40 likes | 330 Views
Am saor Réamhobair 1. Smaoinigh ar shamplaí de chláracha teilifíse le haghaidh gach saghas cláir thíos. Clár cainte: sampla ____________________ Clár grinn: ____________________ Clár cúrsaí reatha: ____________________ Clár faisnéise: ____________________
E N D
Am saor Réamhobair1 Smaoinigh ar shamplaí de chláracha teilifíse le haghaidh gach saghas cláir thíos. • Clár cainte: sampla ____________________ • Clár grinn: ____________________ • Clár cúrsaí reatha: ____________________ • Clár faisnéise: ____________________ • Clár sraithe: ____________________ • Teilifís réaltachta: ____________________ • Clár cócaireachta: ____________________ • Clár tallainne: ____________________ • Clár taistil: ____________________ An dtuigeann tú na focail seo? Láithreoir Léiritheoir Stiúrthóir Craoltóir Aoi Taighdeoir
Am saor Réamhobair2 Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: • Cad iad na cláracha teilifíse is fearr leat faoi láthair? • Cad iad na cineálacha cláracha nach maith leat ar chor ar bith? • Cé hiad na láithreoirí teilifíse is fearr leat agus cé hiad na láithreoirí teilifíse a chuireann isteach ort? • Dá mbeifeá le clár a chur i láthair, cén cineál cláir a mbeadh spéis agat ann? • Cé acu is fearr leat, a bheith amuigh faoin aer nó a bheith istigh ag féachaint ar an teilifís? • Cad iad na rudaí is maith leat a dhéanamh seachas a bheith ag féachaint ar an teilifís?
Am saor Éisteacht Beidh tú ag éisteacht le Bertie Ó Domhnaill ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin ag rá cad a bhíonn ar bun aige ina chuid am saor. Aimsigh freagraí na gceisteanna seo agus tú ag éisteacht leis: • Cé mhéad spéise atá ag Bertie sa teilifís? • Cén fáth a mbíonn sé istigh sa teach luath ag amanna áirithe den bhliain? • Cad iad na rudaí a thaitníonn le Bertie a dhéanamh? • Cá bhfuil Bertie ina chónaí?
Am saor Iarphlé Úsáideann muintir Chonamara an focal ‘scaití’ go minic. Cad is brí leis? An bhfuil aon leaganacha eile ar eolas agat? Cad iad na leaganacha eile atá ann den fhocal ‘chuile’? Agus cad faoin mbriathar ‘breathnú’? Tá dhá leagan eile dó ann. Cad iad agus cén chanúint lena mbaineann siad?