1 / 8

Cad is cumarsáid ann? Réamhobair 1

Cad is cumarsáid ann? Réamhobair 1. Bí ag obair leis na daoine eile i do ghrúpa agus tugaigí faoin tasc thíos: Cumaigí sainmhíniú cruinn beacht ar an gcoincheap cumarsáid . Déanaigí ransú intinne ar na cineálacha éagsúla cumarsáide atá ann. Tá roinnt samplaí déanta daoibh. teangacha.

fia
Download Presentation

Cad is cumarsáid ann? Réamhobair 1

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Cad is cumarsáid ann?Réamhobair 1 Bí ag obair leis na daoine eile i do ghrúpa agus tugaigí faoin tasc thíos: Cumaigí sainmhíniú cruinn beacht ar an gcoincheap cumarsáid. Déanaigí ransú intinne ar na cineálacha éagsúla cumarsáide atá ann. Tá roinnt samplaí déanta daoibh. teangacha Facebook na meáin faisean

  2. Cad is cumarsáid ann?Réamhobair 2 Féach ar na bealaí ar fad ar féidir leat dul i dteagmháil le duine. Cuir in ord tábhachta iad trí uimhir 1 a chur in aice leis an gceann a úsáideann tú níos minice ná na cinn eile, agus lean ar aghaidh mar sin go dtí uimhir a 10. Litreacha nó cártaí Facebook Glaonna teileafóin Skype Colúr teachtaireachta Téacsanna Fógraí deataigh Ríomhphoist Myspace Twitter Cad a bhí ag an duine in aice leat? Déan plé ar aon difríochtaí a bhí eadraibh.

  3. Cad is cumarsáid ann?Scríobh Caithfidh tú teachtaireacht a chur chuig gach duine de na daoine seo thíos faoi thopaic amháin atá sa saighead chorcra. Caithfidh tú mar sin rogha a dhéanamh faoi mbealach a rachaidh tú i dteagmháil leo – glao teileafóin nó Facebook, mar shampla, agus ansin a ndéarfaidh tú leo a scríobh síos i do chóipleabhar. cara maith do sheanmháthair múinteoir cara nach bhfaca tú le blianta comhghairdeas comhbhrón buíochas breithlá sona Féach cad a bhí ag an duine in aice leat.

  4. Cad is cumarsáid ann?Éisteacht 1 Beidh tú ag éisteacht le Clíodhna ag déanamh cur síos ar an tslí a dtéann sí i dteagmháil le daoine. Freagair na ceisteanna seo agus tú ag éisteacht léi. Luann Clíodhna trí chúis a gceapann sí go bhfuil Facebook go maith. Cad iad? Deir sí cén fáth gur rud maith é nach mbíonn sí ag brath an iomarca ar an nguthán. Cad é? Conas a théann sí i dteagmháil le daoine mar sin? An gcuireann sí mórán ríomhphost? Mínigh.

  5. Cad is cumarsáid ann?Éisteacht 2 A. Éist leis an mír den dara huair agus breac síos an leagan a bhí sa mhír ar na focail seo: Facebook: ______________ úsáid: ______________ le fada: ______________ olc: ______________ go leor: ______________ ní mór dom: ______________ ait: ______________ Is ait an mac an saol Cad is brí leis an nath cainte thuas? B. Thug Clíodhna straoisleabhar ar Facebook. Cad a cheapann tú faoin ainm sin? Ar cheart téarmaí ar nós Facebook a aistriú go Gaeilge? Cad chuige? C. Cén Ghaeilge a chuirfeá féin agus an duine in aice leat ar na téarmaí seo: Twitter / iPhone / Facebook /Smartphone

  6. Cad is cumarsáid ann?Iarphlé 1 Códmheascadh i measc cainteoirí Gaeilge Pléigh na ceisteanna leis an duine in aice leat: Cad is brí leis an téarma códmheascadh? An raibh aon sampla de sa mhír atá díreach feicthe agaibh? Cén fáth a dtarlaíonn a leithéid i measc cainteoirí Gaeilge, dar libh? An féidir libh samplaí a thabhairt ó bhur gcuid cainte féin? An dtarlaíonn códmheascadh i measc cainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht amháin, dar libh?

  7. Cad is cumarsáid ann?Iarphlé 2 Cuir tic leis an uimhir in aice le gach ráiteas thíos faoi chúrsaí cumarsáide ag brath ar do thuairim faoin ráiteas. 1. = Aontaím go láidir leis. 3. = Tá mé idir dhá chomhairle faoi. 5. = Easaontaím amach is amach leis. • Ba cheart go mbeadh guthán póca ag gach duine ón aois deich mbliana ar aghaidh. 1 2 3 4 5 • Tá sé de cheart ag tuismitheoirí fios a bheith acu ar na suíomhanna a mbíonn déagóirí ag féachaint orthu ar an idirlíon. 1 2 3 4 5 • Is bealach iontach iad na seirbhísí geandála (dating services) ar an idirlíon le casadh le duine. 1 2 3 4 5 • Tá sé ceart go leor briseadh suas le duine trí théacs a sheoladh chuige/chuici. 1 2 3 4 5 • Níl aon dochar ann duine a ‘dhíchairdiú’ (unfriend) ar Facebook. 1 2 3 4 5 • Cad a bhí ag an duine in aice leat?

  8. Cad is cumarsáid ann?Iarphlé 3 Cad atá á rá ag na fir seo thíos? Nó cad a deir an chomharthaíocht choirp fúthu?

More Related