1 / 9

Saol na hoibre Réamhobair 1

Saol na hoibre Réamhobair 1. Taighde Earnáil Tionscnamh Breisoideachas Tionscadal Teicneolaíocht Faisnéise Deontas Inchuardaithe próiseáil Daonnachtaí Digiteacha Cruinneas

Download Presentation

Saol na hoibre Réamhobair 1

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Saol na hoibreRéamhobair 1 Taighde Earnáil Tionscnamh Breisoideachas Tionscadal Teicneolaíocht Faisnéise Deontas Inchuardaithe próiseáil Daonnachtaí Digiteacha Cruinneas Sealadach Saoire Mháithreachais Dianchúrsa na luathbhlianta Traenáil gharchabhrach Cad is brí leis na focail seo? Bain úsáid as www.focal.ie chun brí na bhfocal a aimsiú.

  2. Saol na hoibreCluiche Cuimhne 1 Le gearradh. Féach na treoracha.

  3. Saol na hoibreCluiche Cuimhne 2 Le gearradh. Féach na treoracha.

  4. Saol na hoibre An Tasc Bí ag obair i ngrúpaí de bheirt. Beidh tú féin agus an duine i do ghrúpa ag cur isteach ar phost. Ansin beidh sibh ag feidhmiú mar fhostóirí agus ag cur agallaimh ar ghrúpa eile. Mar shampla: Tá ról A ag Máire agus Seán. Tá ról B ag Pól agus Síle. Déanfaidh Máire agus Seán liosta de na tréithe / cáilíochtaí a bheadh oiriúnach do phost A – cúntóir taighde. Déanfaidh Pól agus Síle liosta de na tréithe / cáilíochtaí a bheadh oiriúnach do phost B – stiúrthóir naíonra. Ansin, malartóidh siad róil. Beidh ról B ag Máire agus Seán. Beidh ról A ag Pól agus Síle. Beidh siad ag cur agallaimh ar a chéile anois don phost atá os a gcomhair amach. Beidh orthu ceisteanna an agallaimh a ullmhú le cur ar an mbeirt eile. Beidh Máire agus Séan ag cur agallaimh ar Phól agus ar Shíle do phost B – stiúrthóir naíonra. Beidh Pól agus Síle ag cur agallaimh ar Mháire agus ar Sheán do phost A – cúntóir taighde.

  5. Saol na hoibre An Tasc – Ról A Cúntóir Taighde á lorg Tuarastal: €19,665 in aghaidh na bliana Tionscal: Earnáil an Aistriúcháin Láthair: Baile Átha Cliath Tá Foclóir na Nua-Ghaeilge, tionscnamh taighde de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann, ag lorg iarratas do phost mar Chúntóir Taighde (le spéis faoi leith sa teicneolaíocht faisnéise), ar thionscadal maoinithe ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn agus Rialtas na hÉireann, faoin Scéim Deontas do Thionscadal Taighde 2013.Cuideoidh an Cúntóir Taighde le:• téacsanna digitithe a phróiseáil• leathanaigh idirlín a dhearadh agus a fhorbairt• corpas inchuardaithe a fhorbairt ar líne Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag an té a cheapfar:• céim onóracha sa Nua-Ghaeilge• ardscileanna ríomhaireachta, cruthú corpais agus próiseáil teanga san áireamh• spéis sa Ghaeilge agus sna daonnachtaí digiteacha• cruinneas sa Ghaeilge• cumas oibre mar chuid d’fhoireann agus as a stuaim féin

  6. Saol na hoibre An Tasc – Ról B • Stiúrthóir naíonra á lorg • Tuarastal: €38, 000 in aghaidh na blianaTionscal: Obair leis an óige Láthair: Co. Lú • Stiúrthóir naíonra ag teastáil do Naíonra Oiriall, 10 The Forge, Lann Léire, Co. Lú. • Post Sealadach atá ann chun saoire mháithreachais a chlúdach, ag tosú i mí Aibreáin 2014 • Riachtanais: • cumas faoi leith ag obair le leanaí óga • scileanna cumarsáide láidre • ardchaighdeán Gaeilge • dianchúrsa FNT (Forbairtí Naíonra Teoranta): An Cháilíocht Stiúrthóra (nó bheith sásta tabhairt faoi go luath) • cáilíochtaí cuí CDBO (Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna) ag Leibhéal 5 nó 6 nó • céim in oideachas na luathbhlianta • traenáil gharchabhrach • traenáil um chosaint leanaí

  7. Saol na hoibreIarphlé1 • Go minic bíonn an-bhrú ar dhaoine fásta ina saol oibre. Is annamh a bhíonn aon am saor acu agus tagann deireadh lena saol pearsanta féin de réir a chéile. Is féidir an brú céanna a bheith ar dhaltaí na hArdteistiméireachta. Déan an suirbhé seo leis an duine in aice leat le fáil amach an bhfuil sibh ag obair róchrua!! Tabhair pointe amháin duit féin as gach freagra atá fíor fút féin. • Mothaím nach mbíonn go leor ama agam dom féin go minic, nó do mo chuid cairde. F_ B _ • Is amhlaidh go bhfuil rud éigin le déanamh agam gach nóiméad de gach lá. F_ B _ • Níl cuimhne agam ar an lá deireanach, ina iomláine, a ghlac mé saor chun spraoi a bheith agam. F_ B _ • Mothaím faoi bhrú i gcónaí. F_ B _ • Tá dearmad déanta agam ar an uair dheireanach a léigh mé leabhar iomlán nach raibh baint aige leis an Ardteistiméireacht. F_ B _ • Bím tuirseach rómhinic. F_ B _ • Ní dheachaigh mé chuig scannán nó ceolchoirm nó a leithéid le míonna. F_ B _ • Oibrím go díograiseach mar tá eagla orm nach bhfaighidh mé post maith amach anseo. F_ B _

  8. Saol na hoibre Iarphlé2 • Is minic nach mbíonn go leor ama agam dinnéar a ithe le mo theaghlach de bharr an iomarca oibre. F_ B _ • Tarlaíonn sé anois is arís nach n-éiríonn liom codladh na hoíche a fháil mar bíonn strus orm. F_ B _ • Torthaí • 0-2 Tá saol breá agat agus is léir nach bhfuil tú faoin iomarca brú. Bíodh an chothromaíocht sin i do shaol go deo. • 3-4 Is léir go bhfuil go leor struis i do shaol. Ná déan dearmad sult a bhaint as an saol go rialta nó gheobhaidh an strus sin an lámh in uachtar ort. • 5+ Tá tú ag obair an iomarca agus caithfidh tú bheith an-chúramach nó rachaidh do shaol as a riocht ar fad. Caithfidh tú athruithe a chur i bhfeidhm i do shaol anois sula mbeidh sé ródhéanach.

  9. Saol na hoibre Iarphlé3 • Líon isteach an méid ama ba mhaith leat a bheith agat sna réimsí seo a leanas: • Obair bhaile • Sláinte • Tú féin • Spioradáltacht • Saothrú airgid • Caidrimh • Pobal • Anois líon isteach an méid ama atá agat faoi láthair sna réimsí céanna. • Obair bhaile • Sláinte • Tú féin • Spioradáltacht • Saothrú airgid • Caidrimh • Pobal

More Related