70 likes | 260 Views
Filíocht 2006-2007. 3. Mo Ghille Mear le Seán Clárach Mac Domhnaill. Téama: Is é caoineadh / tírghrá téama an dáin seo. Cúlráid: Briseadh ar na Gaeil i g Cath Chúlódair i 1746. Tá brón ar an fhile gur theith Séarlas Stíobhart go dtí an Fhrainc. Bhí muinín ag
E N D
3. Mo Ghille Mear le Seán Clárach Mac Domhnaill
Téama: Is é caoineadh/ tírghrá téama an dáin seo. Cúlráid: Briseadh ar na Gaeil i gCath Chúlódair i 1746. Tá brón ar an fhile gur theith Séarlas Stíobhart go dtí an Fhrainc. Bhí muinín ag na Gaeil as Prionsa Séarlas ach loic sé orthu sa deireadh.
Íomhánna: Tá lán íomhánna láidre agus meafar sa dán seo: (i) íomhánna mar: ● ní haoibhinn cuach ba shuairc ar neoin ● ar chaomhchneas ré tá daolbhrat bróin (ii) meafair mar: ● Phoebus – an ghrian ● Saesar – Séarlas Stíobhart
Mothúcháin: Tá brón agus uaigneas sa dán seo: Tá brón ar an fhile mar briseadh ar na Gaeil i gCath Chúlódair Tá uaigneas air freisin mar tá Prionsa Séarlas Stíobhart imithe agus ní bheidh sé ag teacht ar ais.
Ábhar: Dán tírghrá é seo agus tá an file ag scríobh go brónach faoi chéim síos na nGael. Deir sé go bhfuil an tír gan ceol na n-éan agus gan filíocht mar d’imigh Prionsa Séarlas uathu thar lear.
Éifeacht: • Is maith liom an dán seo mar tá ceol deas ag dul leis. Is breá liom éisteacht leis nó é a chanadh. • Tugann an dán seo freisin cur síos maith ar an bhrón a bhí ar na Gaeil agus iad faoi ansmacht na • nGall. Tá an dán go láidir dar liom. • Meadaracht: meadaracht an chaointe