70 likes | 357 Views
Bláth na hóige Réamhobair. I gceann tamaill, beidh tú ag éisteacht le múinteoir ag cur síos ar an saghas duine a bhí ann nuair a bhí sé ina dhéagóir. Ach ar dtús féach ar an rann seo: Fiche bliain ag fás Fiche bliain faoi bhláth Fiche bliain ag meath
E N D
Bláth na hóige Réamhobair I gceann tamaill, beidh tú ag éisteacht le múinteoir ag cur síos ar an saghas duine a bhí ann nuair a bhí sé ina dhéagóir. Ach ar dtús féach ar an rann seo: • Fiche bliain ag fás • Fiche bliain faoi bhláth • Fiche bliain ag meath • Agus fiche bliain gur cuma ann nó as. • Cén bhrí atá leis an seanrann thuas? • Pléigh líne ar líne é leis an duine in aice leat agus abraigí pé acu an aontaíonn sibh leis an teachtaireacht atá i ngach líne. Tugaigí cúiseanna le bhur bhfreagra.
Bláth na hóige Éisteacht 1 Éist le Donncha Ó Céileachair ag rá cén saghas duine ba ea é agus é ina dhéagóir agus freagair na ceisteanna seo: • An bhfuil Donncha an-difriúil anois mar dhuine ná mar a bhí sé agus é ina dhéagóir? Tabhair samplaí chun tacú le do fhreagra. • Cad a deir sé faoi Bob Dylan agus na Rolling Stones? • An raibh gruaig fhada ar Dhonncha nuair a bhí sé ina dhéagóir? • Cén saghas stíl éadaí a bhí comónta ag an am? • Cad iad na rudaí a raibh spéis ag Donncha iontu ag an am (bhí póstaeir aige fúthu)? • Cén chomhairle saoil a bhí ag an bhfear i Londain do Dhonncha?
Bláth na hóige Éisteacht 2 Éist le Donncha don dara babhta agus aimsigh an leagan Gaeilge a úsáideann sé ar na focail/frásaí seo: • cheery: ___________________ • ...as I was once: ___________________ • hope: ___________________ • the charts: ___________________ • a particular time period: ___________________ • we were really into them: ___________________ • design: ___________________ • revolutionary: ___________________ • we felt we could relate to them: ___________________ • there was no harm in it: ___________________
Bláth na hóige Iarobair 1 Líon isteach na boscaí thíos le heolas a bhaineann leat féin agus le d’aoisghrúpa. An bhfuil sé deacair ort rudaí áirithe a rá as Gaeilge le cur sna boscaí thíos? Má tá, bígí ag obair orthu le chéile mar rang le treoir an mhúinteora.
Bláth na hóige Iarobair 2 • Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: • An bhfuil cúrsaí faisin tábhachtach duitse? Cén fáth? • An bhfuil sé tábhachtach duit cá gceannaíonn tú do chuid éadaí nó an cuma leat cén lipéad atá orthu? • Deirtear go mbíonn a lán brú ar dhaoine óga ó thaobh íomhá choirp de. An síleann tú go mbraitheann tusa agus do chomhaoisigh an brú sin? • Cad as a dtagann an brú ó thaobh íomhá choirp de, i do thuairim féin? • An síleann tú gur cheart go mbeadh cosc ar irisí aerphéinteáil (airbrushing) a dhéanamh ar na mainicíní / réaltaí a bhíonn iontu? Cén fáth?
Bláth na hóige Iarobair 3 • A: Féach ar na seanfhocail seo. Cén chiall a bhaineann tú astu? Agus cathain, dar leat, a d’úsáidfeá iad? • Ní féidir ceann críonna a chur ar cholainn óg. • Is í an chiall cheannaithe an chiall is fearr. • Is breá an ní an óige ach ní thagann sé faoi dhó. • Cuir síoda ar ghabhar ach is gabhar i gcónaí é. • Is maith an scáthán súil charad. • Maireann croí éadrom i bhfad. • B: Ó sheanfhocail go focail nua - an dtuigeann tú an • téarmaíocht thíos a bhaineann le haois? • Idirdhealú ar bhonn aoise • Aosoideachas • Teorainn aoise • Aois toilithe
Bláth na hóige Scríobh • Scríobh litir chugat féin a léifidh tú nuair a bheidh tú sna tríochaidí. Sa litir bíodh comhairle agat duit féin ó thaobh dearcadh ar an saol de agus conas mar ba cheart duit bheith ag caitheamh do shaoil. Bíodh na rudaí seo i d’aigne agat agus tú á scríobh: • An saghas saoil a bheifeá ag súil a bheidh á chaitheamh agat agus tú sna tríochaidí. • Na rudaí atá bainte amach agat go dtí seo. • An saghas duine tú (tá súil agat!). • Frásaí úsáideacha: • Tá súil agam go... • Ná déan dearmad... • Pé rud a dhéanfaidh tú ná bí...