220 likes | 505 Views
Seánra(cineál) a gus fosheánra. Cineálacha scríbhneoireachta. Seánra = Catagóir = cineál. Is féidir gach píosa scríbhneoireachta a rannú i gcatagóir nó i seánra . Bainfimid úsáid as 5 phríomh-sheánra a gus 15 fhosheánra. Ficsean. D rámaíocht. N eamhfhicsean. Béaloideas. Filíocht.
E N D
Seánra(cineál) agusfosheánra Cineálacha scríbhneoireachta
Seánra= Catagóir = cineál Is féidir gach píosa scríbhneoireachta a rannú i gcatagóir nó i seánra. Bainfimid úsáid as 5 phríomh-sheánra agus15 fhosheánra.
Ficsean Drámaíocht Neamhfhicsean Béaloideas Filíocht Ficsean réalaíoch Scríbhneoireacht eolais Sí scéal Coiméide Finscéal Ficsean stairiúil Traigéide Scríbhneoireacht áititheach Scéal áibhéileach Ficsean eolaíochta Beathaisnéis Miotas Fantaisíocht Dírbheathaisnéis fabhalscéal
5 Phríomh-sheánra • Ficsean: scríbhneoireacht chumtha nó shamhlaíoch • Drámaíocht: dráma nó script • Neamhfhicsean: scríbhneoireacht atá fíor • Béaloideas: scéalta a cuireadh ar aghaidh ó bhéal go béal ag pointe amháin. • Filíocht: scríbhneoireacht a bhfuil áilleacht na teanga ina tréith lárnach ann.
Fosheánraí ficsin • Ficsean stairiúil: suite san am atá thart, agus bunaithe ar fhíordhaoine agus/nó imeachtaí. • Ficsean eolaíochta: bíonn eachtráin (aliens), róbait, teicneolaíocht thodhchaíoch agus/nó spásárthaigh ann. • Ficsean réalaíoch: níl aon rian den fhantaisíocht ann; d’fhéadfadh sé a bheith fíor, ach níl. • Fantaisíocht: tá arrachtaí,draíocht, nó carachtair le sárchumhachtaí ann.
Cad tá i gceist le drámaíocht? Scéalta scríofa i bhfoirm scripte. Sampla Múinteoir: Seasaigí suas agus rachaimid ar shiúlóid. Dalta A: Ghortaigh mé mo chos agus ní thig liom siúl. Fosheánraí drámaíochta Coiméide: bíonn críoch shona ann. Traigéide: críochnaíonn sé le bás agus brón.
Fosheánraí neamhfhicsin • Scríbhneoireacht áititheach: déantar iarracht tionchar a imirt ar an léitheoir. • Scríbhneoireacht eolais: mínítear rud éigin. Iriseoireacht, aiste, ciclipéid, mar shampla. • Dírbheathaisnéis: scéal shaol an údair • Beathaisnéis: scéal saoil duine eile Dír = ag baint le Beatha = saol fhaisnéis = cur síos
Fosheánraí béaloidis Scéalta béaloideasa: De ghnáth ní fios cé a scríobh iad, nó bíonn siad athchóirithe ag an údar. • Fabhalscéal: scéal gearr le pearsantú déanta ar ainmhithe agus bíonn teagasc ann. Pearsantú: tréithe a bhaineann le daoine Teagasc: ceacht nó teachtaireacht san fhabhalscéal • Miotas: bíonn déithe agus bandéithe ann agus de ghnáth bíonn cuntas ann ar rud éigin a chruthú.
Fosheánraí béaloidis(ar lean) Scéal áibhéileach • Scéalta faoi Fhionn Mac Cumhaill • Déantar áibhéil ar scileanna/méid/neart an phríomhcharachtair. • Tá greann san áibhéil Finscéal • Bunaithe ar fhíordhuine nó ar fhíoráit. • Déantar áibhéil ar shonraí an scéil ionas nach neamhfhicsean níos mó é. • Áibhéil déanta ar bhealach dáiríre
Fosheánraí béaloidis(ar lean) Síscéal: bíonn draíocht ann agus/nó ainmhithe a labhraíonn. • Go minic tosaíonn mar seo “Fadó, fadó…” • Cosúil le fantaisíochtach i bhfad níos sine. • Go minic is duine é an príomhcharachtar • Bíonn ainmhithe a labhraíonn i bhfabhalscéalta fosta, ach tá siadsan an-ghearr.
Dul siar Ficsean: ficsean stairiúil, ficsean eolaíochta, ficsean réalaíoch, agus fantaisíocht. Drámaíocht: coiméide agus traigéide. Neamhfhicsean: scríbhneoireacht áititheach, scríbhneoireacht eolais, beathaisnéis agus dírbheathaisnéis. Béaloideas: miotas, finscéal, scéal áibhéileach, síscéal, agus fabhalscéal. Filíocht:Ní phléifear an fhilíocht anseo.
Ceisteanna Sna samplaí seo a leanas gheobhaidh tú teideal agus cur síos gairid ar ábhar na scríbhneoireachta. Breac síos: • An seánra • An fosheánra • Cúiseanna le do fhreagra. Comharthaí sóirt, nó tréithe a bhaineann leis an gcineál sin scríbhneoireachta.
1 Leabhar Mór an Eolais Údair éagsúla Ciclipéid a dhéanann cur síos ar an gcine daonna, ar an saol mórthimpeall agus ar an domhan mór lasmuigh.
2 Wagner – a shaol agus a shaothair Le Seosamh Mac Liam Cur síos ar shaol an chumadóra ón Ghearmáin, ar an stíl cheoil a chleachtaigh sé, agus ar na claontaí a bhí aige i gcoinne na nGiúdach.
3 Scéalta Aesóip Athinste ag Carol Watson Meascán de scéalta gearra cáiliúla, mar shampla An Toirtís agus an Giorria; An Préachán a raibh tart air; An Leon agus an Luchóg.
4 An Triail Máiréad Ní Ghráda Scéal tragóideach a phléann deacrachtaí a bhaineann le máthair shingil, agus dearcadh claonta an phobail faoina cás. Oiriúnach le cur ar stáitse do dhaltaí scoile nó do dhaoine fásta.
5 Harry Potter agus an tÓrchloch J.K. Rowling Eachtraí an draoi, Harry, agus a chairde aistrithe go Gaeilge.
6 Mo Bhealach Féin Seosamh Mac Grianna Ba dhuine ann féin é Seosamh Mac Grianna, agus tá an-éagsúlacht idir é féin agus a dheartháir Séamas. Sa leabhar seo insíonn Seosamh dúinn cad a rinne sé i rith a shaoil agus cén fáth a ndearna sé mar sin é.
7 Caillte i lár na farraige móire Máire Ní Mhurchú Tuairisc a scríobh Máire faoin eitleán a chuaigh ar strae le 239 duine ar bord in 2014. D’fhulaing clanna na ndaoine a bhí ar bord go mór agus iad ag fanacht ar scéal faoin mistéir.
8 Hurlamaboc Éilís Ní Dhuibhne Eachtraí triúr déagóirí i mbruachbhaile i mBaile Átha Cliath – Ruán, Emma agus Colm. Comharsana ar comhaois, iad ar fad ag ullmhú don Ardteist, ach éagsúil ó thaobh cúlra, aicme agus pearsantachta.
9 An Bradán Feasa Ní fios cé a chum Bhí eolas iomlán an domhain ar fáil sa bhradán speisialta seo. Gheobhadh an chéad duine a bhlaisfeadh an t-iasc an t eolas sin. Bhí Fionn Mac Cumhaill á chócaráil nuair a chuir sé a ordóg i spuaic ar chraiceann an bhradáin. B’aige a bhí fios an uile ní feasta.
Freagraí • Neamhfhiscean – scríbhneoireacht eolais • Neamhfhicsean – beathaisnéis • Béaloideas – fabhalscéal • Drámaíocht – traigéide • Ficsean - fantaisíocht • Neamhfhicsesan – Dírbheathaisnéis • Neamhfhicsean – scríbhneoireacht eolais, iriseoireacht. • Ficsean – ficsean réalaíoch • Béaloideas - finscéal