100 likes | 301 Views
Cad is miocrorgánaigh ann ?. Miocróib. Is orgánaigh aonchealla iad na miocróib Ní féidir iad a fheiceáil le do shúil Tá siad le fáil GACH ÁIT ar fud na cruinne Tugtar fríd, frídíní agus miocróib orthu de ghnáth Is féidir iad a roinnt i 3 ghrúpa éagsúil, de ghnáth Baictéir Víreas Fungais.
E N D
Miocróib • Is orgánaigh aonchealla iad na miocróib • Ní féidir iad a fheiceáil le do shúil • Tá siad le fáil GACH ÁIT ar fud na cruinne • Tugtar fríd, frídíní agus miocróib orthu de ghnáth • Is féidir iad a roinnt i 3 ghrúpa éagsúil, de ghnáth • Baictéir • Víreas • Fungais
Baictéir • Faigheann siad cothaithigh ina dtimpeallacht chun maireachtáil. In amanna is corp an duine an timpeallacht sin. • Tá an mhórchuid acu cabhrach nó gan dochar. Ach is údar tinnis cuid díobh • Is féidir le baictéir atáirgeadh lasmuigh den chorp nó laistigh den chorp mar gur údar infhabhtuithe iad. • Déanann roinnt baictéir maitheas dár gcoirp: • Maireann baictéir maithe inár bputóga agus cabhraíonn siad linn na cothaithigh sa mbia a itheann muid a úsáid agus dramhaíl a dhéanamh as an bhfuílleach. • Tá siad le fáil ar fud na cruinne, sa bhfarraige, sna carrigreacha, sna bolcáin, inár gcoirp agus san ithear.
An struchtúr baictéireach Cillscannán Crómasóm Cillbhalla Cíteaplasma Crómasóm:Ábhar DNA na cille Cillbhalla:Coinníonn an chillbhalla, atá déanta as peipdígliocáin, cruth iomlán na cille baictéirigh Cillscannán:Is líneáil é laistigh den chillbhalla atá ina theorainn idir an ábhar sa chill agus ina bhac ag substaintí teacht isteach agus imeacht. Cíteaplasma:Cuireann sé síos ar thaobh istigh na cille agus ar an ábhar
Na cruthanna Baictéireacha Tá 3 chruth éagsúil ag an mbaictéir Liathróidí nó cocci (Stafala cocas) Feamanna (Lachtbhacaillín) Bíseanna (Campalabaictéar)
Víreas • Tá víreas níos lú ná baictéar fiú agus is féidir leo maireachtáil LAISTIGH de bhaictéar uaireanta • Cuireann formhór na víreas tinneas orainn • Cothaíonn víreas galair ar nós an DEILGNEACH agus FLIÚ • Scaipeann na víreas ó dhuine go duine go héasca. • Níl víreas ábalta iad féin a atáirgeadh. Ionfhabhtaíonn siad cealla eile agus glacann siad seilbh ar an inneallra atáirgthe chun iad féin a atáirgeadh. • Iolraíonn siad istigh den chill óstaigh agus nuair atá an t-inneallra atáirgthe sna cealla úsáidte acu, réabann na mílte cealla víreasach amach as an chill. Scriostar an chill óstaigh ar fad.
An Struchtúr Víreasach Clúdach • Lipid déshraitheach a choinníonn ábhar géiniteach na gcealla le chéile. Gliceapróitéin Tá 2 fheidhm acu • Ancaire don víreas sa chill óstaigh. • Iompraíonn ábhar géiniteach ón víreas go dtí an chill óstaigh. Aigéad núicléach • Ábhar DNA nó RNA is annamh a bhíonn siad araon sna cealla víreas. Is ábhar RNA den chuid is mó a bhíonn i gcealla víreasacha. Clúdach Aigéad núicléach Gliceapróitéin Compléasc (Baictéarafagach – víreas a ionfhabhtaíonn baictéar)
Compléasc (Baictéarafagach – víreas a ionfhabhtaíonn baictéar) Héiliciúil (Víreas mósaíc thobac) Cruthanna Víreasacha Tá 3 chruth éagsúil ag Víreas Icosahedral (Fliú)
Fungais • An miocróib is mó agus is ildánaí • Tá struchtúir planda mór aige ach gan clóraifill • Ní mór dó cothaithigh a shú isteach as cibé rud a bhfuil sé ag fás air • Is féidir le Fungais a bheith an-chabhrach agus baineann daoine úsáid as sa • Tionscal bia – grúdaireacht beorach, le arán a ardú • Leigheas – ag déanamh antaibheathaigh • Is féidir leo dochar a dhéanamh freisin má ghoideann siad cothaithigh ó orgánach eile atá beo. Samplaí de seo ná caonach ar arán agus borrphéiste coise a chruthaíonn an grúpa fungais dermaitifítí • Faightear Fungais san aeir, ar phlandaí agus san uisce
An Struchtúr Fungasach Spóragáin Spóranagafór Risóidigh Spóragáin: Corp a tháirgíonn spór. Spórangafór: Gas filiméadach ar a bhfoirmítear an sporangium Risóidigh: Tá speisialachas ag an bhfo –dromchla d’ionsúchán bia.