530 likes | 734 Views
An Chríostaíocht. Haigh, is mé Aleisha agus is Críostaí mé. Is aondiachaí é m’athair…. ?. …is agnóisí í mo mháthair…. agus is Búdaithe iad mo mhamó agus mo dhaideo…. Is beannaithe daoine ceansa mar gheobhaidh siad an domhan mar oidhreacht.
E N D
Haigh, is mé Aleisha agus is Críostaí mé.
? …is agnóisí í mo mháthair…
Is beannaithe daoine ceansa mar gheobhaidh siad an domhan mar oidhreacht Is beannaithe lucht na trócaire, mar déanfar trócaire orthu. Is beannaithe lucht an dobróin, mar tabharfar sólás dóibh Is beannaithe lucht na gcroíthe glana, mar feicfidh siad Dia! Ach roghnaigh mise an Chríostaíocht, mar is breá liom go mór teagaisc Íosa!
Dearbhaíonn a lán reiligiún gur chruthaigh Dia nó dia éigin an chruinne…
Ár n-athair atá ar neamh, cruthaitheoir neimhe agus talaimh… agus creideann críostaithe sin freisin..
..nuair a bhreathnaím ar na bláthanna ar ainmhithe… ar iontais na cruinne..
is léir domsa go bhfuil údarás mór álainn éigin taobh thiar den áilleacht úd….
ní amháin sin ach go bhfuil Dia ann atá ag caomhnú gach uile rud a bhíonn ar siúl agus go bhfuil muidne cruthaithe ina íomhá.
De réir an Bhíobla, ba iad Éabha agus Adamh na chéad daoine a bhí cruthaithe ag Dia ach thug siad an chluas bhodhar dá ndúirt sé leo…
Sa scéal itheann Éabha agus Adamh torthaí ó Chrann an Eolais.
Briathar Dé ..blasta..yumm! …d’éist siad leis an nathair in ionad le briathar Dé agus tugaimid Peaca an tSinsir(original sin) air sin.
…m’Athair ar neamh….. Bíonn an dá rud in Íosa – duine agus mac Dé… agus tá sin an-tábhachtach i gcreideamh na Críostaíochta.
Creideann críostaithe gur rugadh Íosagán i stábla i mBeithil thart ar 2,000 bliain ó shin.
Lean triúr saoithe réalta sa spéir agus fuair siad an leanbh Íosa sa stábla.
Cá bhfuil an leanbh seo a ghoidfidh mo ríocht uaim…. Bhí éad ar rí darb ainm Ioruaith leis an leanbh Íosa a d’éireodh ina rí ….nuair a chuala Ioruaith an scéal, bhí sé ar buile.
D’ordaigh sé dá shaighdiúirí dul amach agus gach leanbán fir a mharú…
Tugaigí do Chaesar a bhfuil le Caesar, agus tugaigí do Dhia a bhfuil le Dia… An dleathach cáin a íoc le Caesar? D’éalaigh Íosa ó Ioruaith agus d’éirigh sé ina fhear ghaoiseach arbh fhéidir leis míorúiltí a dhéanamh.
Tháinig daoine ó chian is ó chóngar chun éisteacht lena raibh le rá aige..
Roghnaigh sé deisceabail dó féin, fir óga a chabhraigh le hÍosa a shoiscéal a scaipeadh…
Ach tháinig míshástacht ar na húdaráis agus rinne siad é a mharú ar chros….
Ach d’éirigh Íosa ón mbás agus tugann Críostaithe an tAiséirí Chríost air sin..
I dtosach báire níor aithin a chairde é nuair a tháinig sé chucu..
Íosa?! Íosa! Ach ansin rinne sé rud éigin is d’aithin siad é.
Daichead lá tar éis d’Íosa aiséirí ó na mairbh, chuaigh sé suas ar neamh.
Gheall Íosa dá aspail go dtiocfadh sé ar ais lena Athair lá éigin…
..agus go mbeidh cónaí go síoraí ar lucht an chreidimh i ríocht neimhe a Athar leis.
Déanann na páistí dráma faoi bhreith Chríost sa séipéal Bíonn seibhísí speisialta againn um Nollaig nuair a cheiliúraimid breith Íosa
…agus um Cháisc nuair a smaoinímid ar bhás Íosa ar an chros ar ár sonsa…
Creidimidne gur tháinig Íosa mar Shlánaitheoir dúinn go léir…
..lena bhás ar an chros.. Shaor sé sinn go léir ónár bpeacaí…
Is múinteoir bunscoile mé agus is breá liom cabhrú nuair a bhíonn seirbhís speisialta ar siúl…
Clubanna Sóisialta Coiste Pleanála Gan dabht, tugann an Eaglais agus pobal na hEaglaise tacaíocht mhór d’ár gceantar i gcoitinne.
Sin cur síos gairid ar an Chríostaíocht mar a bhíonn sé á chleachtadh agamsa agus ag a lán Críostaithe eile.