150 likes | 400 Views
Beo go Deo 7 Tearma 1: Ceacht 1. Oscailt na Scoilbhliana Nua. Odeasghnáth na Paidre Oscailte Fearas: Coinneal ranga Babhla uisce coisricthe agus craoibhín síorghlas An Bíobla ar oscailt as Matha 9:27-30 Bíodh a leabhar Beo go Deo 7 gan oscailt ar an deasc ag gach dalta. Múinteoir:
E N D
Beo go Deo 7Tearma 1: Ceacht 1 Oscailt na Scoilbhliana Nua
Odeasghnáth na Paidre Oscailte Fearas: • Coinneal ranga • Babhla uisce coisricthe agus craoibhín síorghlas • An Bíobla ar oscailt as Matha 9:27-30 • Bíodh a leabhar Beo go Deo 7 gan oscailt ar an deasc ag gach dalta.
Múinteoir: Go n-osclaí grá Dé dúinn na féidearthachtaí go léir a bhronnfaidh an bhliain seo orainn le chéile. Comhartha na Croise
PaidirThosaigh Múinteoir: A Dhia, árnAthair, tá a fhiosagainn go dtuganntúgrádúinn. Inniú, iarraimid ort muid a bheannúagus an scoilbhliainnuaseoagoscailtdúinn. Beannaighgachduinedínn. Oscailárgcuidsúlagus á meonroimhiontaisgachaonlá. Oscailárgcuidgcríotheroimhghrá do Spiorad. Is árguí go mbeidh do lámhlinn, árgcumhdach ó ghortúagus ó dhíohbáil. Iarraimid é seotríChríostárdTiarna. GachDunie: Áiméan
Léitheoir:Seo sliocht as an soiscéal de réir Naomh Maitiú. Nuair a bhí Íosa ag imeacht leis as sin, lean beirt dall é agus iad ag scredach amach: ‘Déan Trócaire orainn, a Mhic Dháiví!’ Agus thaining na daill chuige nuair a chuaigh sé isteach sa teach. Dúirt sé leo: ‘An gcreideann sibh gur féidir dom é seo a dhéanamh?’
Dúirt siad: ‘Creidimid, a Thiarna.’ Ansin, leag sé a lámh ar a súile agus dúirt: ‘Bíodh agaibh de réir bhur gcreidimh.’ Agus osclaíodh a súile. Sin é Briathar an Tiarna. Gach duine: Buíochas le Dia.
Muinteoir: D’oscail Íosa súile na bhfear dall. Bhí a fhios aige go raibh a gcríothe agus a meoin as oscailt roimh gach a raibh le tabhairt aigs dóibh. Le linn dúinne a bheith ag oscailt an spáis seo le haghaidh gach a bhfuil in ndán dúinn i mbliana, osclóimidne ár gcroíthe agus ár meoin fresin.
Dalta 1 (ag oscailt doras an tseomra ranga) Osclaímid an doras seo chun fáiltiú roimh gach duine a thiocfas isteach sa spás seo. (le linn don uisce coisricthe bheith á chroitheadh ar an doras) Gach Duine: Beannaigh linn, a Thiarna.
Dalta 2 (ag oscailt fuinneog an tseomra ranga) Osclaímid an fhuinneog seo chun failtiú roimh na deiseanna go léir a thiocfas inár dtreo. Go líona do Spiorad Naomh muid le fuinneamh agus le lúchair. (le linn don uisce coisricthe bheith á chroitheadh ar an bhfuinneog) Gach Duine: Beannaigh linn, a Thiarna.
Dalta 3 (le linn do gach dalta ag oscailt an leabhar Beo go Deo 7) Osclaímid na leabhair seo agus muid ag tnúth lena bhfuil le foghlaim agus é tuiscint againn astu. A Íosa, cabhraigh le cach duine againn tuiscint níos soileire a bheith againn. Gach Duine: Beannaigh linn, a Thiarna.
Dalta 4 (le linn do gach dalta bheith ag oscailt a lámha) Osclaímid ár lámha roimh gach a ndéánfaimid i mbliana. Go n-úsáidimís iad chun cabhrú lena chéile. Gach Duine: Beannaigh linn, a Thiarna.
Dalta 5 (agus gach dalta ag dúnadh a súile) Osclaímid ár gcroíthe roimh gach a bhfuil ag Dia dúinn. Go bhfaighaimis áit do Dhia i gcónaí inár gcríothe. Go bhfágfaimis áit do Dhia i gcónaí inár gcroíthe. Gach Duine: Beannaigh linn, a Thiarna.
Dalta 6 (agus gach dalta ag oscailt a súile) Osclaímid ár súile roimh tiachtanais a chéile. Go bhfeicimis go soiléir go bhfuil gach duine againn speisialta agus go bhfuil grá iomlán ag Dia dúinn. Gach Duine: Beannaigh linn, a Thiarna.