1 / 6

Comhairle don scrúdú cainte réamhobair

Comhairle don scrúdú cainte réamhobair. Ar ball, beidh tú ag éisteacht le Donncha, múinteoir ó Chorca Dhuibhne ag tabhairt comhairle mar gheall ar an scrúdú béil Gaeilge. Ach cén saghas comhairle a chuirfidh sé ar dhaltaí?

Download Presentation

Comhairle don scrúdú cainte réamhobair

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Comhairle don scrúdú cainte réamhobair Ar ball, beidh tú ag éisteacht le Donncha, múinteoir ó Chorca Dhuibhne ag tabhairt comhairle mar gheall ar an scrúdú béil Gaeilge. Ach cén saghas comhairle a chuirfidh sé ar dhaltaí? Bí ag obair leis an duine in aice leat agus sula n-éisteann sibh leis ag caint, liostálaigí in bhur gcóipleabhair, 3 phíosa comhairle a shíleann sibh a thabharfaidh sé. Cad iad na rudaí is mó a chuirfidh imní ortsa sa scrúdú cainte? Cuir uimhir in aice le gach ceann thíos i do chóipleabhar – uimhir 1 don rud is mó a chothaíonn fadhbanna duitse, uimhir 2 don dara rud agus mar sin de...

  2. Comhairle don scrúdú cainte Éisteacht Éist le Donncha, an múinteoir Gaeilge, ag cur comhairle ar dhaltaí don scrúdú cainte agus fair amach do na rudaí seo a leanas: • An gceapann Donncha go bhfuil sé tábhachtach do dhaltaí Gaeltachta agus Gaelscoile ullmhú don scrúdú cainte? Cén fáth? • An gceapann Donncha gur leor é díreach freagra a thabhairt ar cheist sa scrúdú cainte? Cén fáth? • Cé chomh tábhachtach is atá sé, dar le Donncha, a bheith cruinn ó thaobh na gramadaí de?

  3. Comhairle don scrúdú cainteIarphlé1 Abair ar shlí eile é... Cén chanúint atá ag Donncha? Conas atá a fhios agat? Luaigh cúis amháin. Deir Donncha rudaí cosúil le ‘D’fhreagraíosgach aon cheist’ An féidir leatsa é sin a rá ar shlí eile? Agus an ceann seo? ‘An rud ba thábhachtaí ná go rabhas ábalta rud éigin a lorg.’ Agus an ceann deireanach? ‘Tá ábhairín Fraincise agam.’

  4. Comhairle don scrúdúcainte Iarphlé 2 Féach ar na frásaí seo bunaithe ar an agallamh le Donncha a bhfuil cló dubh orthu agus pléigh iad le chéile mar rang. An dtuigeann sibh na nathanna atá iontu? 1. An dóigh leat gur cheart do dhalta tabhairt faoin scrúdú cainte sa Teastas Sóisearach? 2. Glacann tú leis go bhfuil rudaí áirithe ann ach ní chuimhníonn tú ar rudaí eile. 3. Níor mhór liosta a dhéanamh de sin. 4. An mbíonn leisce ar dhéagóirí a bheith ag caint? 5. Ní freagraí atá i gceist in aon chor le scrúdú béil. 6. Is tábhachtaí go bhfuil tú ábalta tú féin a chur in iúl. 7. Níor chuir sé aon tinneas faoin spéir orm an raibh mé cruinn nó nach raibh. 8. Cad a déarfá leis an té a bheadh scanraithe ina bheathaigh roimh an scrúdú cainte?

  5. Comhairle don scrúdú cainteIarphlé3 An dtuigeann tú an difríocht idir na péirí abairtí seo? • Is duine leisciúil é Tomás. • Tá leisce ar Thomás dul amach ag rith. • Mhínigh sí dom cad a bhí i gceist leis an aiste. • Mhínigh sí dom cad a bhí i gceist aici. Sa Bhéarla úsáidtear dhá bhriathar difriúil chun na rudaí seo a chur in iúl: I presume they’ll be here soon. I accept your argument. Conas a chuirtear na rudaí céanna in iúl sa Ghaeilge? (Déanfaidh briathar amháin an gnó.)

  6. Comhairle don scrúdú cainteIarphlé4 1. An mbeidh tusa neirbhíseach ag dul isteach go dtí an scrúdú cainte? An mbíonn tú neirbhíseach ag déanamh scrúduithe, de ghnáth? 2. Cén teanga iasachta a dhéanann tusa ar scoil? An mbeidh tú neirbhíseach ag tabhairt faoin scrúdú cainte sa teanga sin? Cén fáth? 3. Conas atá sé i gceist agat ullmhú don dá scrúdú cainte (Gaeilge agus teanga iasachta)? An bhfuil aon difríochtaí sa tslí a ullmhóidh tú don dá scrúdú?

More Related