1 / 10

Dís

Dís. le Siobhán Ní Shúilleabháin. Le Staidéar. Achoimre Téama Carachtairí Coimhlint Saol Posta Ar thaitin an scéal leat?. Achoimre. Thosaigh an scéal le Seán agus a bhean chéile ag suí ar an tolg. Bhí Seán ag léamh an nuachtán. Ba mhaith leis an mbean labhairt le Seán.

tyanne
Download Presentation

Dís

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Dís le Siobhán Ní Shúilleabháin

  2. Le Staidéar • Achoimre • Téama • Carachtairí • Coimhlint • Saol Posta • Ar thaitin an scéal leat?

  3. Achoimre • Thosaigh an scéal le Seán agus a bhean chéile ag suí ar an tolg. • Bhí Seán ag léamh an nuachtán. • Ba mhaith leis an mbean labhairt le Seán. • Ní raibh suim ag Seán. B’fhearr leis an páipéar a léamh. • Dúirt an bhean go raibh sí féin agus Seán i suirbhé sa pháipéar. • Tháinig bean ag suirbhéacht. Bhí trua ag an mbean céile di. Dúirt sí go raibh sí torrach agus ba mhaith léi teach a fháíl. D’fhreagair an bhean chéíle ceisteanna di. • Dúirt an tsuirbhé go raibh ¼ (ceathrú cuid) de mhná pósta míshásta. • Dúirt an bhean chéile nach raibh sí sásta. Bhí ionadh ar Seán.

  4. Achoimre ar lean… • Bhí plean ag na mná – bhí bean chéile Seán chun an tsuirbhéacht a dhéanamh nuair a saolaíodh an leanbh don bhean eile. Bhí sí chun sorn nua a cheannach leis an t-airgead. • Bhí Seán feargach faoi sin. Bhí sé traidisiúnta. Bhí sé feargach faoina bhean ag tabhairt eolais do stráinséir agus faoi caint faoi dul ag obair. • Ach ansin, dúirt sí NACH raibh sí míshásta. Bhí sí ag insint bréige. Bhí sí feargach le Seán an lá sin. Dúirt sí go raibh na mná pósta cosúil le sclábhaithe (slaves). Dúirt sí gur staitistic iad agus nach raibh meas madra orthu. • Ansin smaoinigh sí faoi bean an tsuirbhé. Ba cheart go raibh an leanbh aici ach níor chuala bean Seán aon rud. Cheap sí ansin, go raibh an bhean ag insint bréige di. • Chríochnaigh an scéal mar a thosaigh sé, bhí an bheirt ag suí ar an tolg, gan caint le chéile.

  5. Téama • Saol pósta agus saol mná tí • Níor tharla a lán sa scéal seo ach fuair mé eolas faoi saol an duine pósta agus an saol a bhí ag an mbean tí. • Cheap sí go raibh sí cosúil le sclábhaí. Ba mhaith léi a cuid airgid féin a thuilleadh, cosúil leis an mbean sa dán Colscaradh. • Ní raibh aon neamhspleáchas aici. • Ní raibh sí sásta fanacht sa bhaile ag glanadh agus ag tabhairt aire don leanbh. • Chomh maith le sin, ní bhfuair sí aon meas óna fear chéile. Tar éis lá oibre ba mhaith le Seán an páipéar a léamh ach ba mhaith lena bhean caint leis. • Bhí uirthi fanacht sa bhaile gach lá ina aonair. Ní raibh sí sásta lena saol. * Labhair sí faoin nós a bhí ag na Sínigh fadó na mná céile a dóigh lena bhfir nuair a fuair na fir céile bás toisc nach raibh aon ról ag na mná céile ach aire a thabhairt dóibh. • Mar sin is léir nach raibh saol an mná tí róshásúil ar chor ar bith. Sin téama an scéil seo, i mo thuairim.

  6. Seán Fear chéile sa sceal. Chuaigh sé amach ag obair gach lá. Ní raibh fonn air labhairt lena bhean céile sa tráthnóna, ba mhaith leis an páipéar a léamh. Fear seanfhaiseanta traidisiúnta é. Níor thaitin leis an smaoineamh dá bhean chéile ag dul amach ag obair. Dár leis, ba cheart dá bhean chéile fanacht sa bhaile ag glanadh agus ag tabhairt aire don leanbh. Bean Chéile Ní raibh aon ainm aici sa scéal. Ní raibh mórán meas uirthi. D’oibrigh sí sa bhaile gach lá. Ní raibh aon comhluadar aici. Ní raibh aon neamhspleáchas aici. Ba mhaith léi dul amach agus a cuid airgid féin a thuilleadh. Cheap sí go raibh saol mná tí deacair agus uaigneach. Carachtairí

  7. Coimhlint • Dearcadh an fhir agus Dearcadh na mná • Bhí an-difríocht idir dearcadh an fhir agus dearcadh na mná sa scéal seo. • I mo thuairim bhí an scéal seo an-chosúil leis an dán Colscaradh. Bhí an fear seanfhaiseanta agus traidisiúnta. Ba mhaith leis clann agus bean chéile sa bhaile ag tabhairt aire agus ag cócaireacht. • Ach ba mhaith leis an mbean níos mó meas, stádas, a cuid airgid féin agus neamhspleáchas. Ní raibh sí sásta fanacht sa bhaile ina aonair gach lá. • Mar sin feicimid go raibh dearcadh an fhir agus dearcadh na mná an-difriúil. • Ní raibh an bheirt ábalta aontú ar rón na mná chéile agus chruthaigh sé sin saol míshásúil don bhean tí. • Chruthaigh an difear sin coimhlint sa scéal.

  8. Ar thaitin an scéal leat? • Thaitin an scéal liom mar……(x3) • ________________________________________________________________________________________________________________________________________ • Níor thaitin an scéal liom mar ….(x3) • ________________________________________________________________________________________________________________________________________

  9. Níor thaitin…. • Níor thaitin an scéal seo liom mar cheap mé go raibh an scéal fíor leadránach. • I ndáiríre ní raibh na carachtairí láidir ná suimiúil agus níor tharla mórán sa scéal. • Bhí na carachtairí ag caint ach ní raibh aon aicsean. • Chomh maith le sin, ní raibh aon meas, stádas nó neamhspleáchas ag an mbean chéile agus ní maith liom é sin. • Ar an iomlán níor bhain mé mórán taitneamh as léamh an scéal seo.

  10. Thaitin… • Thaitin an scéal seo liom mar tarlaíonn a lán imeachtaí sa scéal. • Bhí sé suimiúil nuair a bhí an bhean chéile ag insint bréige agus nuair a fuair sí amach go raibh bean an suirbhé ag insint bréige di freisin. • Chomh maith le sin bhí sé difriúil ó na scéalta eile ar an gcúrsa. • Bhain mé taitneamh as léamh faoin am in Éirinn nuair nach raibh aon stádas ag na mná tí anseo. • Anuas ar sin, thaitin liom an coimhlint idir na leannán pósta. Is féidir le gach duine eachtrú le sin. • Ar an iomlán bhain mé a lán taitneamh as léamh an scéal seo.

More Related