70 likes | 381 Views
An tríú domhan Réamh phlé. Féach ar an léarscáil agus freagair na ceisteanna: Cad iad na tíortha is saibhre? Cad iad na tíortha is boichte?. An tríú domhan Réamhobair 1. Cad is brí leis na réimíreanna seo a leanas? Eas- Iom- / Im- Féin-
E N D
An tríú domhanRéamhphlé Féach ar an léarscáil agus freagair na ceisteanna: Cad iad na tíortha is saibhre? Cad iad na tíortha is boichte?
An tríú domhanRéamhobair 1 Cad is brí leis na réimíreanna seo a leanas? Eas- Iom- / Im- Féin- An bhfuil aon fhocal ar eolas agat leis na réimíreanna thuas iontu? Cad is brí leis na nathanna cainte seo: ‘i ngaireacht scread asail’ agus ‘seacht míle dícheall’
An tríú domhanRéamhobair 2 Beidh tú ag éisteacht le cailín ag caint faoin tríú domhan ar ball. An féidir leat na focail Ghaeilge a cheangal leis na focail Bhéarla?
An tríú domhanÉisteacht 1 Éist le Sinéad ag tabhairt óráide i gcomórtas díospóireachta. An bhfuil na ráitis seo fíor nó bréagach. Cuir sa bhosca ceart le do thuairim a léiriú. *GDP / OTI - Olltáirgeacht intíre (billiúin dollar)
An tríú domhanÉisteacht 2 Éist le Sinéad arís agus freagair na ceisteanna seo. Is é an rún ná: ‘Tugann an stát an iomarca cúnaimh don tríú domhan’. An bhfuil Sinéad ar son nó i gcoinne an rúin? Conas a mhíníonn Sinéad gur ar mhaithe lenár dtír féin é, cuidiú a thabhairt don tríú domhan? Tugann Sinéad cúpla sampla dúinn faoi conas a chuideodh an t-airgead, nár íoc muid anuraidh (€277,000), leis na tíortha sa tríú domhan. Cad iad?
An tríú domhan Iarobair 1 Cén dath a bhaineann leis na téarmaí seo ar an léarscáil: An chéad domhan An dara domhan An tríú domhan Ceangail na téarmaí ar chlé leis na téarmaí ar dheis: An chéad domhan: Bloc an oirthir An dara domhan: Tíortha i mbéal forbartha An tríú domhan : Tíortha forbartha Plé: Ní bhaintear an oiread sin úsáide as an téarma ‘An dara domhan’ níos mó. Cén fáth?
An tríú domhanIarobair 2 Pléigh na ceisteanna seo leis na daoine i do ghrúpa: An mbailítear airgead sa scoil le haghaidh tíortha sa tríú domhan? Cad iad? An dtugann tú féin airgead ar bith do charthanacht ar bith? Cad é? Cén fáth? Conas a chuidíonn an t-airgead a thugann an chéad domhan don tríú domhan, dar leat? Ar mhaith leat féin obair dheonach a dhéanamh sa tríú domhan lá éigin? Cén fáth? Cad is brí leis an téarma trócaire?