1 / 10

Seicliosta Scrúduithe do Mhic Léinn

Seicliosta Scrúduithe do Mhic Léinn. 2008 / 09 Oifig na Scrúduithe, OÉ Gaillimh. Scrúduithe – Amchlár Pearsanta. Gheobhaidh gach mac léinn atá cláraithe in 2008/09 Amchlár Pearsanta do na Scrúduithe, féach ar láithreán gréasáin Oifig na Scrúduithe http://www.nuigalway.ie/exams/

vina
Download Presentation

Seicliosta Scrúduithe do Mhic Léinn

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Seicliosta Scrúduithe do Mhic Léinn 2008 / 09 Oifig na Scrúduithe, OÉ Gaillimh

  2. Scrúduithe – Amchlár Pearsanta • Gheobhaidh gach mac léinn atá cláraithe in 2008/09 Amchlár Pearsanta do na Scrúduithe, féach ar láithreán gréasáin Oifig na Scrúduithe http://www.nuigalway.ie/exams/ • Tá d’amchlár do na scrúduithe bunaithe ar do Ráiteas Cláraithe, má tá scrúduithe in easnamh ó d’amchlár pearsanta, téigh i dteagmháil le hOifig na Scrúduithe, Áras Uí Chathail (9am go 5pm, am lóin san áireamh)

  3. Roimh na Scrúduithe – Rochtain ar Sheanpháipéir Scrúdaithe • Tá páipéir scrúdaithe le fáil ar líne • Córas na Leabharlainne – leathanach gréasáin na Leabharlainne • http://www.library.nuigalway.ie/services/exam_papers/index.html • Córas nua a chiallaíonn go bhfuil páipéir scrúdaithe Sheimeastar I 2008-2009 ar fáil  • http://www.nuigalway.ie/exampapers/

  4. Scrúduithe – Amchlár Pearsanta • Féadfaidh tú féachaint ar d’amchlár trí úsáid a bhaint as d’Uimhir Aitheantais & d’Uimhir PIN. • Féadfaimid uimhreacha PIN a atheisiúint & a sheoladh chuig do chuntas ríomhphoist OÉ Gaillimh. Tá tuilleadh eolais le fáil ar láithreán gréasáin Oifig na Scrúduithe http://www.nuigalway.ie/exams/ • Scrios ríomhphoist nach bhfuil ag teastáil uait i do chuntas ríomhphoist OÉ Gaillimh mar nach féidir linn uimhreacha PIN a sheoladh má tá do bhosca ríomhphoist lán.

  5. Ag an Scrúdú • Ní mór duit do Chárta Aitheantais Ollscoile a thabhairt leat chuig na scrúduithe ar fad. • Mura mbíonn do Chárta Aitheantais leat, gearrfar €20 ort do dheimhniú aitheantais agus do chlárú. Gearrfar €20 ort do gach scrúdú a dhéanann tú agus nach mbíonn do chárta aitheantais agat. Níl eisceacht ar bith ann. • Teastaíonn Cárta Aitheantais chun aitheantas Mac Léinn a dhearbhú, téigh i dteagmháil leis an Oifig Iontrála má tá do chárta aitheantais caillte agat.

  6. Ag an Scrúdú • Bí ag an ionad Scrúdaithe 20 nóiméad sula dtosaíonn an scrúdú, beidh gach duine ina s(h)uíochán féin 10 nóiméad sula dtosaíonn an scrúdú. • Ná tabhair fóin phóca ná ábhair phearsanta isteach sa scrúdú leat. • Má thugann tú fón póca leat, tógfar uait é. • Má bhíonn fón agat i rith an scrúdaithe tógfar uait é. Féadfaidh tú an fón a bhailiú ó Oifig na Scrúduithe i ndiaidh an scrúdaithe. Beidh fíneáil €20 le híoc.

  7. Ag an Scrúdú • Níor cheart go mbeadh nótaí ar bith scríofa ar ábhar ar bith a thugann tú isteach chuig an scrúdú, Achtanna Dlí agus áireamháin mar shampla, agus breathnóidh na feitheoirí orthu. • Níl cead clúdaigh áireamhán a thabhairt isteach sa scrúdú. • Ag deireadh an scrúdaithe ní mór duit fanacht i do shuíochán go dtí go mbíonn na freagarleabhair bailithe ag an bhfeitheoir.

  8. Ag an Scrúdú • Le do thoil, léigh Rialacha na Scrúduithe ar leathanach gréasáin Oifig na Scrúduithe. • Má chreideann feitheoir gur sháraigh eachtra a tharla i Halla na Scrúduithe Rialacha na Scrúduithe tabharfar tuairisc do Ghrúpa Slándála na Scrúduithe agus d’fhéadfaí a iarraidh ar an mac léinn agallamh a dhéanamh leis an nGrúpa. Tá tuilleadh eolais le fáil ar leathanach gréasáin Oifig na Scrúduithe.

  9. Oifigí teagmhála …..

  10. Tuilleadh Eolais • Tá tuilleadh eolais le fáil ar láithreán gréasáin Oifig na Scrúduithe: http://www.nuigalway.ie/exams/ Go n-éirí go geal leat sna scrúduithe!

More Related