1 / 21

Pleananna don samhradh atá rompu

Pleananna don samhradh atá rompu. Pictiúr a hAon. Abairtí simplí do Phictiúr a hAon. Bhí Seán, Pól agus Liam go léir ina suí ag an mbord sa chistin. Bhí triúr acu ann. Bhí sé a hocht a chlog. Bhí siad ag staidéar go dian don Ardteist. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a hAon.

buck
Download Presentation

Pleananna don samhradh atá rompu

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Pleananna don samhradh atá rompu www.isfeidirleat.ie

  2. Pictiúr a hAon www.isfeidirleat.ie

  3. Abairtí simplí do Phictiúr a hAon • Bhí Seán, Pól agus Liam go léir ina suí ag an mbord sa chistin. • Bhí triúr acu ann. Bhí sé a hocht a chlog. • Bhí siad ag staidéar go dian don Ardteist www.isfeidirleat.ie

  4. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a hAon • Bhí obair na gcapall á ndéanamh ag an triúr acu ag bord na cistine i dTeach Liam. • Ba iadsan Seán, Pól agus Liam. • Bhí sé a hocht a chlog san oíche agus bhí siad fós ag staidéar go dian don Ardteist. • Ní raibh oiread is focal amháin as aon duine ann. • Tuigeadh an seanfhocal ‘ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn an smacht’. www.isfeidirleat.ie

  5. Pictiúr a Dó www.isfeidirleat.ie

  6. Abairtí simplí do Phictiúr a Dó • Bhí Mí an Mheithimh, Mí Iúil agus Mí Lúnasa ar an bhféilire. • Bhí sé a leathuair tar éis a naoi san oíche agus bhí na buachaillí ag tógáil sosa mar bhí tuirse orthu. • Bhí siad ag ól tae, ag caint faoin samhradh agus ag éisteacht le ceol. Bhí an Ardteist acu i Mí an Mheithimh www.isfeidirleat.ie

  7. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Dó • Tógadh sos ag leathuair tar éis a naoi. • Is dócha go raibh siad bréan den staidéar faoin am seo agus gan dabht ar bith bhí an sos tuillte acu. • Cuireadh an ceol ar siúl sa chúlra agus bhí siad ag baint taitnimh as cupán deas te tae. • Dhírigh siad a n-aird ar an samhradh, agus pléadh pleananna an tsamhraidh i ndiaidh na hArdteiste i Mí an Mheithimh. • Cheap siad go mba chóir dóibh rud éigin suimiúil a dhéanamh i Mí Iúil agus i Mí Lúnasa. www.isfeidirleat.ie

  8. Pictiúr a Trí www.isfeidirleat.ie

  9. Abairtí simplí do Phictiúr a Trí • Bhí na buachaillí ag caint faoin samhradh anseo tar éis na scrúduithe. • Bhí siad ag dul go Marbella tar éis na scrúduithe. • Bhí ceolchoirm ar siúl sa Chaisleán ar an gcúigiú lá is fiche de Mhí Lúnasa. www.isfeidirleat.ie

  10. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Trí • Bhí sé ar intinn acu dul go dtí Marbella tar éis na scrúduithe. • Cheap Seán gur smaoineamh maith é dul go dtí Marbella tar éis na scrúduithe. • Ba é an t-airgead an t-aon chonstaic a bhí ina bhealach. • Bhí sé ar intinn ar Phól dul go dtí an Cheolchoirm sa Chaisleán ar an gcúigiú lá is fiche de Mhí Lúnasa. • Chuile sheans go mbeadh an-spraoi ann dar leis. www.isfeidirleat.ie

  11. Pictiúr a Ceathair www.isfeidirleat.ie

  12. Abairtí simplí do Phictiúr a Ceathair • Bhí siad buartha faoin bpraghas. Dúirt Pól seans nach mbeadh an t-airgead aige de bharr an phraghais. • Bhí Seán chun airgid a lorg óna thuismitheoirí ar dtús. Ní raibh Daid Phóil ag obair i láthair na huaire agus bhí ganntanas airgid i dteach Liam freisin. • Gheobhaidís postanna i Mí Iúil agus i Mí Lúnasa chun an airgid a chur le chéile. www.isfeidirleat.ie

  13. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Ceathair • Dúirt Seán go raibh a athair dífhostaithe i láthair na huaire agus go raibh praghas na laethanta saoire ag dó na geirbe aige. • Dúirt Pól gurbh fhéidir leis iasacht a fháil óna thuismitheoirí. Ina thuairim phearsanta féin, bhí an dá phlean ar fheabhas agus bhí sé lántoilteanach dul ann. • Dúirt Liam go raibh ganntanas airgid sa bhaile aige freisin, ach go mbeadh sé sásta post páirtaimseartha a fháil chun íoc as na laethanta saoire agus as an gceolchoirm. www.isfeidirleat.ie

  14. Pictiúr a Cúig www.isfeidirleat.ie

  15. Abairtí simplí do Phictiúr a Cúig • Bhí sceitimíní ar na buachaillí. • Bhí siad ag dul abhaile don oíche. • Bhí siad chun labhairt lena dtuismitheoirí faoi agus bhí siad chun tús a chur leis an bplean an lá dár gcionn. www.isfeidirleat.ie

  16. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Cúig • Bhí sé ag éirí déanach sa phictiúr seo agus bhí sé in am do Phól agus do Sheán dul abhaile. • D’fhág an bheirt acu agus iad sona sásta leo féin. • Bhí siad chun dul abhaile agus machnamh a dhéanamh ar phlean ar feadh na hoíche. • Bhí gach seans nach bhfaigheadh siad néal codlata an oíche sin. • Dúirt Liam leo gur cheart dóibh labhairt lena dtuismitheoirí faoin samhradh ar maidin. www.isfeidirleat.ie

  17. Pictiúr a Sé www.isfeidirleat.ie

  18. Abairtí simplí do Phictiúr a Sé • Bhí Liam ag labhairt lena Mham sa phictiúr seo. • Bhí siad ag caint faoi phleananna an tsamhraidh • Bhí Mam buartha faoi staidéar Liam agus faoin bpraghas a bhí air. www.isfeidirleat.ie

  19. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Sé • Bhí Liam ag labhairt lena mháthair sa phictiúr seo. • Is léir go raibh caidreamh maith oscailte idir an bheirt acu, mar bhí an bheirt acu go breá compordach i dteannta a chéile de réir cosúlachta. • Bhí máthair Liam buartha faoin staidéar agus faoi chúrsaí airgid, ach ba léir gur éirigh go geal le Liam í a chur ar a suaimhneas lena aibíocht agus lena smaointe praiticiúla. • Bhí na pleananna oibrithe amach acu, agus bhí gach duine sásta ag an deireadh. www.isfeidirleat.ie

  20. Ceisteanna www.isfeidirleat.ie

  21. Ceisteanna Samplacha • Céard a bhí á dhéanamh ag na buachaillí i bPictiúr a hAon? • Cén scrúdú mór a bhí acu i Mí an Mheithimh? • Cén áit gur mhaith leo dul ann tar éis na scrúduithe? • Céard a bheadh á lorg acu óna dtuismitheoirí i bPictiúr a Ceathair? • Céard a bhí siad sásta a dhéanamh chun an airgid a thuilleadh? • Meas tú ar éirigh le Seán a Mham a chur ar a suaimhneas faoin bplean i bPictiúr a Sé? www.isfeidirleat.ie

More Related