100 likes | 648 Views
Ábhair scoile sa saol Réamhobair 1 . Cén t-ábhar scoile (ar chlé) atá i gceist agus na himeachtaí sa bhosca ar dheis á ndéanamh agat? Féach cad atá ag an duine in aice leat nuair atá tú críochnaithe. . Ábhair scoile sa saol Réamhobair 2 .
E N D
Ábhair scoile sa saol Réamhobair 1 Cén t-ábhar scoile (ar chlé) atá i gceist agus na himeachtaí sa bhosca ar dheis á ndéanamh agat? Féach cad atá ag an duine in aice leat nuair atá tú críochnaithe.
Ábhair scoile sa saol Réamhobair 2 • Bí ag obair leis an duine in aice leat. Féachaigí ar na focail thíos a bheidh le cloisteáil sa mhír. An bhfuil siad ar eolas agaibh? • go léir ócáidí speisialta • saoire thaitneamhach ócáidí brónacha • imeachtaí tábhachtacha i bhfad i gcéin • formhór dúnmharú • tuirling An Dara Cogadh Domhanda an buama adamhach eachtraí • na céadta bliain ag éirí aníos • Cad a dhéanann tú nuair nach bhfuil focal ar eolas agat? Ceist a chur ar an múinteoir? Dul i muinín foclóra? Seo thíos cúpla pointe chun cabhrú leat focal nach bhfuil ar eolas agat a aimsiú: • An bhfuil an focal cosúil le haon fhocal atá ar eolas agat i dteanga eile, mar shampla: seic agus cheque? • An bhfuil an focal san uatha nó san iolra, mar shampla: tábla agus táblaí? • Má tá ceannlitreacha ar an bhfocal, b'fhéidir gur imeacht nó duine tábhachtach atá ann, mar shampla: An tUachtarán nó An Gorta Mór. • Féach an bhfuil aon chuid den fhocal atá cosúil le focal eile, mar shampla: fótachóip. • An briathar é an focal?
Ábhair scoile sa saol Éisteacht Éist leis an mír anois agus freagair na ceisteanna. Tugann an cainteoir samplaí éagsúla dúinn den stair. Breac síos cúpla sampla faoi na teidil thíos: Ócáidí Pearsanta _________________________________________________________________________________________________ Imeachtaí tábhachtacha a tharla sna 60í _________________________________________________ _________________________________________________ Imeachtaí tábhachtacha a tharla sna 40í _________________________________________________ _________________________________________________ Cén sainmhíniú a thugann an cainteoir ar an stair ag deireadh na míre? Éist leis an mír arís agus breac síos cad a tharla le linn na mblianta seo: 1963: 1969: 1935: 1945: Mínigh difríocht amháin idir an Béarla agus an Ghaeilge sna samplaí seo ón mhír: imeachtaí tábhachtacha vs important events buama adamhach vs atomic bomb
Ábhair scoile sa saol Iarphlé 1 Rólghníomhaíocht Duine 1 Tá mé féin sa Tríú Bliain ar scoil. Is é an t-ábhar is fearr liom ná an _____________. Is maith liom an tíreolaíocht mar tá an múinteoir _____________. Déanaimid staidéar ar a lán rudaí éagsúla – an domhan mar atá sé; na _____________ ar fad; an difríocht idir ceantair tuaithe agus _____________; léarscáileanna agus _____________. Ní thaitníonn _____________ liom in aon chor, bím caillte sa rang. Nuair a bhíonn cluaistuiscint á déanamh againn sa rang, _____________ focal. An labhraíonn na Francaigh chomh tapa sin i gcónaí?
Ábhair scoile sa saol Iarphlé 2 Rólghníomhaíocht Duine 2 Clíona is ainm dom agus tá mé ag déanamh an Teastais Shóisearaigh _____________. Is breá liom _____________ ar fad, go háirithe an Spáinnis agus an Ghaeilge. Tá Gaeilge agus Béarla _____________ agam agus ceapaim go gcabhraíonn sé sin liom teanga eile a fhoghlaim. _____________ liom an Mata chomh maith mar nuair a thuigeann tú rud éigin tá sé éasca ansin na cleachtaí a dhéanamh. Déanaimid _____________ ailgéabar, ar _____________ agus ar gheoiméadracht agus a lán eile.
Ábhair scoile sa saol Iarphlé 3 Ról A Clíona is ainm dom agus tá mé ag déanamh an Teastais Shóisearaigh i mbliana. Is breá liom na teangacha ar fad, go háirithe an Spáinnis agus an Ghaeilge. Tá Gaeilge agus Béarla líofa agam agus ceapaim go gcabhraíonn sé sin liom teanga eile a fhoghlaim. Is maith liom an Mata chomh maith mar nuair a thuigeann tú rud éigin tá sé éasca ansin na cleachtaí a dhéanamh. Déanaimid staidéar ar ailgéabar, ar staitisticí agus ar gheoiméadracht agus a lán eile. -------------------------------------------------------------------------- Ról B Tá mé féin sa Tríú Bliain ar scoil. Is é an t-ábhar is fearr liom ná an tíreolaíocht. Is maith liom an tíreolaíocht mar tá an múinteoir an-mhaith. Déanaimid staidéar ar a lán rudaí éagsúla – an domhan mar atá sé; na tíortha ar fad; an difríocht idir ceantair tuaithe agus ceantair uirbeacha; léarscáileanna agus grianghraif. Ní thaitníonn an Fhraincis liom in aon chor, bím caillte sa rang. Nuair a bhíonn cluaistuiscint á déanamh againn sa rang, ní thuigim focal. An labhraíonn na Francaigh chomh tapa sin i gcónaí?