110 likes | 499 Views
Méabh (ceisteanna breise). Ardteistiméireacht Ardleibhéil. Méabh, cad é do mheas ar oideachas sa tír seo? Déanta na fírinne nílim sásta leis an ardteistiméireacht, ná an córas scrúdaithe sa tír seo ar chor ar bith.
E N D
Méabh (ceisteanna breise) Ardteistiméireacht Ardleibhéil
Méabh, cad é do mheas ar oideachas sa tír seo? Déanta na fírinne nílim sásta leis an ardteistiméireacht, ná an córas scrúdaithe sa tír seo ar chor ar bith. Bíonn an iomarca brú ar fad ar na daltaí scoile. Sa Bhreatain Mhór ní bhíonn ach trí cinn le déanamh ag na daltaí, ach anseo in Éirinn bíonn seacht nó ocht n-ábhar le hullmhú. Thairis sin conas is féidir 6 mbliana scolaíochta a mheas i gcaitheamh dhá uair a chloig – tá sé go háiféiseach. Ba chóir measúnú leanúnach a thabhairt isteach mar atá acu sna Stáit Aontaithe.
Ach nach bhfuil an rialtas ag cur a lán airgid isteach san oideachas na laethanta seo? Tá, cinnte! Tá a lán airgid á chur isteach maidir le foirgnimh nua agus is fíor freisin go bhfuil a lán áiseanna nua-aimseartha ag na scoileanna nach raibh acu roimhe seo. Ach nílim ag caint faoi na rudaí seo. Nílim ag fáil locht ar na scoileanna ná ar na múinteoirí ach oiread ach níl mórán athraithe, dar liomsa, le feiceáil ar na siollabais ó aimsir sin nuair a bhí m’athair ar scoil. Tóg an Ghaeilge mar shampla, ba chóir go mbeadh caoga faoin gcéad, ar a laghad, de na marcanna ag dul don scrúdú béil, dar liomsa.
Cad é do mheas ar na léirsithe polaitiúla maidir le Tibet? An gceapann tú go mba cheart baghcat a imirt ar na Cluichí Oilimpeacha? Níl mórán eolais agam ar chúis na Tibéide. Tá a fhios agam go ndeachaigh na Sínigh isteach go dtí an Tibéid i míle naoi gcéad caoga agus go ndearna siad creach uafásach ar an tír sin. Ach creidim féin gur rudaí éagsúla iad an spórt agus an pholaitíocht. Ní mór an dá rud úd a choimeád glan amach óna cheile. Is rud amháin é an spórt agus rud eile ar fad an pholaitíocht.
Is fadhb mhór í truailliú na timpeallachta? Cad is féidir linn a dhéanamh chun an scéal a chur ina cheart? Bheul, bíonn ár scoil ag déanamh a dhícheall chun an laghdú is mó ar dhéanamh ar an dramhaíl a dhéanaimid. Bíonn trí ghabhdán difriúla againne. Gabhdán dubh ina gcuirtear an dramhaíl ghinearálta, gabhdán glas ina gcuirimid páipéar agus gabhdán donn don dramhaíl orgánach. Rud eile atá diomailteach, dar liomsa. Tugann a lán tuismitheoirí páiste amháin ar scoil i jíp mór nó i gcarr príobháideach nuair is féidir leo siúl ar scoil nó rothar a úsáid. Méadaíonn sin go mór ar an truailliú, dar liomsa.
An gceapann tú gur féidir an téamh domhanda a stopadh? Deirtear go bhfuil sé ró-dhéanach cheana féin chun an téamh domhanda a chur ar ceal ach b’fhéidir gurbh fhéidir linn moill éigin a chur ar an bpróiseas. Ní mór dúinne, is dócha, dul i muinín modhanna nua ginte leictreachais. Níl go leor taighde déanta, dar liomsa, ar conas go bhféadfaí tairbhe níos mó a bhaint as fuinneamh gréine, muilte gaoithe nó as tonnta mara. Mar aon leis sin is minic go bhfágann daoine an teilifís nó an ríomhaire i mód fuireachais(on standby) in ionad iad a mhúchadh agus nach minic freisin go bhfágaimid na plocóidí i soicéid leictreachais nuair nach gá é.
Cad is féidir a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa tír, dar leatsa? Bíonn a lán á dhéanamh cheana féin. Le blianta beaga anuas bíonn an rialtas ag cur airgead mór isteach sna Gaeltachtaí. Tá forbairt le feiceáil, gan aon amhras, sna féidearthachtaí do dhaoine óga sna ceantair sin freisin. Agus is tionscal mór fós do na Gaeltachtaí na coláistí samhraidh. Téann na mílte daoine óga gach bliain go dtí an Daingean, go dtí Conamara agus Gaoth Dobhair chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Níl dabht ach gur maith an comhartha don Ghaeilge nuair a bhíonn bláth le feiceáil ar na ceantair Ghaeltachta.
Tá sin go seoigh ach cad mar gheall ar an Ghaeilge i mBaile Átha Cliath, a Mhéabh? Is mór an cúnamh don teanga ‘Seachtain na Gaeilge’ nuair a bhíonn eachtraí ar siúl ar fud na cathrach as Gaeilge – díospóireachtaí, drámaí, seisiúin ceoil, agus eile. Díríonn ‘Seachtain na Gaeilge’ aire an phobail ar an teanga. Agus bíonn tairbhe na seachtaine sin le mothú i bhfad ina dhiaidh na seachtaine féin. Is minic a chloisim daoine óga ag caint as Gaeilge ar na sráideanna, i mbusanna agus ar pháirceanna imeartha tar éis Seachtain na Gaeilge. Chuaigh mé isteach go dtí Homebase nua i Rathfarnáin le déanaí agus chonaic mé go raibh na comharthaí go léir i mBéarla agus i nGaeilge. Cuidíonn sin go mór freisin.
Conas a imríonn tú cluiche haca? Imrítear an haca ar fhaiche imeartha. Tá aon duine déag ag gach foireann agus tá maide haca ag gach imreoir. Bíonn sé d’aidhm ag an dá fhoireann an liathróid haca a chur i mbáire na foirne eile. Bíonn cúl báire ina seasamh idir na cuaillí agus ní mór di an liathróid a stopadh. Ansin bíonn triúr cúlaithe ina seasamh agus in aice leosan tá na cailíní láir pháirce agus os a gcomhair amach bíonn na tosaithe ag imirt. Bíonn dhá leath i ngach cluiche agus maireann gach leath 25 nóiméad - ansin séideann an réiteoir a feadóg agus bíonn sos leath-ama ag an dá fhoireann.
Conas a imrítear leadóg? Imrítear an leadóg ar chúirt chrua nó ar chúirt fhéir. Tá líontán i lár na cúirte agus bíonn na himreoirí ag iarraidh an liathróid a chur trasna os cionn an líontáin le raicéad leadóige. Bíonn cluichí dúbailte agus cluichí singil sa leadóg. Is fearr liomsa na cluichí singil mar ní bhíonn tú ag feitheamh thart agus bíonn tú ábalta imirt níos mó freisin.