300 likes | 490 Views
Is mise Vicky. Agus seo é m’athair. Fuair mé mo chéim i gColáiste na hOllscoile. Tá an-áthas orm agus tá bród ar dhaid. Bhí mé ar scoil i gColáiste Choilm. Bhí mé ansin go dtí 2005. (dhá mhíle is a cúig). Bhuail mé le Tony ansin. Dia daoibh! Is mise Tony. Tá mé i mo chara do Vicky.
E N D
Is mise Vicky. Agus seo é m’athair. Fuair mé mo chéim i gColáiste na hOllscoile. Tá an-áthas orm agus tá bród ar dhaid.
Bhí mé ar scoil i gColáiste Choilm. Bhí mé ansin go dtí 2005. (dhá mhíle is a cúig). Bhuail mé le Tony ansin.
Dia daoibh! Is mise Tony. Tá mé i mo chara do Vicky.
Inniu tá mise agus Tony ag dul go dtí an Ghréig. Tá muid ag eitilt amach ar a sé a chlog anocht… tar éis bhronnadh na céime.
Ar dtús thug Tony cuireadh dom teacht leis go dtí bialann dheas. Agus bhí dinnéar breá blasta againn.
Aerfort Átha Cliath Tar éis an dinnéir…. chuaigh muid amach go dtí an t-aerfort.
Ná bíodh brón ort, Tony. Beidh muid ábalta ár mbagáiste a sheiceáil isteach agus ansin beidh cupán caife deas againn thuas staighre.
Is maith an smaoineamh é sin! Ba bhreá liom cupán caife a ól!
Bhí sin ag teastáil uaim go géar! Tá cupán caife againn… emm.. Tá sé go blasta!
AER SABINA AER FRANCE AER ÁRANN AER SABINA AER SABINA AER SABINA Tá uaim rud éigin a thaispeáint duit, Tony!
Cad é seo, Vicky?! Seomra Comhdhála Seán Lemass
Ba é sin mo shin-seanathair. Bhí sé ina Thaoiseach ar an tír seo idir 1959 agus 1966 Seomra Comhdhála Seán Lemass
Rugadh é in 1899. Thóg se páirt san Éirí Amach i 1916. I 1926 chuir sé Fianna Fáil ar bun le hÉamonn De Valera. Chuir sé Bord na Móna ar bun freisin agus ba é a thug RTÉ dúinn. Chuir sé Aer Lingus ar bun. Dúirt m’athair liom go raibh bród air as sin. Rinneadh Taoiseach de i 1959. Ach bhí air éirí as an rialtas i 1966 mar bhí sé tinn.
Vicky féach ar an am! Tá orainn rith! Tá an t-eitleán ag imeacht i gcennn fiche nóiméad!
Nach bhfuil an oíche go hálainn, Tony?! Féach ar na réaltaí áille sa spéir! Ar ball, beidh muid thuas i measc na réaltaí!!
Féach air sin! Tá muid ag tuirlingt cheana fein! An Ghréig don Nollaig! Tá an-áthas orm, Tony? An-áthas ar fad!