90 likes | 366 Views
Canúintí Réamhobair 1. Beidh tú ag éisteacht le múinteoir ó Chonamara ag caint ar dhaltaí Gaeltachta agus na canúintí, ach ar dtús pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: Cad is brí le canúint? Cén difríocht atá idir canúint agus blas?
E N D
Canúintí Réamhobair1 Beidh tú ag éisteacht le múinteoir ó Chonamara ag caint ar dhaltaí Gaeltachta agus na canúintí, ach ar dtús pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: • Cad is brí le canúint? Cén difríocht atá idir canúint agus blas? • Cad iad canúintí na Gaeilge? • Cad atá i gceist leis an gCaighdeán Oifigiúil? • Cén fáth a bhfuil an Caighdeán Oifigiúil ann?
Canúintí Réamhobair2 (a) Conas a deirtear na rudaí seo i do chanúint áitiúil? An féidir leat iad a rá in aon slí eile? boy, girl, children, grandmother, grandfather, table, also, terrible, easy, old, sick, painful (b) Conas a déarfá ‘How are you?’ agus ‘Where are you from?’ sna trí mhórchanúint? Cuir na freagraí sna colúin chuí. (c) Tá ciall difriúil ag an bhfocal ‘láithreach’ i gcanúint na Mumhan ná mar atá i gcanúint Chonnacht agus Uladh. Cad is brí leis i gcanúint na Mumhan? Agus sa dá chanúint eile? An samhlaíonn tú go gcothódh an difríocht sin míthuiscintí ar bith? Smaoinigh ar chomhthéacs ina gcothófaí míthuiscint.
Canúintí Éisteacht Éist le Cormac Ó Comhraí ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin ag caint ar dhaltaí Gaeltachta agus a dtuiscint ar na canúintí agus freagair na ceisteanna seo: • Cathain is mó a chloiseann daltaí Gaeltachta canúintí eile, dar le Cormac? • Cad é an saghas Gaeilge is mó a chloiseann daltaí taobh amuigh dá gcanúint féin, dar le Cormac? • Cén fáth a bhfuil sé deacair stór focal ó chanúintí eile a thabhairt do na daltaí? • Cé a bhíonn ‘ag brú’ rudaí ar na daltaí, dar leo féin?
Canúintí Iarobair1 Do chanúint féin (a) Deir Cormac go bhfuil ‘muintir na Gaeltachta uafásach bródúil as a gcanúint féin’. Liostáil na príomhthréithe a bhaineann le do chanúint féin agus cúpla focal/nath cainte atá bainteach léi a ritheann leat. (b) Cad iad na tréithe, a bhaineann le do chanúint áitiúil, is mó a chothaíonn deacrachtaí d’fhoghlaimeoirí nó do chainteoirí eile Gaeilge?
Canúintí Iarobair2 (a) Bíonn difríochtaí sa bhéim a leagtar ar fhocail ilsiollacha sna canúintí. Bíonn an bhéim ar shiolla amháin i gCanúint na Mumhan agus ar shiolla eile i gCanúint Chonnacht agus Uladh e.g. buidéal (M) agus buidéal (C&U). Cuir an bhéim san áit cheart ar na focail seo: bainisteoir (M) bainisteoir (C&U) drámaíocht (M) drámaíocht (C&U) ealaín (M) ealaín (C&U) íoslódáil (M) íoslódáil (C&U) (b) Déanann cainteoirí dúchais earráidí sa litriú uaireanta ag brath ar an gcanúint atá acu. Mar shampla, uaireanta bíonn mearbhall ar mhuintir Uladh agus litríonn siad an focal CORCAIGH mar seo: CORCAÍ. An chúis atá leis sin ná gur mar sin a fhuaimnítear ó thuaidh é. Ní dhéanfadh cainteoir Muimhneach an earráid áirithe sin mar fuaimnítear an –AIGH ar shlí dhifriúil. Earráid a dhéanann muintir na Mumhan go minic ná an focal ARD a litriú mar seo: ÁRD - toisc go bhfuil an A fada go maith sa bhfuaimniú. Gan trácht ar mhuintir Chonnacht agus an uimhir iolra atá acu...nó acub! An féidir leat smaoineamh ar shamplaí eile? Cad iad na hearráidí is mó a dhéanann tusa sa litriú de bhrí go gcuireann an chanúint beagán ar strae tú?
Canúintí Iarobair3 I gcás na n-abairtí seo ar fad thíos, abair cén chanúint atá i gceist, canúint Chonnacht, canúint na Mumhan nó canúint Uladh. • Tá mé tinn tuirseach den aimsir seo. • N’fheadar faic na ngrást mar gheall air sin. • Bíonn sí anseo chuile lá. • An bhfuil an t-airgead agat fá choinne an ticéid? • Nach bhfuil Máire in éindí leat? • An rabhais amuigh aréir? • Tá sé sin togha, a mhac! • An dtig leat cupán tae a thabhairt domh? • Tá mo sciathán nimhneach. • Bhíos ag caint le Séamus ó chianaibh. (b) Athscríobh na habairtí thuas nach mbaineann le do chanúint féin i do chanúint féin.
Canúintí Iarphlé4 Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat. • Cad atá i gceist le ‘Gaeilge na Leabhar’? • An mbíonn sé níos deacra duitse rudaí áirithe a léamh as Gaeilge seachas as Béarla? Cén cineál rudaí agus cén fáth, meas tú? • Cad atá i gceist ag Cormac nuair a deir sé: ‘breathnaíonn roinnt [daltaí] air mar ghéilleadh don rud atá á bhrú orthu ón taobh amuigh ó dhaoine nach labhraíonn Gaeilge ar bhealach nádúrtha’ 4. Cad a tharlaíonn nuair a chaitear focal nua a chumadh do rud éigin as Gaeilge (má thagann rud éigin nua ar an saol e.g. an t-idirlíon, fón póca, fón cliste etc.)? Cén próiseas atá ann chun focal nua a chumadh?
Canúintí Iarphlé5 Ábhar machnaimh Caitheann cainteoirí dúchais Gaeilge go leor scileanna a bheith acu – eolas an-mhaith ar a gcanúint féin, eolas réasúnta ar chanúintí eile agus eolas an-mhaith ar an gcaighdeán (go háirithe tar éis na scoile agus iad ag obair trí mheán na Gaeilge). Ach tá na scileanna sin acu sa Bhéarla chomh maith a bhuíochas do na meáin chumarsáide mar, féach, nach bhfuil na canúintí Béarla seo an-difriúil óna chéile? • Béarla an gheiteo i Nua-Eabhrac • Béarla Bhanríon Shasana • Béarla na tuaithe in Éirinn Tá tú in ann daoine a thuiscint agus iad ag baint úsáide as na canúintí éagsúla sin i mBéarla. Dá mhinice is a chloiseann tú na canúintí eile in úsáid is ea is fearr a thuigfidh tú iad!