170 likes | 427 Views
Beo go Deo 3 Tearma 3: Ceacht 3. Am Chun Béilí a Roinnt. An Suipéar Déanach. Ar an gcéad lá den Cháisc, bhí Íosa agus a chairde ag caint faoin ullmhúchán a dhéanfaidís do bhéile na Cásca. Cuir Íosa cuid acu go dtí teach in Iarúsailéim. D’ullmhaigh siad seomra mór agus d’ullmhaigh
E N D
Beo go Deo 3Tearma 3: Ceacht 3 Am Chun Béilí a Roinnt
An Suipéar Déanach Ar an gcéad lá den Cháisc, bhí Íosa agus a chairde ag caint faoin ullmhúchán a dhéanfaidís do bhéile na Cásca.
Cuir Íosa cuid acu go dtí teach in Iarúsailéim. D’ullmhaigh siad seomra mór agus d’ullmhaigh siad bia don bhéile.
Bhí siad an-ghnóthach. Chuir siad gach rud ar an mbord. Fuair siad uan a bhí bliain d’aois.
Rinne siad arán gan laibhín agus cheannaigh siad fíon dearg.
Nuair a tháinig Íosa agus a chairde eile, bhí gach rud réidh.
An tráthnóna sin, shuigh siad síos le chéile le haghaidh bhéile speisialta ar dtús.
D’inis siad a scéal speisialta faoi Maois ag tabhairt a mhuintir slán as an Éígipt. Labhair siad le chéile faoi rudaí a tharla na laethanta a bhí thart.
Bhí an Cháisc seo cosúil leis an gCáisc a roinn siad lena chéile gach bliain ar dtús. Ach ansin rinne Íosa rud an-speisialta nach ndearna sé riamh roimhe sin.
Thóg sé an t-arán gan laibhín agus bheannaigh sé é. Bhris sé é agus thug dá chairde agus dá chairde agus dá dheisceabhail, á rá, ‘Seo é mo chorp. Glacaigí é agus ithigí’.
Ansin thóg séan fíon. Bheannaigh sé é agus dúirt, ‘Seo é mo chuid fola. Glaicaigí í agus ólaigí í’.
Ní fhaca cairde Íosa a leithéid riamh. Níor chuala siad na focail seo ag béile Cásca roimhe seo. Ba rud úr é. Ar dtús níor thuig siad é, ach dúirt sé, ‘Déanagí é seo i gcuimhne ormsa’.
Nuair a bhí an suipéar thart, chuaigh Íosa agus a chairde go dtí Cnoc na nOlóg chun guí.