290 likes | 640 Views
An Tionscnamh um Pleanáil Fhorbartha Scoile “Tionscnamh ag scoileanna do scoileanna”. Measúnú chun Foghlama Gaelscoileanna 20 Samhain 2009 Máire Uí Chiaráin. Measúnú - Ciall agus Feidhm. Measúnú – cad é? Cén fáth a ndéanaimid é? An bhfuil gá leis?. Cad é?.
E N D
An Tionscnamh um Pleanáil Fhorbartha Scoile “Tionscnamh ag scoileanna do scoileanna” Measúnú chun Foghlama Gaelscoileanna 20 Samhain 2009 Máire Uí Chiaráin
Measúnú - Ciall agus Feidhm • Measúnú – cad é? • Cén fáth a ndéanaimid é? • An bhfuil gá leis?
Cad é? • Is próiseas é le heolas a bhailiú faoi fhoghlaim leanaí
Aidhm • Fáthmheas • Deimhniú • Foghlaim • Idirdhealú • Aiseolas • Treoir • Spreagadh
Bealaí aitheanta le Measúnú a dhéanamh • Measúnú suimitheach Measúnú na Foghlama (MnF) • Measúnú múnlaitheach Measúnú chun Foghlama (McF)
McF – Prionsabail agus Pleanáil Príomhphrionsabail McF Réasúnaíocht Straitéisí Pleanála
Luaitear cúig phrionsabal le McF sa seomra ranga: • An Rún Foghlama a chomhroinnt • Na Critéir Rathúlachta a chomhroinnt • Ceistiú ar ardchaighdeán bunaithe ar na Critéir Rathúlachta • Aiseolas a thabhairt bunaithe ar na Critéir Rathúlachta • Piarmheasúnú agus Féinmheasúnú
An Rún Foghlama a Chomhroinnt • Ba chóir go mbeadh tuiscint shoiléir ag daltaí ar rún foghlama gach ceachta (cuir ar an gclár dubh ag tús an ranga é) • Is é atá i gceist leis an rún foghlama ná an cuspóir atá agat maidir leis na rudaí a bheidh ar eolas ag daltaí, na rudaí a thuigfidh siad nó a bheidh siad in ann a dhéanamh ag deireadh an ranga Samplaí: - Ag deireadh an ranga seo ba cheart go mbeifeá in ann…
Comhroinnt na gCritéar Rathúlachta • Tabhair critéir shoiléire shothuigthe atá bainteach leis an rún foghlama do na daltaí Sampla: - ba cheart go mbeifeá in ann gaineamh, salann agus uisce a dheighilt óna chéile agus tú ag baint úsáide as modhanna áirithe agus ba cheart go dtuigfeá na fáthanna go bhfuil siad deighilte • Cabhraigh le daltaí chun na caighdeáin a bhfuil siad ag díriú orthu a aithint – taispeáin dóibh obair dhaltaí eile a shroich na critéir rathúlachta agus mínigh na fáthanna gur shroich
Ceistiú ar Ardchaighdeán Cruthaigh atmaisféar ranga ina mbraitheann na daltaí go léir slán maidir le seans a thógáil agus earráidí a dhéanamh Cén fáth ceisteanna a chur sa rang? Cén sainmhíniú a bheadh agat ar cheist mhaith?
Ceist mhaith? • Ceann a thugann ar na daltaí smaoineamh? • Ceann a spreagann plé? • Ceann a bhfuil freagra ag gach dalta uirthi? • Ceann a dhéanann idirdhealú idir daltaí? • Ceann a bhfuil… mar aidhm aici? Cad mar gheall ar dhaltaí nach dtugann freagraí sa rang?
Ceistiú • Tráth feithimh • Éagsúlacht sa cheistiú • Forbairt eochaircheisteanna (le haghaidh céimeanna tábhachtacha sa cheacht) • Caighdeán na gceisteanna (Cén fáth a gceapann tú...?) (An bhfeiceann tú aon ghaol idir…?) • Ceisteanna dea-phleanáilte • Níos mó ná dalta amháin páirteach sa bhfreagairt
Aiseolas trí Ráiteas Cé chomh soiléir is a bhíonn an t-aiseolas a thugaimid do dhaltaí? • ‘Caithfidh tú iarracht níos fearr a dhéanamh’ • ‘Déan tuilleadh forbartha ar na smaointe seo’ • ‘Iarracht mhaith, coinnigh suas í’ • ‘Gá le breis sonraí anseo’
Aiseolas trí Ráiteas Gan ach ráiteas mar mharcáil v bronnadh marcanna • Freagraíonn daltaí níos fearr do ráitis chuiditheacha seachas grádanna amháin • Cuireann marcanna an bhéim ar an gcomórtas agus ní ar an dul chun cinn pearsanta, téann siad i gcoinne na foghlama comhoibrithí • Cuireann marcanna lagmhisneach ar dhaltaí a ghnóthaíonn torthaí ísle • Ní thugann marcanna comhairle d’fhoghlaimeoirí maidir le conas is féidir feabhas a chur ar a gcuid oibre
Aiseolas Éifeachtach An uair is éifeachtaí d’aiseolas ná nuair a chinntíonn sé do na daltaí: a Láidreachtaí a Laigí an chéad chéim Eile (agus conas) (L.L.E.)
Féinmheasúnú agus Piarmheasúnú Féinmheasúnú • Tá na daltaí páirteach sa mheasúnú ar phíosa oibre dá gcuid féin agus tá siad freagrach as an measúnú sin (Ní mór fios na gcritéar rathúlachta a bheith acu) Piarmheasúnú • Tá na daltaí páirteach i measúnú obair dhaltaí eile (ní mór tuiscint shoiléir a bheith acu ar cad atá á lorg acu in obair a gcomhdhaltaí) Is minic a théann piarmheasúnú agus féinmheasúnú in éineacht.
Féinmheasúnú agus Piarmheasúnú Tá cuid mhór buntáistí ag féinmheasúnú agus ag piarmheasúnú thar obair atá measúnaithe ag an múinteoir, de réir na litríochta. • Éilíonn siad ar dhaltaí freagracht a ghlacadh as a gcuid oibre féin (bheith réamhghníomhach ina leith) • Spreagann siad an fhoghlaim trí phlé agus chíoradh (iarrtar ar dhaltaí a dtuairimí a chosaint) • Cuireann siad leis an inspreagadh agus leis an tsuim • Tugann siad ar dhaltaí machnamh a dhéanamh • Forbraíonn siad scileanna comhoibrithe
Straitéisí le haghaidh Féinmheasúnaithe • Soilse tráchta Iarrtar ar dhaltaí cód dathanna a úsáid le tuiscint reatha ar thorthaí foghlama a léiriú • Samplaí oibre Tugtar samplaí oibre do dhaltaí. Iarrtar orthu an píosa oibre is fearr a aithint maraon le dearmaid choitianta agus cúiseanna leo • Scéimeanna marcála Tugtar scéim mharcála do dhaltaí agus iarrtar orthu í a úsáid chun a bhfreagraí féin a cheartú
Straitéisí le haghaidh Piarmheasúnaithe • Tosaigh le céim bheag agus bog ar aghaidh de réir a chéile m.sh. Iarr ar an 1ú Bhliain cóipleabhair a mhalartú, a sheiceáil go bhfuil lipéid curtha ar léaráidí, go bhfuil eochairfhocail do thopaicí in úsáid • Tabhair freagraí do thriail dóibh agus iarr orthu trialacha a chéile a cheartú (triail ghairid) • Iarr ar dhaltaí ceisteanna TS nó AT a fhreagairt, tabhair scéim mharcála dóibh agus iarr orthu ceisteanna a chéile a cheartú
Modheolaíochtaí Teagaisc McF • Gan ach ráiteas mar mharcáil • Ionchur ó dhaltaí i gcinntí faoi obair bhaile • Obair bhaile a chur ar an gclár dubh ag tús an ranga • Daltaí ag scríobh ceisteanna do thrialacha • Daltaí ag cur ceisteanna • Ceistiú ag an múinteoir (gan lámha in airde!) • Tráth feithimh • Obair phéire agus obair ghrúpa (ar chleachtaí ranga) • Féinmheasúnú ag daltaí (soilse tráchta) • Piarmheasúnú ag daltaí • Eile…
Cén fáth Measúnú chun Foghlama -taighde • Spreagann McF daltaí le bheith níos gníomhaí agus níos freagraí mar rannpháirtithe ina gcuid foghlama féin • De réir tuarascáil OECD bíonn neartú suntasach i ngnóthachtáil daltaí a mbaintear leas as an measúnú múnlaitheach mar mhodheolaíocht sa teagasc a bhíonn acu (OECD, 2005) [ECFE, 2005] • Leanann dul chun cinn i bhfoghlaim daltaí measúnú múnlaitheach agus is i gcás na ndaltaí laga is mó an dul chun cinn (Black and Wiliam, King’s College London, 2000)
Cén fáth Measúnú chun Foghlama –pleanáil agus feabhsú scoile • Spreagann sé múinteoirí chun machnamh a dhéanamh ar a gcleachtas ranga • Daingníonn sé cultúr cleachtas nuálach • Cothaíonn sé cultúr comhoibríoch i measc múinteoirí mar roinn ábhair agus ar bhonn traschuraclaim • Cuireann sé an teagasc agus an fhoghlaim ar chlár na forbartha scoile • Ba chóir tarraingt ar McF níos minicí i gcomhar le modhanna eile measúnaithe (Tuarascálacha Cigireachta Scoile 2006-07)
PLEAN GNÍMH MEASÚNAITHE GRÚPA:_________________ DÁTA:____________ Is féidir le múinteoirí aontú ar triail a bhaint as líon teicnící féachaint an bhfuil aon dul chin cinn suntasach san fhoghlaim, san inspreagadh nó i gcuimsiú na ndaltaí go léir. Is féidir athbhreithniú tar éis tréimhse áirithe ama a phlé féachaint an bhfuil an teicníc ina cabhair agus an scaipfí amach níos leithne í, an leanfaí léi, an stopfaí í nó an leasófaí í.
Críoch • maireuichiarain@sdpi.ie • Príomhoifig: 018057729 • Suíomh Gréasáin: www.sdpi.ie