1 / 10

An Spailpín Fánach

An Spailpín Fánach. File Anaithnid. Le Staidéar. File Anaithnid, Ní fios cé chum Teideal – téarma dímheasa é, sclábhaí Suíomh Éire san 18ú/19ú haois, Nuair a bhí na Sasanaigh i gceannas Téama – Saol crua an spailpín Mothúcháin – Fearg, frustrachas, náire, tuirse, bród srl

sook
Download Presentation

An Spailpín Fánach

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. An Spailpín Fánach File Anaithnid

  2. Le Staidéar • File Anaithnid, Ní fios cé chum • Teideal – téarma dímheasa é, sclábhaí • Suíomh Éire san 18ú/19ú haois, Nuair a bhí na Sasanaigh i gceannas • Téama – Saol crua an spailpín • Mothúcháin – Fearg, frustrachas, náire, tuirse, bród srl • Mar a chuaigh an dán i gcion ort – Teicnicí msh – codarsnacht, friotal, comparáid, meafair, uaim/comhuaim, íomhánna, meadaracht, atmaisféar, nádúr/dúlra

  3. Téama • Téama – Is é saol crua sclábhúil an spailpín téama an dáin seo, An Spailpín Fánach. Saol crua gan faoiseamh atá á chaitheamh ag an spailpín agus tá sé ag éirí tinn tuirseach de. Lorgaíonn sé obair agus tá air taisteal ó áit go háit chun na pingin a thuilleadh. ‘Cluain gheal Meala’ go ‘Caiseal’ agus ‘Durlas’ go ‘Tiobraid Árann’. Mar sin tá sé beo bocht agus i gcónaí ag éirí tinn ‘ag bailiú galair ráithe’. • Ta bochtanas agus saol polaitiúl ag an am feicithe againn sa dán seo chomh maith. Bhí na Sasanaigh i gceannas agus cinnte nach raibh meas ag éinne ar a chéile go háirithe ar na spailpíní. Tá an spailpín réidh chun troid in aghaidh na Sasanaigh ‘cleith is píc chun sáite’.

  4. An teachtaireacht • Drochstádas agus frustrachas i measc cosmhuintire na tíre go háirithe na daoine is boichte, na spailpíní. • An tír ar tí Éirí Amach • Saol crua a bhí ag an spailpín ar dheoraíocht ó Chontae Chiarraí • Ba mhaith leis a chuid féinmheas a aiséirí agus troid in aghaidh na Sasanaigh

  5. Mothúcháin • Tá réimse leathan mothúchán le braith sa dán seo, bród, fearg, náire, trua, frustrachas, díomá, ghráin dhearg/fuath, tuirse, daoirse agus tírghrá ina measc. • Tuigim ón gcéad léamh go bhfuil meascán de náire agus bród síos tríd an dáin. Ní mó ná sásta atá an spailpín leis an saol crua atá aige ag taisteal timpeall na háite. Ba mhaith leis deireadh a chur leis agus deireadh a chur leis an náire a mhothaíonn sé nuair a mbíonn sé ag na margadh, ‘go deo deo arís ní raghad go Caiseal’ ag lorg oibre ó ‘bodairí na tíre’.

  6. Anuas ar sin braithim trua dó sa dán seo mar tá saol deacair ag an spailpín fánach. Dúisíonn sé go luath gach maidin ag taisteal ó áit go háít ag lorg oibre ‘ba mhinic mo thriail go Cluain gheal Meala’, bíonn sé i gcónaí ag éirí tinn de bharr an saol seo ‘ag bailiú galair ráithe’. • Ar an lámh eile tá sé soiléir go bhfuil an spailpín brodúil sa dán seo. Ní raibh sé sásta dul ó áit go háit. Níl aon rogha eile aige toisc go bhfuil an tír faoi chois ag na Sasanaigh. Ach ag an am céanna tá sé brodúil as féín mar déanann sé an obair crua sin níos fearr ná éinne eile ‘ag dul chun tosaigh ceard leo’.

  7. Feicimd frustrachas an fhile sa dán seo mar níl meas ag éinne air, níl sé sásta leis an saol seo. Is fuath leis go bhfuil daoine ag féachaint anuas air mar cheapann sé go bhfuil sé níos fearr ná na bodairí, ‘’s go brách arís ní glaofar m’ainm sa tí seo an spailpín fánach’. Taispeánann sé sin go bhfuil sé frustrach den íomha atá air mar spailpín toisc nach bhfuil aon dínit aige. • Tá fearg air leis na Sasanaigh. Anois níl aon rogha aige ach a bheith ina spailpín fánach. Tá fearg air mar níl sé sasta lena shaol. B‘fhearr leis bheith ag troid in aghaidh na Sasanaigh. ‘ach glacfad fees ó rí na gcroppies, cléith is píc chun sáite’ chun a shaoirse agus a dhínit a bhaint amach arís.

  8. Teicnicí Fileata • Codarsnacht/comparáid – Idir na gnáthdhaoine agus na ‘bodairí’. Feirmeoirí móra ramhra iad, ach daoine beo bocht iad na spailpíní. Bhí na feirmeoirí ag dul timpeall ar capaill ag lorg oibrí chun an obair crua a dhéanamh ach bhí na spailpíní ag siúl ó áít go háit go moch ar maidin, ag éirí tinn ag díol a gcuid saoirse. • Friotal – láídir chun an saol crua a chur in iúl go soiléir – ar nós ‘ag bailiú galair ráithe’. Focail ealaínte ach lán le neart iad. Cruthaíonn siad pictiúr soiléir dúinn den saol crua a bhí ag an spailpín. Anuas ar sin tá ‘ag siúl an drúchta’ fíor suntasach, ealaínte agus láidir. Tuigim ón líne seo go raibh air éirí go luath agus bheith I gcónaí ag bogadh ach is líne fileata deas fós é agus cruthaíonn sé pictúir den tírdhreach álainn go moch ar maidin. • Meafair – • Íomhánna – An spailpín féín, ag lorg oibre, ag siúl ó áit go háit, gan dínit ach fós brodúil. Duine feargach é leis an saol a bhíodh aige ach bhí sé brodúil as an tslí ina dhein sé a chuid oibre. Bhí díomá air toisc go raibh sé ag braith ar a chuid neart agus sláinte ach toisc an saoil a bhí aige bhí sé i gcónaí ag éirí tinn. • Meadaracht – Amhrán – ochtfhoclachas • Atmaisféar – Brónach, díomách, míshásta, ciotach • Eolas – • Cur síos -

  9. Mar a chuaigh an dán i gcion orm… • Mothúcháin láidir síos tríd – fearg, frustrachas, bród • Eolas ón gcéad lámh ar stáid na tíre agus meon an daonra chomh maith le stair soisialta na hÉireann. • Íomhánna – soiléir - bodairí, saol crua náireach, ag lorg poist/margadh hireálta. • Réalaíoch – Bhí a leithéad de chás mórthimpeall na tíre

  10. Mar a chuaigh an dán i gcion ort… • Cé gur dán brónach é An Spailpín Fánach cheap mé go raibh sé fíor-shuimiúil le mothúchán suntasacha agus le léargas spéisiúil ar stair soisialta na tíre….. • Seasann an Spailpín Fánach amach ó na dánta eile ar an gcúrsa toisc go dtugann sé íomhánna dúinn ar conas mar a bhí cúrsaí in Éirinn fadó. • Tá teachtaireacht bhrónach sa dán leis an bhfile ag fulaingt go truamhéalach faoi lámh na Sasanaigh ‘bodairí na tíre’ agus faoina chinniúint náireach mar sclábhaí orthu. Is léir gur fuath leis é sin agus gurb’fhearr leis troid ina choinne ‘cléith is píc chun sáite’. Mhúscail sé sin trua dó ionam agus tuigim gur saol deacair crua a bhí i gceist.

More Related