240 likes | 1.03k Views
Cúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht. Pictiúr a hAon. Abairtí simplí do Phictiúr a hAon. Lá breá samhraidh a bhí ann. Bhí grúpa daltaí ag fanacht taobh amuigh de Choláiste Sheosaimh ar an mbus. Bhí siad ag dul go dtí an Ghaeltacht. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a hAon.
E N D
Cúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht www.isfeidirleat.ie
Pictiúr a hAon www.isfeidirleat.ie
Abairtí simplí do Phictiúr a hAon • Lá breá samhraidh a bhí ann. • Bhí grúpa daltaí ag fanacht taobh amuigh de Choláiste Sheosaimh ar an mbus. • Bhí siad ag dul go dtí an Ghaeltacht. www.isfeidirleat.ie
Forbairt Foclóra ar Phictiúr a hAon • Lá breá samhraidh a bhí ann. Tháinig an lá ar deireadh thiar thall. • Thosaigh an slua ag bailiú go mall taobh amuigh de Choláiste Sheosaimh. • Bhí an bus ann cheana féin. • Ba é seo tús chúrsa Gaeltachta nua. • B’fhiú go mór é chun feabhas a chur ar an nGaeilge labhartha. www.isfeidirleat.ie
Pictiúr a Dó www.isfeidirleat.ie
Abairtí simplí do Phictiúr a Dó • Bhí an bus ag dul siar chuig an Spidéal i gContae na Gaillimhe. • Ba bhus breá compordach é. • Bhí treoraí ón nGaeltacht ag labhairt leis na daltaí faoina radhairc agus faoi rialacha na Gaeltachta. www.isfeidirleat.ie
Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Dó • Nuair a bhí gach duine ann cuireadh tús leis an turas siar. • Bhí duine de na múinteoirí ar an mbus agus thug sé óráid do na daltaí as Gaeilge faoina rialacha agus faoi leagan amach an chúrsa do na daoine nua. • Chloisfeá biorán ag titim ar an mbus. • ‘Tús maith leath na hoibre’ a dúirt sé ó thaobh na Gaeilge de ar an gcúrsa. www.isfeidirleat.ie
Pictiúr a Trí www.isfeidirleat.ie
Abairtí simplí do Phictiúr a Trí • Nuair a shroich an bus an Ghaeltacht fuair na daltaí na málaí. • Bunscoil Bhaile na hAbhann an t-ainm a bhí ar an áit. • Bhí idir sceitimíní agus bhuairt ar na daltaí. Bhí áthas ar roinnt acu ach bhí uaigneas ar dhaltaí eile. www.isfeidirleat.ie
Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Trí • Ní raibh sé fada gur shroich na daltaí a gceann scríbe thiar i gConamara. • ‘Bunscoil Bhaile na hAbhann’ an t-ainm a bhí scríofa ar an scoil. • Fuair na daltaí na málaí agus chuaigh siad isteach sa choláiste. • Bhí neirbhís agus uaigneas ar na daltaí nua agus bhí sceitimíní ar na seanfhondúirí. www.isfeidirleat.ie
Pictiúr a Ceathair www.isfeidirleat.ie
Abairtí simplí do Phictiúr a Ceathair • Bhí ranganna ar siúl gach maidin óna deich a chlog go dtí a haon a chlog. • Ansin bhí am lóin sa bhialann idir a haon agus a dó. I ndiaidh an lóin bhí spórt agus cluiche don iarnóin ar fad. • I ndiaidh am tae bhí seisiún iontach ceoil agus le críoch a chur ar an lá, bhí céilí ann. www.isfeidirleat.ie
Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Ceathair • Cuireadh tús dáiríre le cúrsaí ar an dara lá. • Bhí ranganna ar maidin óna deich a chlog go dtí a haon. Bhí na ranganna iontach ar fad. • I ndiaidh dinnéir a fháil sa bhialann ag am lóin cuireadh tús le himeachtaí na hiarnóna. • De ghnáth bhí rogha spóirt ann idir pheil, sacar agus iománaíocht. • Baineadh an sult as an gcéilí gach oíche le rincí nua a fhoghlaim. www.isfeidirleat.ie
Pictiúr a Cúig www.isfeidirleat.ie
Abairtí simplí do Phictiúr a Cúig • Lá breá brothallach a bhí ann sa phictiúr seo. • Chuaigh na daltaí go dtí an trá. Chuaigh roinnt acu ag snámh. • Ar aghaidh leo ansin go dtí Teach an Phiarsaigh i Ros Muc. Thug siad cuairt ar TG4 agus ar Raidió na Gaeltachta freisin. www.isfeidirleat.ie
Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Cúig • Fuair na daltaí deis dul go dtí an trá nuair a bhí an aimsir go maith. • Ní raibh slua mór ann agus baineadh an-taitneamh as an tsaoirse agus as an spás. • Ina dhiaidh sin, tugadh cuairt ar Teach an Phiarsaigh i Ros Muc, agus ar an mbealach abhaile stop siad ag TG4 agus ag Raidió na Gaeltachta freisin. • B’ iontach an phribhléid í féachaint ar na seoda luachmhara siúd i gceartlár na Gaeltachta. www.isfeidirleat.ie
Pictiúr a Sé www.isfeidirleat.ie
Abairtí simplí do Phictiúr a Sé • Tháinig an lá deiridh go tapaidh agus bhain na daltaí taitneamh agus tairbhe as an gcúrsa. • Bhí an-chuid de na daltaí sásta teacht ar ais an chéad bhliain eile toisc go raibh sé chomh hiontach sin. • Bhí gach duine eile sásta téacs a sheoladh dá chéile chun an teagmháil a choinneáil mar bhí na huimhreacha fóin acu. www.isfeidirleat.ie
Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Sé • Tháinig an lá deiridh beagnach i ngan fhios do na daltaí. • Bhí meascán mór mothúchán ann idir bhrón, uaigneas agus bhriseadh croí. • Bhain na daltaí go léir taitneamh agus tairbhe as an nGaeltacht agus bhí siad lántoilteanach fanacht i dteagmháil lena chéile ar feadh na bliana. • Bhí roinnt mhaith daltaí ag teacht ar ais an bhliain dár gcionn. • Do dhaltaí eile, ba é sin an uair dheiridh dóibh sa Ghaeltacht ach ar a laghad bheadh an Ghaeilge bheo leo mar a deir an seanfhocal ‘Tír gan teanga, tír gan anam’. www.isfeidirleat.ie
Ceisteanna www.isfeidirleat.ie
Ceisteanna Samplacha • Cá raibh na daltaí sa chéad phictiúr anseo? • Cá raibh siad ag dul? • Déan cur síos ar lá Gaeltachta i bPictiúr a Ceathair. • Céard iad na háiteanna eile a raibh siad chun cuairt a thabhairt orthu i bPictiúr a Cúig? • Ar bhain na daltaí taitneamh as an gcúrsa? • An raibh siad sásta teacht ar ais an bhliain seo chugainn? www.isfeidirleat.ie