210 likes | 769 Views
An t- Earrach. Gaelscoil Sáirséal 2009. An t- Earrach. Is iad Feabhra, Márta agus Aibreán míonna an Earraigh. Feabhra. Márta. Aibreán. Gaelscoil Sáirséal 2009. An t- Earrach. Dúisíonn na hainmhithe tar éis an codladh fada geimhridh. Gaelscoil Sáirséal 2009. An t- Earrach.
E N D
An t-Earrach Gaelscoil Sáirséal 2009
An t-Earrach Is iad Feabhra, Márta agus Aibreán míonna an Earraigh Feabhra Márta Aibreán Gaelscoil Sáirséal 2009
An t-Earrach Dúisíonn na hainmhithe tar éis an codladh fada geimhridh. Gaelscoil Sáirséal 2009
An t-Earrach Filleann na héin ón aimsir the san Aifric. Gaelscoil Sáirséal 2009
An t-Earrach Tosaíonn na plandaí agus na crainn ag fás arís. Gaelscoil Sáirséal 2009
Na Crainn I dtosach an Earraigh bíonn na crainn lom. Ní bhíonn aon rud ag fás ar na géaga. Ag deireadh an Earraigh bíonn duilleoga móra deasa ag fás ar na géaga ar fad. I lár an Earraigh tosaíonn bachlóga beaga ag fás ar na géaga. Gaelscoil Sáirséal 2009
Na Bláthanna Bíonn na bleibíní ina gcodladh faoin dtalamh i rith an gheimhridh. Nuair a théann an aimsir i bhfeabhas san Earrach dúisíonn siad agus tosaíonn siad ag fás. Gaelscoil Sáirséal 2009
Bláthanna an Earraigh Cróch Plúirín Sneachta Lus an Chromchinn Gaelscoil Sáirséal 2009
An t-Earrach Tar éis laethanta gruama dorcha an gheimhridh tosaíonn an aimsir ag dul i bhfeabhas agus éiríonn na laethanta níos faide san Earrach. Gaelscoil Sáirséal 2009
Féilte an Earraigh Céiliúrann muintir na hÉireann Lá Fhéile Bríde ar an gcéad lá de mhí Feabhra, céad lá an Earraigh. Bean cineálta naofa ab ea í Bríd a chabhraigh leis na daoine bochta agus a scaip scéal Íosa timpeall na hÉireann. Déanaimid crois Bhríde ina honóir. Gaelscoil Sáirséal 2009
Féilte an Earraigh Céiliúraimid Lá ‘le Vailintín ar an 14ú Feabhra gach bliain. Is féile grá an lá seo agus seolann daoine cártaí vailintín dá chéile chun a ngrá a chur in iúl. Gaelscoil Sáirséal 2009
Féilte an Earraigh Céiliúraimid Lá ‘le Pádraig ar an 17ú Márta gach bliain. Is féile Gaelach an lá seo agus céiliúraimid Naomh Pádraig, an fear a thug scéal Íosa go hÉirinn i dtosach. Gaelscoil Sáirséal 2009
Féilte an Earraigh Bíonn an Cháisc i gcónaí i rith an Earraigh. Déanaimid céiliuradh ar bás agus aiséirí Críost um Cháisc. Tugann daoine uibheacha Cásca dá chéile. Gaelscoil Sáirséal 2009
Féilte an Earraigh Céiliúraimid Lá na nAmadán ar an gcéad lá de mhí Aibreán. Imríonn daoine cleasanna ar a chéile ar an lá sin. Lá mór spraoi is ea é. Gaelscoil Sáirséal 2009