90 likes | 627 Views
Níl aon Ní. Le Cathal Ó Séarcaigh. Níl Aon Ní Níl aon ní, a stór, Níos suaimhní ná clapsholas smólaigh i gCaiseal na gCorr; ná radharc níos aoibhne ná buicéad stáin na spéire ag sileadh solais ar Inis Bó Finne Is dá dtiocfá liom, a ghrá, bheadh briathra ag bláthú ar ghas mo ghutha
E N D
Níl aon Ní Le Cathal Ó Séarcaigh
Níl Aon Ní Níl aon ní, a stór, Níos suaimhní ná clapsholas smólaigh i gCaiseal na gCorr; ná radharc níos aoibhne ná buicéad stáin na spéire ag sileadh solais ar Inis Bó Finne Is dá dtiocfá liom, a ghrá, bheadh briathra ag bláthú ar ghas mo ghutha mar shiolastrach Ghleann an Átha, Is chluinfeá geantraí sí i gclingireacht na gcloigíní gorma i gcoillidh Fheanna Bhuí Ach b’fhearr leatsa i bhfad brúchtbhaile balscóideach i mBaile Átha Cliath lena ghleo tráchta gan stad, seachas ciúinchónaí sléibhe mar gciúnaíonn an ceo le teacht na hoíche anuas ó mhín na Craoibhe.
An Téama • Is é grá don áit dhúchais téama an dáin seo.
Íomhánna Tá a lán íomhánna láidre sa dán seo: Orthu siúd atá: ● clapsholas smólaigh ● buicéad stáin na spéire ● briathra ag bláthú ● ciúnchónaí sléibhe
Uaim Úsáideann an file uaim sa dán. Mar shampla: ● clingireacht na gcloigíní gorma ● brúchtbhaile balscóideach
Mothúcháin Tá grá agus fuath sa dán seo: • Tá grá ag an fhile don tuath agus fuath aige don chathair. • Ta grá aige don nádúr agus tá fuath aige don saol saorga.
Céard atá ag tarlú sa dán? • Deir an file lena ghrá teacht leis go dtí Caiseal na gCorr mar tá sé go hálainn ansin ach is fearr lena ghrá fanacht i mBaile Átha Cliath.
Conas a chuaigh an dán i bhfeidhm orm? • Is maith liom an dán seo mar tá mé ábalta Caiseal na gCorr a fheiceáil agus tá an chodarsnacht idir ciúnas na tuaithe agus torann na cathrach déantago maith sa dán.