260 likes | 628 Views
Gadaíocht ar an Traein. Pictiúr a hAon. Abairtí simplí do Phictiúr a hAon. Bhí Mam agus Daid ag fágáil sláin le Cáit agus Caitlín ag an stáisiún traenach. Bhí siad ag teacht ar ais Dé Luain. Bhí traein amháin ag dul go Corcaigh ach bhí na cailíní ag dul go Gaillimh.
E N D
Gadaíocht ar an Traein www.isfeidirleat.ie
Pictiúr a hAon www.isfeidirleat.ie
Abairtí simplí do Phictiúr a hAon • Bhí Mam agus Daid ag fágáil sláin le Cáit agus Caitlín ag an stáisiún traenach. • Bhí siad ag teacht ar ais Dé Luain. • Bhí traein amháin ag dul go Corcaigh ach bhí na cailíní ag dul go Gaillimh. www.isfeidirleat.ie
Forbairt Foclóra ar Phictiúr a hAon • Maidin Dé Sathairn a bhí ann nuair a bhí Mam agus Daid ag fágáil sláin lena mbeirt iníon ag an stáisiún traenach. • Bhí sceitimíní an domhain ar an mbeirt cailín agus iad ag dul go Gaillimh don deireadh seachtaine. • “Bí aireach” agus “ádh mór” a dúirt na tuismitheoirí leo nuair a bhí na cailíní ag imeacht. • Dúirt Caitlín leo go mbeidís ar ais Dé Luain. www.isfeidirleat.ie
Pictiúr a Dó www.isfeidirleat.ie
Abairtí simplí do phictiúr a Dó • Bhí na cailíní ina suí i gcarráiste compordach ar an traein. • Bhí Caitlín ag léamh leabhair agus bhí Cáit ar an idirlíon ar a ríomhaire glúine. • Bhí strainséir ina suí in aice leo. Fear ab ea é www.isfeidirleat.ie
Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Dó • Bhí an t-ádh dearg ar na cailíní go bhfuair siad suíocháin bhreátha compordacha i gcarráiste réasúnta ciúin. • Thóg Caitlín amach leabhar suimiúil a bhí á léamh aici le píosa. • Thosaigh Cáit ag scimeáil ar an idirlíon ar a ríomhaire glúine. • Níor thug na cailíní mórán airde ar an bhfear ciúin a bhí ina suí in aice leo. www.isfeidirleat.ie
Pictiúr a Trí www.isfeidirleat.ie
Abairtí simplí do Phictiúr a Trí • Bhí spéaclaí gréine á chaitheamh ag an bhfear ar an traein. • Bhí tuirse an domhain ar Cháit agus thit sí ina codladh. • Chuir sé a lámh isteach ina mála go ciúin agus ghoid sé a sparán. www.isfeidirleat.ie
Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Trí • Ní raibh sé fada gur mhothaigh Cáit iontach tuirseach. Bhí sí chomh tuirseach traochta gur thit sí ina codladh. • Chuaigh Caitlín go dtí an leithreas ag an am céanna. • Bhí an strainséir in aice léi chomh sleamhain le bolg eascainne agus ghlac sé leis an deis seo a lámh a chur isteach i mála Cháit agus a sparán a ghoid. • Ní fhaca aon duine cad a tharla. www.isfeidirleat.ie
Pictiúr a Ceathair www.isfeidirleat.ie
Abairtí simplí do Phictiúr a Ceathair • Nuair a dhúisigh na cailíní thug siad faoi deara go raibh an sparán imithe. • Bhí an fear imithe freisin. • Bhí eagla an domhain agus fearg an domhain orthu. Bhí siad an-bhuartha faoin sparán. www.isfeidirleat.ie
Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Ceathair • I ndiaidh tamaill bhig bhí airgead ag teastáil óna cailíní ach ní raibh Cáit in ann teacht ar a sparán. • Cuardaíodh an áit ó bhun go barr. D’fhéach siad faoin mbord, ar na cathaoireacha agus ar an urlár. • Ní raibh tásc ná tuairisc ar an sparán. • Go tobann, thit an lug ar an lag ar na cailíní nuair a thug siad faoi deara gur goideadh iad. • Bhí siad an-trína chéile ar fad. www.isfeidirleat.ie
Pictiúr a Cúig www.isfeidirleat.ie
Abairtí simplí do Phictiúr a Cúig • Labhair na cailíní leis an gCigire. • Bhí cur síos ar an sparán agus ar an bhfear a raibh ina suí in aice leo ag teastáil uaidh. • Ghlaoigh sé ar an stáisiún agus thug sé cur síos do na Gardaí ar an bhfear dóibh. www.isfeidirleat.ie
Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Cúig • Chuaigh na cailíní leis an gCigire. Bhí eolas ag teastáil uaidh láithreach faoin bhfear a raibh ina suí in aice leo agus faoin sparán. • Bhí sé dóchasach go mbeidís in ann an gadaí a fháil mar ní raibh aon stáisiún idir sin agus Gaillimh. • Gan mórán moille chuir sé glao ar na Gardaí, a rá leo céard a tharla agus thug sé cur síos cuimsitheach ar an gciontóir chomh maith. www.isfeidirleat.ie
Pictiúr a Sé www.isfeidirleat.ie
Abairtí simplí do Phictiúr a Sé • Ghabh na Gardaí ar an bhfear a ghoid an sparán. • Thug an Garda an sparán ar ais do Cháit. Bhí áthas an domhain uirthi faoi sin. • Bhí an bheirt acu ar mhuin na muice leis an sparán a bheith ar ais acu. www.isfeidirleat.ie
Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Sé • Idir an dá linn bhí na Gardaí ag fanacht ar an ngadaí ag Stáisiún na Gaillimhe. • Gabhadh é agus bhí ríméad an domhain ar na cailíní a sparán a fháil ar ais. • Ghabh siad buíochas den Gharda cairdiúil a chabhraigh leo. • Tháinig an seanfhocal go bhfilleann an feall ar an bhfeallaire chucu chomh maith. www.isfeidirleat.ie
Ceisteanna www.isfeidirleat.ie
Ceisteanna Samplacha • Cá raibh na daoine i bPictiúr a hAon? • Cad a bhí á dhéanamh ag na cailíní i bPictiúr a Dó? • Cé a bhí ina shuí in aice leo? • Cad a rinne an fear nuair a bhí Cáit ina codladh i bPictiúr a Trí? • Cad a thug na cailíní faoi deara nuair a dhúisigh siad i bPictiúr a Ceathair? • Cén t-eolas a bhí ag teastáil ón gCigire i bPictiúr a Cúig? • Cad a tharla ag Stáisiún na Gaillimhe i bPictiúr a Sé? www.isfeidirleat.ie