180 likes | 479 Views
Taifead Reatha CLeite An Clár Luathléitheoireachta Clare O Loughlin. 23 Deireadh Fómhair 2013. Torthaí Foghlama :. Beidh tú ábalta: Cur síos a dhéanamh ar Thaifead Reatha Taifead Reatha a dhéanamh ar phíosa téacs. Taifead Reatha a scóráil Céatadán cruinnis a ríomh
E N D
Taifead Reatha CLeiteAn Clár LuathléitheoireachtaClare O Loughlin 23 DeireadhFómhair 2013
Torthaí Foghlama: • Beidh tú ábalta: • Cur síos a dhéanamh ar Thaifead Reatha • Taifead Reatha a dhéanamh ar phíosa téacs. • Taifead Reatha a scóráil • Céatadán cruinnis a ríomh • Ráta féincheartúcháin a oibriú amach • Anailís a dhéanamh ar thaifead reatha • Gnásaíochtaí léitheoireachta a thuigbheáil agus a shainaithint
Cad é an rud é Taifead Reatha? • Tuairisc scríofa ar an dóigh a léann páiste • Measúnú atá ann le hanailís a dhéanamh ar laigí/ láidreachtaí páiste • Tuairisc ar ghnásaíochtaí léitheoireachta • Measúnú atá ann ar leibhéal na léitheoireachta • Treoir le téacs léitheoireachta fóirsteanach a roghnú • Monatóireacht ar dhul chun cinn an pháiste
Cén fáth a ndéantar Taifead Reatha? • Lena chinntiú go bhfuil an téacs fóirsteanach don léitheoir • Le páistí a chur i ngrúpaí léitheoireachta • Le monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn sa léitheoireacht • Le fianaise a bhailiú • Le haird a dhíriú ar na straitéisí atá in úsáid ag páistí agus iad ag léamh • Le deacrachtaí atá ag páistí a shainaithint
Na Céimeanna • Glactar an taifead le: Botúin, cruinneas, agus féincheartúchán a aimsiú • Déantar anailís ar an taifead chun na gnásaíochtaí léitheoireachta a shainaithint • Aimsítear fócas teagaisc fóirsteanach
Céim 1Roghnaigh leabhair • Déan cuntas ar líon na bhfocal sa téacs, níl an teideal san áireamh (tá seo déanta i mBanda 2) • Léann an páistego neamhspleách agus gan chuidiú • Cuntais líon na n-earráidí agus na bhféincheartúchán a dhéantar sa léitheoireacht. • Úsáid an leathanach taifid ar a bhfuil téacs an leabhair leis an nodaireacht a dhéanamh. • Déan taifead ar na línte téacs mar atá siad sa leabhar. **Beidh an taifead seo in úsáid don phleanáil agus don teagasc.
Earráidí (Scríobh E in aice le focal nuair a dhéantar seo) • Is ionann é seo agus earráid amháin: • Malartú focal • Focal ar lár • Focal curtha isteach • Iarracht chontráilte • Focal a fuarthas ón mhúinteoir • Líne iomlán ar lár • Leathanach iomlán ar lár (ach bain de líon na bhfocal)
Féincheartúcháin(Scríobh FC in aice le focal nuair a dhéantar seo) • Ní earráidí iad seo, is féincheartúcháin iad: • Féincheartúchán • Athrá • Iarracht cheart • Fuaimniú amach (cláraigh le línte idir na litreacha)
CÉIM 2Ríomh céatadán cruinnis • Ríomh earráidí, beaichte, agus ráta féincheartúcháin. Cuntais na rudaí a leanas: Earráidí • Líon na bhfocal – líon na n-earráidí = Scór m.sh. 29 - 5 = 24 • Scór roinnte ar líon na bhfocal, iolraithe faoi 100 = céatadán cruinnis • 24 roinnte ar 29 = .8275 iolraithe ar 100 = 82.75
Féincheartúchan • Léiríonn sé seo ábaltacht an léitheora sa mhonatóireacht ar a léitheoireacht féin. • Suimigh na hearráidí + na féincheartúcháin = Líon iomlán m.sh. 6 + 2 = 8 • Líon iomlán roinnte ar na FC = Ráta m.sh. 8 roinnte ar 2 = 1 : 4 • Cheartaigh an léitheoir seo é féin uair amháin do gach ceithre fhocal a léigh sé go mícheart.
Cad é a chiallaíonn na torthaí? • 95%-100% - Léitheoireachtneamhspleách Bog an páiste chuig téacs níos airde lena s(h)íneadh • 90% - 95% - Téacsteagascach Tá an páistesínteagusagfoghlaimag an leibhéalseo • 89% agusníosísle - Téacsdeacair Bog an páistechuigtéacsagleibhéalníos isle
Anailís ar an Taifead Reatha • Caithfear anailís a dhéanamh ar an Taifead Reatha chun gnásaíochtaí léitheoireachta an pháiste a shainaithint. Thig leis an mhúinteoir na straitéisí atá in úsáid agus daingnithe ag an pháiste a chinntiú.
Déan anailís ar na hearráidí agus ar na féincheartúcháin a dhéanann an léitheoir • An mbaineann na hearráidí le Brí, Struchtúr nó Amharc? • B, BRÍ – • An bhfuil ciall leis an rud a léigh an léitheoir? Má tá ciall leis scríobh B (brí) in aice leis an earráidseo. scoil • m.sh. Tá an cailín beag sa siopa. B S A
S, STRUCHTÚR • An bhfuil an earráid ag teacht le comhréir nó le struchtúr na habairte? • Scríobh S (struchtúr) in aice leis an earráid seo. Go raibh tú go maith (páiste) m.sh. Go raibh maith agat B S A
A, AMHARC • An bhfuil an léitheoir ag léamh focal atá cosúil leis an fhocal cheart ó thaobh cuma de? • An bhfuil an léitheoir ag amharc ar chuma an fhocail? • Scríobh A (amharc) in aice leis an earráid seo. rith • m.sh. Tá Lára ag ithe anois. B S A
Tuigbheáil • Iarr ar an pháiste athinsint a dhéanamh ar an scéal. An bhfuil sé ag …… • léiriú tuigbheála ar an scéal • cur síos go beacht ar eachtraí an scéil • insint eachtraí san ord ceart - seicheamh • úsáid focal/frasaí ón scéal • déanamh tagairt don taithí s’aige féin • tagairt do charachtair/shuíomh
Straitéisí … • Léann arís le heolas a fháil • Déanann an focal a fhuaimniú/bhriseadh síos lena aithint. • Léann arís lena thuigbheáil • Leanann air/uirthi ag léamh i ndiaidh iarracht a dhéanamh ar fhocal úr • Cluineann earráidí nach bhfuil ciall leo • Ceartaíonn earráidí – úsáideann straitéis éigin lena cheartú • Baineann úsáid as túschonsain • Déanann tomhas ar fhocal ag baint úsáid as Brí • Úsáideann leideanna ó phictiúir