70 likes | 292 Views
Ar scáth a chéile Réamhobair. A: Beidh tú ag éisteacht le dalta ag cur síos ar obair charthanachta a rinne sí. Déan féin agus an duine in aice leat liosta d’aon obair charthanachta a rinne sibhse.
E N D
Ar scáth a chéile Réamhobair A: Beidh tú ag éisteacht le dalta ag cur síos ar obair charthanachta a rinne sí. Déan féin agus an duine in aice leat liosta d’aon obair charthanachta a rinne sibhse. B: An bhfuil tú i do bhall d’aon charthanacht/ eagraíocht? Cad í an charthanacht/eagraíocht is tábhachtaí ar fad, dar leat? Cén fáth an ceann sin? Cad a shíleann an duine in aice leat?
Ar scáth a chéile Éisteacht Éist le Clíodhna agus freagair na ceisteanna seo: • Cad iad na himeachtaí éagsúla a eagraíodh le haghaidh Chernobyl's Children’s charity? • Cad a rinne Clíodhna le haghaidh Cancer Care West? • Cad a deir Clíodhna faoi Amnesty International? • Cén fáth a bhfuil a oiread measa ag Clíodhna ar St. Vincent de Paul? • Cad a deir sí faoi mhuintir na háite agus carthanachtaí? • Cén fáth a bhfuil daoine sa cheantar flaithiúil, dar le Clíodhna?
Ar scáth a chéile Iarobair 1 Abair ar shlí eile é! Tá canúint Chonnacht ag Clíodhna agus úsáideann sí leaganacha áirithe a bhaineann leis an gcanúint sin. An féidir leatsa agus an duine in aice leat na leaganacha seo a rá ar shlí éigin eile? • Bhíomar ag péinteáil éadain • Lena aghaidh (for it) • Muintir atá ag fulaingt • Táimid tosaithe ag bailiú beatha lena aghaidh • Tá siad an-ghroímhar (gnaíúil) thart anseo • Dhéanfadh siad aon cheo do dhaoine eile • Rud éicint
Ar scáth a chéile Iarphlé 2 • Tá saibhreas teanga iontach ag Clíodhna. Ciallaíonn saibhreas • teanga nach bhfuil tú ag brath ar an tslí is simplí chun rud • éigin a rá. Má tá saibhreas teanga agat beidh tú ábalta • tarraingt ar fhocail dhifriúla, ar leaganacha cainte éagsúla agus • beidh níos mó ná slí amháin agat chun tuairim éigin a chur in • iúl. • Seo mar a léirigh Clíodhna an saibhreas teanga atá aici: • Chuir an t-agallóir ceist uirthi faoin gcarthanacht is ‘tábhachtaí’ dar léi. D’fhreagair Clíodhna leis an leagan ‘is suntasaí’ ag léiriú go dtagann leaganacha éagsúla chuici go nádúrtha. • Thaispeáin sí go bhfuil stór focal leathan aici (ag fulaingt; go fadtéarmach; go gearrthéarmach, ag fáil leas as srl.). • Bhí sí ábalta an rud céanna a rá ar shlite difriúla: “rud gearrthéarmach [a bhí ann], rud le gairid”. • D’úsáid sí leaganacha nádúrtha nach bhfuil leadránach: “bíonn siad fíorshásta scaradh lena gcuid airgid” seachas rud éigin cosúil le ‘airgead a thabhairt’. • Úsáideann sí cúpla aidiacht i ndiaidh a chéile (nós comónta sa Ghaeilge) “Tá siad an-ghroímhar agus an-fhlaithiúil thart anseo.” • Tá leaganacha canúnacha ar a toil aici “dhéanfadh siad aon cheo do dhaoine eile.” • Anois pléigh na ceisteanna ar an gcéad sleamhnán eile.
Ar scáth a chéile Iarphlé 3 • Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: • Nuair a bhíonn daoine an-líofa i dteanga is féidir a rá go bhfuil saibhreas teanga acu. Conas a bhaineann duine líofacht amach i dteanga ar bith? Cad a bhíonn ag teastáil chuige sin? Pléigh. • Smaoinigh ar an líofacht atá agat sa Bhéarla – an bhfuil solúbthacht agat sa teanga sin? (i.e. An féidir leat a bheith searbhasach? An féidir leat joke a dhéanamh? An aithníonn tú leaganacha cainte ó áiteanna éagsúla (canúintí tuaithe vs cathrach in Éirinn / focail a úsáideann grúpaí daoine i Sasana nó i Meiriceá nó san Astráil)? An aithníonn tú nuair a bhíonn daoine drochbhéasach nó neamhthuisceanach ina gcuid cainte? Más féidir leat na rudaí sin ar fad a dhéanamh sa Bhéarla, tá saibhreas cainte agat! Le plé: conas a bhfuil an líofacht sin agat? Cén t-ionchur teanga a bhí i gceist ó bhí tú i do leanbh go dtí anois? • Anois smaoinigh ar an nGaeilge – an bhfuil an tsolúbthacht chéanna agat sa teanga sin? Cén fáth? Cén t-ionchur teanga a bhí i gceist ó bhí tú i do leanbh go dtí anois? • Scríobh síos na slite ar fad a chabhródh leat cur le do shaibhreas cainte sa Ghaeilge.
Ar scáth a chéile Iarobair 4 Cad is pobal maith ann? Bí ag obair leis an duine in aice leat. Scríobhaigí síos cad is pobal maith ann do na daoine thíos – bíodh na rudaí seo in aigne agaibh: na riachtanais a bheadh ag na daoine éagsúla agus na rudaí a mbeadh spéis acu iontu agus a bheadh tábhachtach dóibh. Tuismitheoirí le leanaí óga Lánúin aerach Seanbhean Déagóirí Moslamach in Éirinn Duine den lucht taistil
Ar scáth a chéile Iarobair 5 • Féach ar na daoine seo thíos arís agus an uair seo scríobh amach (sa chéad phearsa) na rudaí is mó a bheadh ag dó na geirbe orthu faoin tsochaí ina maireann siad. Tá cúpla frása tugtha duit chun tús a chur leis... • An rud is mó a chuireann isteach orm faoinár sochaí ná... • Chuideodh sé go mór liom dá... • Ní thuigeann daoine gur... • Tuismitheoirí le leanaí óga Lánúin aerach • Seanbhean Déagóirí • Moslamach in Éirinn Duine den lucht taistil