70 likes | 436 Views
Córas na bPointí Réamhobair. Beidh tú ag éisteacht ar ball le Conor ag déanamh cur síos ar an mbrú a bhaineann leis an Ardteistiméireacht a dhéanamh agus a thuairimí faoi chóras na bpointí in Éirinn. Féach ar thorthaí suirbhé a bhí sa nuachtán Foinse inar cuireadh an cheist:
E N D
Córas na bPointíRéamhobair Beidh tú ag éisteacht ar ball le Conor ag déanamh cur síos ar an mbrú a bhaineann leis an Ardteistiméireacht a dhéanamh agus a thuairimí faoi chóras na bpointí in Éirinn. Féach ar thorthaí suirbhé a bhí sa nuachtán Foinse inar cuireadh an cheist: Ar cheart deireadh a chur le córas na bpointí san Ardteistiméireacht? Cad é an céatadán ceart do gach freagra, dar leat? Cén fáth? Cad a cheapann an duine in aice leat? Ba cheart, teastaíonn athrú ar an gcóras: _____ Níor cheart, tugtar cothrom na féinne leis: _____ Is cuma liom: _____ 29.7% 5% 70.3%
Córas na bPointíÉisteacht Féach ar Chonor anois faoi dhó agus freagair na ceisteanna: • Cén fáth a shíleann Conor go bhfuil an Ardteistiméireacht cothrom? • Ach, deir sé go bhfuil brú ag baint le lá na scrúduithe, cén brú é sin? • Cad atá deacair faoi chóras na bpointí, dar le Conor? Bhain Conor úsáid as an bhfrása mura n-éiríonn leat. An féidir leat an forainm réamhfhoclach cuí a chur leis na focail thíos chun nath úsáideach a chruthú. Theip D’éirigh Chlis Thaitin (rud éigin) Rith (rud éigin) Anois cuir ceisteanna ar an duine in aice leat san aimsir chaite, ag úsáid na nathanna thuas. Mar shampla: Ar éirigh leat sa scrúdú tiomána? D’éirigh / Níor éirigh
Córas na bPointíLéamh 1 Le Baccalaureate • Déantar staidéar ar 7 n-ábhar (an Fhraincis, Mata, Stair, Tíreolaíocht, Eolaíocht, Fealsúnacht agus teanga iasachta). • Tá trí rogha ann taobh istigh den chóras – an baccalaureate L (béim ar an litríocht), an baccalaureate S (béim ar an eolaíocht) agus an baccalaureate ES (béim ar chúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta). • Ní scrúdú dheireadh chóras na meánscolaíochta é ach scrúdú chun freastal ar institiúidí éagsúla tríú leibhéal. • Tá éileamh níos mó ag na hinstitiúidí orthu siúd a bhfuil an ‘bac S’ acu agus bíonn seans níos fearr ag na daltaí seo freastal ar na coláistí is fearr – les Grandes Écoles. • Is gá 10 as 20 nó níos mó a fháil chun pas a fháil. • Is leor pas a fháil chun fáil isteach sna gnáth-ollscoileanna. • Tá na class préparatoires mar an chéad chéim tar éis an bac le fáil isteach sna Grandes Écoles agus braitheann an seans atá ag dalta fáil isteach iontu ar agallaimh a dhéantar i bhfad roimh an bac. • De bhrí freagraí na gceisteanna sa bac a bheith i bhfoirm aiste den chuid is mó, fiú san eolaíocht, is féidir leis na marcanna a bhronntar a bheith claonta nó suibiachtúil. • Mura n-éiríonn le dalta ach idir 8-10 a fháil in ábhar ar bith tugtar an seans dó scrúdú breise cainte a dhéanamh ar an ábhar sin. • Cé gur féidir le gach dalta a fhaigheann pas freastal ar na gnáth-ollscoileanna (chun leigheas nó múinteoireacht a dhéanamh, mar shampla) ní éiríonn ach le leath acu dul isteach sa dara bliain.
Córas na bPointíLéamh 2 A-Levels • Déantar staidéar ar 3-5 ábhar de ghnáth ag brath ar cad ba mhaith leis an dalta a dhéanamh san ollscoil. • Déantar é idir 16-18 bliain d’aois agus maireann sé dhá bhliain. Ní dhéantar staidéar ar níos mó ná 3 ábhar de ghnáth sa dara bliain. • Cuireann na múinteoirí marcanna sealadacha ar fáil do na hinstitiúidí tríú leibhéal agus ní bhíonn siad cruinn i gcónaí. Glacann na hinstitiúidí leis na daltaí ar bhonn sealadach ag brath ar na marcanna a chuireann na múinteoirí ar fáil. • Caithfidh na daltaí na marcanna sin a thuar na múinteoirí a fháil, chun áit a fháil sna coláistí. • Is féidir leis na daltaí a rogha ábhar a dhéanamh. • Ní roghnaíonn ach 17% de dhaltaí ábhair san eolaíocht. • Tá torthaí na ndaltaí ag éirí níos fearr le blianta anuas. • Déantar cuid de na scrúduithe anois ag deireadh na chéad bhliana agus is féidir na scrúduithe sin a athdhéanamh go dtí go bhfuil marc maith faighte. • Cuireann ollscoileanna áirithe scrúduithe iontrála dá gcuid féin ar siúl chun eolas níos fearr a fháil ar chumas an dalta féin. • Is ábhar roghnach é teanga iasachtach a dhéanamh tar éis ceithre bliana déag d’aois.
Córas na bPointíIarphlé1 • Léigh an dá shleamhnán faoi chóras na bpointí sa Fhrainc agus sa Ríocht Aontaithe. Breac síos achoimre de na pointí faoin dá thopaic i do chóipleabhar. • Anois, ag obair leis an duine in aice leat scríobhaigí pointí cosúil leis na pointí ar an dá shleamhnán dheireanacha ach faoin Ardteistiméireacht. • Cad é an córas is fearr, dar libh? An bhfuil sibh beirt ar aon intinn faoi sin? • Breacaigí síos dhá bhuntáiste agus dhá mhíbhuntáiste a bhaineann le gach córas. • Féachaigí ar phróifíl na ndaltaí ar an gcéad shleamhnán eile. Cad é an córas is fearr a oireann do gach duine? Bígí in ann a rá cén fáth ar roghnaigh sibh amhlaidh.
Córas na bPointíIarphlé3 • Bí ag obair i ngrúpaí. • Ba mhaith leis an Aire Oideachais córas na bpointí a athrú agus d’fhostaigh sé/sí sibhse chun moltaí a chur le chéile le haghaidh córas nua. • Cuirigí na moltaí le chéile anois agus ná déanaigí dearmad de na pointí seo a leanas: • Cén fáth a bhfuil córas na bpointí ann? • An féidir freastal ar gach saghas duine? Conas? • Cad é an t-am is fearr le scrúdú iontrála do na hinstitiúidí a dhéanamh? • An bhfuil airgead ag an rialtas faoi láthair níos mó áiteanna sna hollscoileanna a chur ar fáil? Ní dócha. • An bhfuil aon slí chun scileanna eile (ní scileanna acadúla amháin) na ndaltaí a thástáil? • Cad faoi shocrúchán oibre nó taithí oibre? • Scríobh: Nuair atá na smaointe agus pointí bailithe agaibh, scríobhaigí (in bhur n-aonar) tuairisc don Aire.