a chéile an raibh aon spéis acu san fhoireann. • Bhí spéis acu ann. Bhí dhá lá traenála tar éis scoile dar leis an múinteoir. • “Cén t-am a bheidh sé ar siúl”, arsa Pól leis an múinteoir. www.isfeidirleat.ie
Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Dó • Labhair siad lena chéile faoi. • D’iarr Pádraig ar Phól an raibh suim aige ann. • Ba léir go raibh an-suim ag an mbeirt acu triail a bhaint as. • Chuaigh siad chun labhairt leis an Uasal Ó Broin. • Dúirt Pádraig leis gur mhaith leis an mbeirt acu triail a bhaint as an iománaíocht an bhliain sin. • Dúirt an tUasal Ó Broin leo go mbeadh sé ar siúl dhá lá i ndiaidh scoile. Thug sé an t-am dóibh freisin. www.isfeidirleat.ie
Pictiúr a Trí www.isfeidirleat.ie
Abairtí simplí do Phictiúr a Trí • Bhí traenáil ar siúl ar an bpáirc. • Mí Aibreáin a bhí ann.Bhí bliain iontach ag an bhfoireann dar leis an Uasal Ó Broin. • Shroich an fhoireann an chraobh. www.isfeidirleat.ie
Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Trí • Ba thraenáil chrua é ach b’fhiú go mór é. Chuir gach duine ar an bpainéal an-iarracht isteach san iománaíocht an bhliain sin. • D’éirigh thar cionn leo. • Bhí an-obair curtha isteach ag an bhfoireann dar leis an Uasal Ó Broin agus d’éirigh leo áit a fháil sa chraobh. • Bhí na himreoirí ar fad ar mhuin na muice. • Ní raibh siad sásta an seans seo a chailliúint. Mar a deir an seanfhocal ‘buail an t-iarann fad is atá sé te’. www.isfeidirleat.ie
Pictiúr a Ceathair www.isfeidirleat.ie
Abairtí simplí do Phictiúr a Ceathair • Bhí busanna eagraithe don chraobh. • Bhí siad ag fágáil ar a dó a chlog. • Bhí siad eagraithe chun tacaíocht a thabhairt don fhoireann. www.isfeidirleat.ie
Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Ceathair • Eagraíodh busanna don chraobh. • Bhí suim ag formhór na ndaltaí freastal ar an gcluiche chun tacaíocht a thabhairt don fhoireann. • Bhí atmaisféar iontach ar scoil de bharr na craoibhe. • Fágadh na busanna thart ar a dó a chlog. www.isfeidirleat.ie
Pictiúr a Cúig www.isfeidirleat.ie
Abairtí simplí do Phictiúr a Cúig • Bhí dhá chúl agus ocht gcúilín ag Coláiste Eoin agus bhí dhá chúl agus sé chúilín ag Coláiste Phádraig. • Bhuaigh Coláiste Eoin. • Thug siad an corn dóibh www.isfeidirleat.ie
Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Cúig • Cluiche ceannais iontach a bhí ann. Ní raibh tada idir an dá fhoireann. • Bhí ríméad an domhain ar gach duine ó Choláiste Eoin nuair a d’éirigh leo sa chluiche. • An scór deiridh a bhí ann ná dhá chúl agus ocht gcúilín ag Coláiste Eoin agus bhí dhá chúl agus sé chúilín ag Coláiste Phádraig. • Bronnadh an corn ar chaptaen Choláiste Eoin. Chuaigh lucht tacaíochta na scoile sin i bhfiáin nuair a ardaíodh an corn. www.isfeidirleat.ie
Pictiúr a Sé www.isfeidirleat.ie
Abairtí simplí do Phictiúr a Sé • Dúirt an príomhoide leo go raibh siad ar fheabhas agus go raibh moladh tuillte acu. • Bhí cóisir mhór eagraithe acu. • Bhí áthas an domhain orthu. www.isfeidirleat.ie
Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Sé • Labhair an príomhoide leis an bhfoireann an lá dár gcionn. Dúirt sé leo go raibh siad go hiontach agus go raibh moladh mór tuillte acu. • Ghabh sé buíochas leis an Uasal Ó Broin as ucht a dhúthrachta leis an bhfoireann agus dúirt sé leo go mbeadh cóisir acu níos déanaí an tseachtain sin. • Bhí bród an domhain ar an bhfoireann agus smaoinigh siad ar an seanfhocal ‘an té a chuireann san earrach bainfidh sé san fhómhar’, cé go raibh séasúir dhifriúla dóibh. www.isfeidirleat.ie
Ceisteanna www.isfeidirleat.ie
Ceisteanna Samplacha • Céard a bhí ag teastáil don tSraith Iomána i bPictiúr a hAon? • Cé mhéad lá a bhí an traenáil tar éis scoile? • Céard a shroich an fhoireann? • Céard a bhí eagraithe don chraobh i bPictiúr a Ceathair(Lár ar dheis)? • Cén t-am a bhí na busanna ag fágáil? • Cén scór a bhí ann ag deireadh an chluiche? • Cad a dúirt an príomhoide leis an bhfoireann ag an scoil i bPictiúr a Sé? www.isfeidirleat.ie